
Foláireamh Speicis maidir le: Cornfhoiche Áiseach (Vespa velutina).
Eisithe ag: an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta thar ceann na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS). Preasráiteas eisithe ar an 7 Bealtaine 2021.
Cúis leis an eisiúint: chun fógra a thabhairt faoin gcéad radharc deimhnithe in Éirinn d'eiseamal amháin de chornfhoiche Áiseach, Speiceas Coimhthíoch Ionrach de chuid an Aontais atá rialáilte.
Stádas tabhairt isteach: Níl sé i láthair. Fuarthas aonán amháin ‘beo ach ag fáil bháis’ ar an 25 Aibreán, 2021.
An bhfuil eiseamal tagartha ann?: Tá. Dheimhnigh an Dr. A. O’Hanlon ó Ard-Mhúsaem na hÉireann gur cornfhoiche Áiseach baineann (Vespa velutina) dathfhoirm nigrithorax a bhí san eiseamal cornfhoiche Áisigh. Coimeádfar an t-eiseamal i mbailiúcháin an mhúsaeim.
Dáileadh aitheanta an choirnfhoiche Áisigh in Éirinn:
Is é seo an chéad radharc deimhnithe de chornfhoiche Áiseach in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Thángthas ar an aon choirnfhoiche amháin i ngaráiste tí ar thaobh thuaidh Bhaile Átha Cliath. Níl aon chomhartha de nead sa chomharsanacht agus ar bhonn an fhaireachais leanúnaigh, níl aon fhianaise ann go bhfuil an chornfhoiche Áiseach bunaithe in Éirinn faoi láthair.
Conair an tabhartha isteach:
Ní fios na himthosca maidir le conas a tháinig an t-eiseamal isteach sa tír. Tá go leor conairí tabhartha isteach féideartha ann, go háirithe go limistéir uirbeacha gar do mhoil agus pointí iontrála a bhfuil nascacht fhorleathan réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta acu. I bhfianaise na bpatrún aimsire le déanaí le sruth aeir fionnuar aduaidh a lean ar aghaidh don dara leath de mhí Aibreáin, is lú an seans gur scaipeadh nádúrtha ó réigiúin chomharsanachta a bhí i gceist.
Gníomhartha freagartha a glacadh:
- Eiseamal bailithe ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus deimhnithe mar Vespa velutina.
- Gheall an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) go ndéanfaí faireachas breise láithreach ar an gCornfhoiche Áiseach, go háirithe timpeall ar phointí iontrála in Éirinn a bhfuil rochtain dhíreach acu ar mhór-roinn na hEorpa lena n-áirítear calafoirt agus aerfoirt mar aon le moil mhóra dáileacháin.
- Cuirfear gaistí faireachais eile i suíomhanna straitéiseacha ón bpointe braite bunaidh i mBaile Átha Cliath 3. Tá sé seo sa bhreis ar an gclár beachlainne faire a reáchtálann DAFM i gcomhar le beachairí deonacha. Baineann sé seo le faireachas ar an gCornfhoiche Áiseach ag beachlanna atá suite i suíomhanna straitéiseacha ar fud na hÉireann.
- Fógra foirmiúil chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le brath an choirnfhoiche Áisigh in Éirinn eisithe ar an 7 Bealtaine 2021 faoi Rialachán an AE maidir le Speicis Choimhthíocha Ionracha (1143/2014)
- Preasráiteas eisithe ar an 7 Bealtaine 2021 ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra den Roinn Tithíochta.
- Foláireamh speicis eisithe ar an 7 Bealtaine 2021 ar shuíomh gréasáin agus ar chuntais meán sóisialta an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
- Cothaíonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta feidhm tuairiscithe ar líne: https://records.biodiversityireland.ie/record/invasives
Buíochas leis an taifeadtair as fógra a thabhairt don Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta faoin radharc le grianghraif agus as an eiseamal a choinneáil lena dheimhniú ag an Dr. A. O’Hanlon.
Achoimre ar na hiarmhairtí féideartha:
Is creachadóir é an chornfhoiche Áiseach ar bheacha meala, foichí, pailneoirí eile cosúil le bumbóga, cuileoga foluaineacha agus damháin alla, a úsáideann sí go príomha chun a cuid larbhaí a chothú. Tá an chreach seo tábhachtach do phailniú barra chomh maith le flóra fiáin agus d'fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag cur isteach ar a ndaonraí ar bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí pailnithe. Is iad beacha meala a príomhchreach agus d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith aige sin don earnáil táirgthe meala. Mar sin féin, braitheann acmhainneacht na Cornfhoiche a bheith ina speiceas ionrach in Éirinn ar a coilíneachtaí a bhunú go rathúil anseo.
