Fiosruithe na Meáin
Oibríonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta lena chinntiú go n-aithnítear luach uathúil agus bunúsach na bithéagsúlachta don tsochaí agus do leas an duine. Déanaimid sonraí agus eolas faoi bhithéagsúlacht na hÉireann níos inrochtana chun feabhas a chur ar thuiscint agus chun eolas a thabhairt maidir lena caomhnú agus lena hathchóiriú. Oibrímid i gcomhpháirtíocht chun tacú le tionscnaimh a chuireann le tuiscint agus le rannpháirtíocht daoine sa bhithéagsúlacht, agus leis na bealaí inar féidir í a chothabháil agus a fheabhsú.