Tá feithidí pailnithe na hÉireann faoi bhagairt, agus tá baol díothaithe ar thrian dár 98 speiceas beacha fiáine. Tá sé mar aidhm ag Plean Pailneoirí Uile-Éireann an meath seo a aisiompú agus tá 42 gníomh ar leith bunaithe ar fhianaise aitheanta aige chun talamh poiblí, talamh feirme agus talamh príobháideach a dhéanamh báúil do phailneoirí. Réimsíonn na gníomhartha ó laghdú ar ghearradh féir – chun ligean do bhláthanna fiáine fás ar thailte poiblí, go dtí cosaint a thabhairt do láithreáin neadaithe agus laghdú ar úsáid lotnaidicídí. Cuireann na treoirlínte Comhairle: Gníomhartha do Phailneoirí (www.pollinators.ie/councils) 30 gníomh a thacaíonn le pailneoirí ar fáil le roghnú astu. Tá treoracha ann do gach gníomh, moltaí maidir le cén áit a bhféadfaí é a chur i bhfeidhm, cén fhoireann a d'fhéadfadh cabhrú, agus cód plandála a thacaíonn le pailneoirí.
Ó foilsíodh Plean Pailneoirí Uile-Éireann in 2015, tá údaráis áitiúla ar fud an oileáin tar éis tacaíocht a thairiscint agus polasaithe a thacaíonn le pailneoirí a ghlacadh. Chomh maith le foireann na bpáirceanna a thraenáil ar ghníomhartha, laghdú ar ghearradh féir, agus aistriú chuig plandáil a thacaíonn le pailneoirí, tá bealaí nuálacha agus cruthaitheacha aimsithe ag foireann i go leor comhairlí freisin chun cabhrú le móiminteam a thabhairt don Phlean Pailneoirí.
Seo roinnt samplaí den chaoi a bhfuil údaráis áitiúla tar éis tacú le Plean Pailneoirí Uile-Éireann. Níl an liosta seo uileghabhálach ar chor ar bith:
- Mhaoinigh Oifigí Oidhreachta Chomhairle Contae Phort Láirge, Chomhairle Contae Thiobraid Árann, agus Chomhairlí Contae Chill Mhantáin, Chill Chainnigh agus Chill Dara táirgeadh físeán ar líne faoin bPlean Pailneoirí, agus faoi ghníomhartha ar leith ar thalamh feirme, móinéir, sceacha agus monatóireacht, a bhí thar a bheith luachmhar chun feasacht a chruthú i measc lucht féachana leathan.
- Tá líonra na nOifigeach Feasachta Comhshaoil ag obair lena ngrúpaí áitiúla Bailte Slachtmhara agus Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí, ag maoiniú tionscadal áitiúil a thacaíonn le Plean Pailneoirí Uile-Éireann.
- In 2019, mhaoinigh Comhairle Contae Fhine Gall feachtas mór feasachta, lena n-áirítear dáileadh ábhar, agus feachtas foscadáin bus agus póstaeir; agus tá plean acu feachtas fógraíochta pictiúrlainne a reáchtáil in 2020.
- Mhaoinigh go leor Oifigeach Oidhreachta priontáil ábhar an Phlean Pailneoirí go díreach agus dháil siad iad ansin trí LRPanna áitiúla, grúpaí Bailte Slachtmhara, cumainn chónaitheoirí, agus scoileanna áitiúla.
- Reáchtáil go leor comhairlí ceardlanna Forbartha Gairmiúla Leanúnaí (CPD) ar ghníomhartha a thacaíonn le pailneoirí d'fhoireann na Comhairle chomh maith le hoiliúint don Scéim Monatóireachta Bumbóg.
- Ghlac cuid mhór d'fhoireann na bpáirceanna ar fud na tíre leis an bPlean Pailneoirí ó chroí agus chuir siad a bpáirceanna isteach ar Ghradam Pailneoirí an Bhrataigh Ghlais do Pháirceanna.
- Thug Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin athruithe móra isteach ar a mbainistíocht féir ar fud an chontae, ag bogadh i dtreo réimeas bainte féir a thacaíonn le pailneoirí, chomh maith le bheith ar thús cadhnaíochta i dtrialacha ar mhalartóirí ar lotnaidicídí ceimiceacha.
- In 2019, chomh-mhaoinigh Comhairle Contae Chorcaí agus Comhairle Cathrach Chorcaí ár gcomhdháil bhliantúil. Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag óstáil Chomhdháil 2021 ar Chaomhnú Pailneoirí, chomh maith le seimineáir ghréasáin in 2020.
