1. Eolas ar bhithéagsúlacht na hÉireann a fheabhsú: Feidhmiú mar an lárionad náisiúnta chun sonraí ar bhithéagsúlacht na hÉireann a fháil, a chomhordú, a bhainistiú, a bhailíochtú agus a chur ar fáil, agus rianú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an bhithéagsúlacht ag athrú le himeacht ama.
2.Tacú le gníomhaíochtaí fianaisebhunaithe níos fearr maidir le caomhnú agus athchóiriú bithéagsúlachta: Úsáid sonraí géiniteacha, speiceas agus gnáthóg agus faisnéisíochta bithéagsúlachta a chur chun cinn i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile, chun eolas níos fearr a thabhairt don dea-chleachtas, do bheartas agus do chinnteoireacht trí anailís nuálach sonraí, léirmhíniú agus tuairisciú.
3.Úsáid sonraí bithéagsúlachta a chur chun cinn don eolaíocht agus don chinnteoireacht: Tacú le riachtanais sonraí agus faisnéisíochta bithéagsúlachta ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe le haghaidh taighde, forbairt beartais agus cinnteoireachta.
4.Líonra na heolaíochta saoránaí agus an taighde a neartú: Cumas a fhorbairt laistigh den líonra eolaíochta saoránaí chun taitneamh, rannpháirtíocht agus meas ar bhithéagsúlacht áitiúil a chothú, foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, agus feabhas a chur ar chainníocht agus ar cháilíocht na sonraí a ghintear ón eolaíocht shaoránach ar bhithéagsúlacht na hÉireann.
5.Bithéagsúlacht a chur in iúl: Luach éagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann a chur in iúl agus tacú le gníomhaíochtaí caomhnaithe agus úsáide talún dearfacha, fianaisebhunaithe ar fud shochaí na hÉireann.
6.Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta atá nuálach, solúbtha agus cuntasach a thógáil le cur ar a chumas freagairt do riachtanais beartais phoiblí atá ag teacht chun cinn agus le cumas an stáit chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na bithéagsúlachta a neartú.