Is é atá sna trí leabhrán ná bainistiú gnáthóige i gcomhair an Fhritileáin Réisc, an Ghormáin Bhig agus an Fhraocháin Bhig. Tugtar buntreoir shonrach maidir leis na speicis agus na bagairtí atá ar gach ceann ar leith i ngach leabhrán. Tá na leabhráin dírithe ar na húinéirí talaimh go léir atá sásta a mbainistiú a athrú chun tacú leis na speicis. Cuimsítear bainistiú beostoic, bainistiú scrobarnaí agus athrú cleachtais lomtha sna gníomhartha chun riachtanais gach speicis ar leith ar feadh a shaolré a shásamh. Is féidir an chuid is mó de na gníomhartha atá sna leabhráin, nó b’fhéidir iad uile, a chur i gcrích gan aon chostas ar an úinéir talaimh agus beidh tairbhe mhór ann do na speicis.