Agus bliain eile de ghníomhaíocht taifeadta an-láidir againn, ní haon ionadh é go bhfuil an chloch mhíle de 100,000ú taifead a cuireadh isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann sroichte againn.
Ba é an 100,000ú taifead ná Magairlín an ioscáin (Coelglossum viride) nó Frog Orchid as Béarla agus ba as Cathair Chomáin, Co. an Chláir é. Chuir Eamonn Twomey taifead an speicis seo isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann ar an 03/07/2022.

Tháinig an taifead lá amháin níos luaithe ná mar a tharla in 2020 agus 4 lá níos déanaí ná in 2021, rud a léiríonn gurb iad deireadh mhí an Mheithimh agus tús mhí Iúil na tréimhsí is dóchúla chun an éacht dochreidte seo a bhaint amach.
Bhí an ghníomhaíocht taifeadta don chéad sé mhí den bhliain seo ar leibhéal fíor-ard, le trí mhí fiú ag dul thar ghníomhaíocht taifeadta 2021, agus meán de 542 taifead á gcur isteach gach lá!
Nuair a cuireadh an 100,000ú taifead in iúl dó, thug Eamonn Twomey cúlra dúinn faoin taifead féin agus faoin ngrá atá aige do Bhoirinn agus don domhan nádúrtha:
Tá Magairlín an ioscáin (Coeloglossum viride) a thaifead mé ar an 3 Iúil 2022 mar chuid de dhá phlota a ndéanaim monatóireacht orthu mar chuid de Scéim Monatóireachta ar Phlandaí de chuid an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Tá na daonraí suite i gCathair Chomáin i gcroílár Bhoirne, Co. an Chláir agus tá siad mar chuid de Pháirc Náisiúnta Bhoirne. Tá suíomh Chathair Chomáin suite ar ardchlár ar thalamh ard Bhoirne agus aillte géara aolchloiche ag teorannú an tsuímh ar thrí thaobh. Tá an suíomh comhdhéanta de mósáic ghnáthóg lena n-áirítear Coill Chnó Coill, Carst Aolchloiche, agus Féarach Calcaireach agus Saibhir ó thaobh Magairlíní de. Ní hamháin go bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis an suíomh seo mar gheall ar a ghnáthóga agus a speicis, ach tá tábhacht mhór stairiúil ag baint leis freisin le roinnt séadchomharthaí náisiúnta, go háirithe Caiseal Chathair Chomáin atá faoi chúram OPW.

Tháinig mé ar an daonra seo de Mhagairlín an ioscáin den chéad uair thart ar 2014 nuair a thosaigh mé ag obair i bPáirc Náisiúnta Bhoirne mar Threoraí. Táim ag déanamh monatóireachta ar dhaonraí Mhagairlín an ioscáin i gCathair Chomáin ó 2017 i leith.
In éineacht le Magairlín an ioscáin, déanaim taifead freisin ar dhaonraí de Mhagairlín na heitilte (Ophrys insectifera) agus Magairlín dlúthbhláthach (Neotinea maculata) i láithreacha eile i mBoirinn agus tá páirt glactha agam freisin sa Scéim Monatóireachta Féileacán ó 2016 i leith.

Bhí an-suim agam sa domhan nádúrtha ó bhí mé óg, rud a d'fhág gur rinne mé staidéar ar an Éiceolaíocht. Is bealach domsa an taifeadadh chun nascadh leis an domhan nádúrtha mórthimpeall orainn agus tuiscint níos fearr a fháil air. Bíonn tionchar dearfach ag an dúlra ar mo fholláine, agus is leithscéal iontach é an taifeadadh chun dul amach agus taiscéaladh a dhéanamh, agus is fearr fós má thagann cairde leat. Tá súil agam mar thaifeadóir go gcabhróidh mo chion beag le tuiscint níos fearr a fháil ar an dúlra in Éirinn agus go gcabhróidh sé leis na dúshláin atá roimh ár ndomhan nádúrtha faoi láthair agus amach anseo.

Seo a bhí le rá ag Oisín Duffy, Oifigeach Suirbhéanna agus Taifead, faoin 100,000ú taifead:
Is léir gur bliain iontach eile í 2022 don taifeadadh bitheolaíoch. Agus an 100,000ú taifead ag teacht isteach ag tús mhí Iúil agus ar an meán níos mó ná 540 taifead á gcur isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann gach lá. Ní féidir an leibhéal taifeadta seo a bhaint amach ach trí am, iarracht agus saineolas ár líonra taifeadóirí eolaíochta saoránaí agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis na taifeadóirí go léir as a gcuid breathnuithe a chur isteach i mbliana.
Tá tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann ar fáil le húsáid ag duine ar bith; má fheiceann tú speiceas suntasach agus má tá tú cinnte faoina chéannacht, cuir na sonraí isteach chuig https://records.biodiversityireland.ie/ ionas gur féidir an breathnóireacht a chur lenár mbunachar sonraí bithéagsúlachta náisiúnta. Ceadóidh sé seo dúinn leanúint ar aghaidh ag tógáil an bhoinn eolais maidir leis na speicis atá againn in Éirinn agus cabhróidh sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil siad dáilte.