Déanfaidh an chornfhoiche Áiseach daoine a ghoi freisin ach go ginearálta, níl an gha níos measa ná ga ó aon bheach nó foiche in Éirinn. Bíonn éagsúlacht san imoibriú a bhíonn ag daoine óna nga – mar a bhíonn le gathanna foiche nó beaiche – ó at beag bíogach logánta cosúil le hurtacáire de ghnáth, go dtí imoibriú dian anaifiolacsais níos annaimhe.

Gnéithe aitheantais: Cornfhoiche mhór a bhfuil cuma dhorcha uirthi go ginearálta le héadan oráisteach. Tharla cásanna gur meascadh í le speicis dhúchasacha in Éirinn, áfach, is féidir leis na tréithe seo a leanas cabhrú le haithint:
- Banríon suas le 3 cheintiméadar & oibrí suas le 2.5 ceintiméadar ar fhad
- Aeróga dorcha
- Éadan fada oráisteach
- Tóracs go hiomlán donn nó dubh, mar sin níl aon stríoca ar an gcuid lárnach/tóracs.
- Bolg dubh den chuid is mó ach amháin banda buí trasna an 4ú deighleog le deighleoga íochtaracha scothdhearga.
- Cosa buí ag na foircinn
- Tá gath beag tanaí aici atá in-aistarraingthe agus mar sin ní bhíonn sé le feiceáil de ghnáth.
Cliceáil ar an treoir chomparáide chun an chornfhoiche Áiseach a aithint seo chun cabhrú le haithint.
Cad ba cheart dom a dhéanamh agus cé leis ar cheart dom teagmháil a dhéanamh?
- Cuir eolas ar ghnéithe aitheantais an choirnfhoiche Áisigh
- Tuairiscigh radhairc a bhfuil amhras fúthu in Éirinn le grianghraf tríd an bhfoirm ar líne seo https://records.biodiversityireland.ie/record/invasives nó tríd an aip Biodiversity Data Capture.
- Tuairiscigh radhairc a bhfuil amhras fúthu i dTuaisceart Éireann trí: Aip Asian Hornet Watch; an fhoirm thaifeadta ar líne CEDaR; ag iRecord nó cuir glaoch ar an bhFoireann um Speicis Choimhthíocha Ionracha ag Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann – Teil: 028 9056 9558
- Má tá beachlann agat agus más mian leat amhras faoi chornfhoiche Áiseach a thuairisciú nó má tá imní ort faoi shláinte beach, déan teagmháil leis an Aonad Gairneoireachta agus Sláinte Plandaí de chuid DAFM. Ríomhphost: beekeeping@agriculture.gov.ie
- Má tá tú ag taisteal chuig tíortha ina bhfuil daonraí bunaithe den chornfhoiche Áiseach, bí san airdeall le do thoil agus seiceáil do chuid giuirléisí agus feithiclí sula bhfilleann tú le haghaidh aon speiceas a d’fhéadfadh teacht mar 'shleamhnán'. San Eoraip, tá an chornfhoiche Áiseach i láthair i go leor tíortha lena n-áirítear an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Phortaingéil, an Spáinn agus cuid d'Oileáin Mhuir nIocht agus tá sí ag scaipeadh go tapa. Féach Feachtas DAFM Don’t Risk it.
- Tá sé tábhachtach nár cheart go mbeadh ró-fhreagairt ann do radhairc d'fheithidí móra eile ar nós foichí adhmaid agus gnáthfhoichí sóisialta dúchasacha. Tá sé riachtanach nach ndéanfaí spriocdhíriú ar speicis eile, cur isteach orthu ná iad a scriosadh de bharr go bhfuarthas an t-aonán amháin seo den chornfhoiche Áiseach.
- Le haghaidh ceisteanna ginearálta nó faisnéise a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha, seol ríomhphost chuig an NPWS ias@housing.gov.ie agus féach An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (npws.ie)
Acmhainní Breise:
- Leathanach gréasáin Chumann Beachairí na hÉireann ar an gcornfhoiche Áiseach le naisc chuig faisnéis bhreise an-úsáideach: www.irishbeekeepers.ie/beekeeping/asian-hornet/
- An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) Bileog eolais faoin gCornfhoiche Áiseach
- Cuntas speicis tagartha don chornfhoiche Áiseach: https://species.biodiversityireland.ie/profile.php?taxonId=187087&taxonName=vespa%20velutina
- Cuntas speicis Invasive Species Ireland ar an gcornfhoiche Áiseach agus acmhainní breise: http://invasivespeciesireland.com/species-accounts/potential/terrestrial/asian-hornet
- Is féidir teacht ar nuashonruithe maidir le nuacht an choirnfhoiche Áisigh ón Ríocht Aontaithe ag: www.gov.uk/government/publications/asian-hornet-uk-sightings