Tá Athbhreithniú Bliantúil 2018 an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta foilsithe.
Cuireann an t-athbhreithniú cuid de bhuaicphointí na hoibre a sheachaid an tIonad Sonraí i rith 2018 i láthair. Cuirtear na buaicphointí i láthair mar chás-staidéir éagsúla faoi na seacht gcuspóir straitéiseacha, eadhon:
- Sonraí a shlógadh
- Athrú a rianú
- Bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht
- Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt
- Comhoibriú idirnáisiúnta
- Cumarsáid a dhéanamh
- An bonn taifeadta a neartú
Léiríonn an tuarascáil luach straitéiseach obair an Ionaid Sonraí, leagann sí béim ar an tábhacht a bhaineann le bonn fianaise a thógáil ar bhithéagsúlacht na hÉireann agus ar an gcaoi a bhfuil sí ag athrú, agus léiríonn sí go soiléir an breisluach is féidir a bhaint as bailiú agus bainistiú sonraí bitheolaíocha.
Íoslódáil cóip den tuarascáil anseo (5MB): Athbhreithniú Bliantúil Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta 2018.
