Tá an-áthas orainn a fhógairt gur foilsíodh ár gcéad eolaí aitheantais i nGaeilge riamh, atá ar fáil anois ón Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta, anseo: https://www.biodiversityireland.ie/shop/
Tá sé seo ar an deichiú heolaí i sraith eolaithe aitheantais ar Bhithéagsúlacht na hÉireann agus ar an gcéad cheann dá leithéid a aistríodh go Gaeilge. Dúirt Oisín Duffy, Oifigeach Suirbhéanna agus Taifead leis an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta: “Tá sé iontach an t-eolaí aitheantais ‘Crainn agus Toir’ a fheiceáil agus é aistrithe go Gaeilge. Cabhróidh sé le daoine ár 35 crann agus tor dúchasach, chomh maith leis na speicis is coitianta a tugadh isteach sa tír, a shainaithint.”
“Is féidir an t-eolaí a úsáid chun crainn agus toir a shainaithint sa samhradh, agus gnéithe amhail cruth an duille, bláthanna agus torthaí á n-úsáid agus is féidir é a úsáid sa gheimhreadh trí leas a bhaint as eochair aitheantais na gcraobhóg sa gheimhreadh. Bhí tábhacht nach beag ag baint le crainn sa mhiotaseolaíocht, sa bhéaloideas agus in oidhreacht chultúrtha na hÉireann, agus dá bhrí sin bhí sé ábhartha an treoir seo a aistriú go Gaeilge”.
Tá súil ag an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta go mbeimid ábalta leagan Gaeilge d’eolaithe aitheantais eile a sholáthar.
Tá na heolaithe aitheantais eile sa tsraith Ireland’s Biodiversity liostaithe thíos:
Ireland’s Biodiversity: Trees and shrubs
Ireland’s Biodiversity: Bumblebees
Ireland’s Biodiversity: Butterflies
Ireland’s Biodiversity: Terrestrial Mammals
Ireland’s Biodiversity: Shieldbugs
Identification Guide to Ireland’s Dragonflies and Damselflies
Ireland’s Biodiversity: Ladybirds
Ireland’s Biodiversity: Marine Bivalve Shells
Ireland’s Biodiversity: Intertidal Seaweeds
Is acmhainn úsáideach do nádúraithe nó do thaifeadóirí spreagtha iad na heolaithe aitheantais; tá siad beag agus éadrom agus is féidir iad a iompar i do phóca agus tú amuigh faoin spéir, agus ag an am céanna tá siad lán le heolas agus le sonraí chun cabhrú le húsáideoirí iarracht mhaith a dhéanamh chun speicis a shainaithint nuair a theastaíonn cúnamh uathu.
Tabhair cuairt ar ár siopa ar líne anseo. Cosnaíonn gach eolaí aitheantais €6.00 (níl aon CBL i gceist). Má dhéantar ordú ceannaigh de 20 eolaí nó níos mó ar an mórchóir is féidir lascaine a fháil má théann tú i dteagmháil leis an bhfoireann san Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta trí r-phost ag info@biodiversityireland.ie, nó ar an bhfón ag 051 306 240.
Ordaigh do chóip anseo: https://www.biodiversityireland.ie/shop/