GO RAIBH MÍLE MAITH AGAT do gach duine a chuir taifid isteach don dara Scinneadh Snáthaide Móire de chuid 2019 mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Fuaireamar freagairt iontach, le 488 taifead de 21 speiceas as 28 contae curtha isteach i rith na seachtaine.
Chuaigh Co. Chill Dara chun tosaigh go luath le ceannas dochloíte agus chríochnaigh siad an tseachtain le 108 taifead ollmhór curtha isteach! Chuaigh an dara háit chuig Co. Laoise le 51 taifead agus chuaigh an tríú háit chuig Co. Chorcaí le 44 taifead.
Ba é an Sciorraí Coiteann an speiceas ba mhinice a taifeadadh go mór mór le 118 taifead faighte, agus ina dhiaidh sin an Seabhac Donn (61 taifead) agus an tImpire Snáthaide Móire (46 taifead). Ba é an Ghormánach Choiteann an speiceas béichuile ba mhinice a taifeadadh.
Cuireadh gach taifead isteach sa chrannchur le haghaidh cóip de 'Guide to the Dragonflies and Damselflies of Ireland' le Robert Thompson agus Brian Nelson agus ba í an buaiteoir ná…. Mairéad Ní Chuirc! Mar sin comhghairdeas le Mairéad agus tá súil againn go mbeidh an leabhar úsáideach duit i do thaifeadadh snáthaidí móra agus béichuileanna amach anseo.
Cé go bhfuil an samhradh ag druidim chun deiridh anois, leanann taifeadadh snáthaidí móra agus béichuileanna ar aghaidh tríd an Meán Fómhair ar fad agus, má cheadaíonn an aimsir, isteach i mí Dheireadh Fómhair… nó fiú mí Shamhna!
-
Taifid de réir Contae

Taifid de réir Contae

Speicis a Taifeadadh