- Maoiníonn Líonra na nOifigeach Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Gradam Pailneoirí Údaráis Áitiúil na mBailte Slachtmhara, atá ar siúl ó 2016 i leith, agus tá os cionn 160 baile agus sráidbhaile ag glacadh páirte sa chomórtas agus deirtear linn go bhfuil níos mó ná 80% den tuairim is 1,000 iontrálaí ginearálta de chuid na mBailte Slachtmhara ag déanamh gníomhaíochtaí do phailneoirí anois.
- Tá Comhairle Buirge Chósta Chlochán an Aifir agus na nGleannta freagrach as tionscadal spreagúil ar a dtugtar 'Ná Gearr, Lig Dó Fás', a dhíríonn ar chaomhnú féarach leathnádúrtha ar chiumhaiseanna bóithre áitiúla agus féarach taitneamhachta, ag cruthú go leor gnáthóg a thacaíonn le pailneoirí.
- D'fhorbair Comhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin an chéad Phlean Bonneagair Ghlais 2019-2032 agus an Plean Gníomhaíochta Bonneagair Ghlais gaolmhar i dTuaisceart Éireann. Is cuid lárnach den phlean seo í an bhithéagsúlacht agus chonaic sé cruthú Plean Pailneoirí do spásanna glasa faoi úinéireacht na comhairle agus ceannach trealaimh chun an réimeas bainistíochta féir a athrú ag príomhspásanna glasa in 2020. "Cuireann an plean seo feabhas ar nascacht éiceolaíoch, cuireann sé le glanbhuntáiste bithéagsúlachta agus ardaíonn sé luach caipitil nádúrtha reatha na suíomhanna seo do phailneoirí faoi £6,500 / bliain. Cuirfidh an t-athrú seo cosc freisin ar 1.6 Tonna d'astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin mar gheall ar an laghdú ar ghearradh féir."

Tá 55% de na Comhairlí cláraithe cheana féin mar chomhpháirtithe faoi Chreat Comhpháirtíochta Phlean Pailneoirí Uile-Éireann:
- Comhairle Buirge Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach (Samhain 2019)
- Comhairle Buirge na hArda agus an Dúin Thuaidh (Aibreán 2019)
- Comhairle Contae an Chláir (Feabhra 2020)
- Comhairle Cathrach Chorcaí (Meán Fómhair 2019)
- Comhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin (Aibreán 2020)
- Comhairle Contae Dhún na nGall (Eanáir 2020)
- Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (Márta 2019)
- Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (Márta 2019)
- Comhairle Contae Fhine Gall (Márta 2019)
- Comhairle Cathrach na Gaillimhe (Bealtaine 2020)
- Comhairle Contae Chiarraí (Meitheamh 2019)
- Comhairle Contae Chill Chainnigh (Feabhra 2019)
- Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (Feabhra 2019)
- Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh (Márta 2019)
- Comhairle Contae Mhaigh Eo (Meitheamh 2019)
- Comhairle Contae na Mí (Samhain 2019)
- Comhairle Contae Mhuineacháin (Meitheamh 2019)
- Comhairle Contae Uíbh Fhailí (Aibreán 2020)
- Comhairle Contae Átha Cliath Theas (Samhain 2019)
- Comhairle Contae Thiobraid Árann (Aibreán 2019)
- Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge (Aibreán 2019)
- Comhairle Contae Loch Garman (Aibreán 2019)
- Comhairle Contae na hIarmhí (Feabhra 2020)
- Comhairle Contae Chill Mhantáin (Samhain 2019)
Leis na dúshláin chomhshaoil atá ann faoi láthair, lena n-áirítear an tAthrú Aeráide, tairgeann Plean Pailneoirí Uile-Éireann foireann uirlisí d'údaráis áitiúla chun seirbhísí éiceachórais saor in aisce a sholáthraíonn feithidí pailnithe a chosaint, agus ag an am céanna cabhrú le gach bithéagsúlacht. Tá tuairim is 23 údarás áitiúil tagtha chun bheith ina gcomhpháirtithe foirmiúla, ag cruthú líonra chun eolas a roinnt ar fud an oileáin. Bhí comhairlí a d'éirigh leo deireadh a chur le húsáid lotnaidicídí in ann treoir a thairiscint do dhaoine eile. Bhí údaráis a laghdaigh baint féir i limistéir phoiblí in ann ceachtanna a foghlaimíodh agus leideanna a chur ar aghaidh maidir leis an gcaoi ar sháraigh siad dúshláin phraiticiúla a bhain le bainistíocht féir nó ar fhreagair siad d'imoibrithe an phobail ar fhéar níos faide.
Tá súil againn go ndéanfaidh gach Údarás Áitiúil machnamh ar chlárú mar chomhpháirtithe AIPP ionas gur féidir linn, le chéile, athruithe dearfacha a dhéanamh ar son na bithéagsúlachta agus cás ár bpailneoirí a fheabhsú.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach: www.pollinators.ie/councils
– Juanita Browne, Oifigeach Tionscadail an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann
