I rith na bliana 2023 bhí leibhéal iontach gníomhaíochta taifeadta ann ar fud réimse leathan de ghrúpaí tacsanaíocha éagsúla. I rith mhí Iúil sháraíomar mórchloch mhíle bhliantúil agus an 100,000ú taifead curtha isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann.
B'ionann an 100,000ú taifead i mbliana agus an tAimiréal Dearg (Vanessa atalanta) nó Red Admiral as Béarla agus ba as Port an Dúnáin, Co. Ard Mhacha é. Cuireadh an taifead don Aimiréal Dearg isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann ar an 13/07/2023 ag Peadar Guy.
Seo an méid a dúirt Peadar nuair a cuireadh in iúl dó gurbh é an taifead a rinne sé den Aimiréal Dearg an 100,000ú ceann a cuireadh isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann:
Le bheith ionraic bhí iontas orm, baineadh siar asam agus bhí mé níos mó ná beagán umhal gurbh mise an duine a raibh an t-ádh air an 100,000ú taifead a chur isteach.
Nuair a chuaigh mé ar scor roinnt blianta ó shin, bhí rún daingean agam gan a bheith díomhaoin. Ó shin i leith, tá obair dheonach á déanamh agam ag cúlchiste fiadhúlra áitiúil agus tá cúpla cúrsa grianghrafadóireachta déanta agam. Chabhraigh obair faoin aer le mo chuid grianghrafadóireachta a fhorbairt agus go han-luath bhí mé ag tógáil pictiúir de phlandaí, fungais, féileacáin agus go leor eile. Dúisíodh mo shuim sa saol nádúrtha as an nua, suim a bhí riamh agam ach nach raibh an t-am agam riamh roimhe sin í a fhiosrú.
Domsa, is leanúint é an taifeadadh ar an méid a fheicim, an méid a thógaim grianghraf de agus an méid a aithním. Leanann mo ghníomhaíocht taifeadta na séasúir agus faoi láthair, de réir mar a bhíonn an fómhar ag druidim linn, táim ag claonadh i dtreo fungais a thaifeadadh.
Spreag an taifeadadh mé chun mo shúile a oscailt don saol nádúrtha thart orm agus ceisteanna a chur ar nós, cén planda é sin; cén fáth a bhfuil an dath sin air agus cén fáth gurbh fhearr leis an suíomh seo ná ceann eile? Is minic gur dúshlán é freagraí a fháil ar cheisteanna mar seo ach is mór an sásamh é freisin.
De réir mar a athraíonn na séasúir, spreagann gníomhaíocht taifeadta mé chun athchuairt a thabhairt ar an méid a d'fhoghlaim mé sna blianta roimhe seo agus é a athbhreithniú, agus mo chuid eolais ar an saol nádúrtha a fhorbairt i ngach cineál treo. De réir mar a leanann mo chuair foghlama ar aghaidh, tá an oiread sin eile fós le fáil amach agus le taifeadadh agam.
Maidir leis an bhféileacán Aimiréal Dearg a thóg mé grianghraf de ar an 13 Iúil, bhuel, níor ghá dom taisteal rófhada chuige sin. Ba é mo ghairdín cúil an suíomh agus Buddleia, a cuireadh cúpla bliain ó shin chun féileacáin agus pailneoirí eile a mhealladh, an planda óstach. Ní gá ach monatóireacht agus taifeadadh a dhéanamh i mo ghairdín cúil le bheith in ann a rá gur dhócha gur bliain iontach a bheadh ann do chuid dár bhféileacáin ar nós: an tAimiréal Dearg, an Gormán Cuilinn agus an Bán Mór. Agus is amhlaidh a tharla sé anseo i dtuaisceart Cho. Ard Mhacha.

Bhí an méid seo le rá ag an Oifigeach Suirbhéanna agus Taifead Oisín Duffy faoin 100,000ú taifead:
Tá 2023 ag cruthú a bheith ina bhliain iontach eile don taifeadadh bitheolaíoch. Cé gur cloch mhíle bhliantúil taifeadta atá anseo anois, is fiú aird a tharraingt ar an méid ollmhór iarrachta, ama agus saineolais a thugann ár líonra taifeadta uathu go flaithiúil. Agus taifid curtha isteach thar 5,000 tacsa éagsúil, táimid thar a bheith buíoch as an doimhneacht eolais seo a chuirtear isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann. Mar is gnáth, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil lenár líonra iomlán taifeadta eolaíochta saoránaí as a gcuid taifead a chur isteach i mbliana.
Tá Tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann ar fáil le húsáid ag duine ar bith; má fheiceann tú speiceas suntasach agus má tá tú cinnte de céard é, cuir na sonraí isteach chuig https://records.biodiversityireland.ie/ le go bhféadfar an breathnú a chur lenár mbunachar sonraí bithéagsúlachta náisiúnta. Ligeann sé seo dúinn leanúint ar aghaidh ag tógáil an bhoinn eolais ar na speicis atá againn in Éirinn agus cabhrú linn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil siad scaipthe.