Tá Réamh-sheicliosta d’Algaí na hÉireann curtha le chéile ag Michael D. Guiry (Meán Fómhair, 2019).
Baintear an réamh-sheicliosta d’ainmneacha reatha d’algaí fionnuisce, mara agus talún (aerófaíteacha san áireamh) na hÉireann as na sonraí dáileacháin in AlgaeBase amhail Meán Fómhair 2019, agus tá gach ainm agus a fhoinse inrianaithe ar líne ansin. Tá tuairim is 2,879 ainm speicis reatha san áireamh faoi láthair. Cuimsítear naoi bhfíleam/roinn, ocht gcinn acu as an Eukaryota agus ceann amháin (Cyanobacteria) as an Prokaryota.
Tá seicliostaí náisiúnta ar fáil do dheismidí (John, Williamson & Guiry, 2011) agus feamainn (Guiry 2012), agus do dhiatóim le Carter in Wolnik & Carer (2014).