Is táscairí tábhachtacha iad féileacáin ar shláinte thimpeallacht na hÉireann. Is grúpa feithidí iontach go deo iad le haghaidh monatóireachta toisc nach bhfuil ach líon beag speiceas ann, tá ceangail láidre acu le plandaí bia agus le cineálacha fásra, agus freagraíonn siad go tapa d'athruithe ar an aimsir. Oibríonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta roinnt scéimeanna monatóireachta éagsúla ar fhéileacáin, gach ceann acu le fócas difriúil. Éilíonn gach ceann acu líon na bhféileacán a fheictear a chomhaireamh de réir gnáth-mhodheolaíochta ionas gur féidir aon treochtaí daonra atá suntasach go staitistiúil a bhrath.
Monatóireacht & rianú athraithe
Pailneoirí
Tá sé mar aidhm ag an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta caomhnú pailneoirí a chur chun cinn trí shonraí níos fearr. Braitheann sé go hiomlán ar fhlaithiúlacht taifeadóirí deonacha a ghlacann páirt agus a chuireann sonraí isteach faoi bheacha agus faoi bheach ghabhair na hÉireann. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach agus muid ag dul ar aghaidh le cur i bhfeidhm an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann. Ní bheidh rath ar an bPlean Pailneoirí ach amháin má fheicimid méadú ar dháileadh agus ar líon ár mbeach fiáin agus feithidí eile. Is eol dúinn go mór gan do chabhair maidir le sonraí a bhailiú agus a chur isteach nach mbeimis in ann é sin a rianú.
Snáthaidí móra agus béichuileanna
Is suirbhé uile-Éireann é Dragonfly Ireland 2019 – 2024 ar shnáthaidí móra agus béichuileanna, agus ar a ngnáthóga. Tá sé á chomhordú ag an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta i bPoblacht na hÉireann agus ag an tIonad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta i dTuaisceart na Éireann. Maoiníonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Dragonfly Ireland 2019 – 2024 mar chuid de thionscadal eolaíochta saoránaí a scrúdaíonn acmhainneacht speiceas uisceach mar bhith-tháscairí ar athrú aeráide agus ar cháilíocht uisce. I measc spriocanna an tionscadail tá sonraí faoi shnáthaidí móra agus béichuileanna na hÉireann a bhailiú a chuirfidh le hAtlas nua Snáthaidí Móire in 2024, úsáid snáthaidí móra agus beichuileanna a fhiosrú mar bhith-tháscairí ar cháilíocht gnáthóg fionnuisce, agus dul i dteagmháil leis an bpobal chun feasacht a mhéadú ar cháilíocht uisce agus ar athrú aeráide. Táimid ag lorg oibrithe deonacha chun Snáthaidí Móra agus béichuileanna a thaifeadadh agus suirbhéanna a dhéanamh ar a gcuid bogaigh agus uiscebhealaí áitiúla.
Bithéagsúlacht na Mara
An rinne tú cuairt ar an gcósta le déanaí? Más amhlaidh, ar chaith tú aon am ag fiosraigh ár bhfiadhúlra muirí cósta? Más ea, an raibh tú in ann aon cheann de na speicis a chonaic tú a aithint, agus ar thaifead tú do chuid breathnuithe? Is tionscadal Eolaíochta Saoránaí é Fiosraigh Cois Fharraige!, arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, a dhíríonn ar ár n-eolas ar dháileadh ár speiceas idirthaoideach a mhéadú, ar a n-acmhainneacht mar bhith-tháscairí ar cháilíocht uisce agus ar athrú aeráide a fhiosrú, agus ar aird a tharraingt ar ghníomhaíochtaí is féidir linn uile a dhéanamh chun dul i ngleic le truailliú uisce agus téamh domhanda. Táimid ag lorg oibrithe deonacha chun a mbeatha mhuirí áitiúil a thaifeadadh agus chun suirbhéanna bithéagsúlachta cois chladaigh a dhéanamh. Gníomhaíonn Fiosraigh Cois Fharraige! freisin mar phríomhlárionad do bhailiú sonraí Eolaíochta Saoránaí maidir le Bithéagsúlacht Mhuirí in Éirinn, mar sin tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin chun eolas a fháil faoi na bealaí iomadúla iontacha ar féidir leat a bheith páirteach i dtaifeadadh Bithéagsúlachta na Mara!
Monatóireacht ar phlandaí neamhchoitianta
Sheol an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta an Scéim Monatóireachta ar Phlandaí Neamhchoitianta i 2017. Nuair a chuireann duine éigin taifead de phlanda neamhchoitianta nó faoi bhagairt isteach chuig an tIonad, cuirtear ceist orthu an mbeidís sásta cuairt a thabhairt ar an daonra plandaí neamhchoitianta uair sa bhliain le linn a thréimhse bláthanna agus an líon iomlán daoine aonair atá i láthair a chomhaireamh. Cuirfidh na comhairimh bhliantúla seo comharthaí luatha rabhaidh ar fáil maidir le bagairtí agus cabhróidh siad le cruinneas measúnuithe caomhnaithe sa todhchaí a fheabhsú.
Suirbhéanna comhpháirtíochta
Tá go leor tionscnamh ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil chun breathnuithe ar éagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann a bhailiú agus a mhapáil. Tá áthas ar an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta tacú le heagraíochtaí comhpháirtíochta agus oibriú leo chun tacú lena dtionscnaimh féin lenár dtuiscint ar bhithéagsúlacht na hÉireann a fheabhsú.