
Tá deimhniú déanta ar an gcornfhoiche Áiseach ionrach (Vespa velutina var. nigrithorax) den chéad uair sa Bhreatain Mhór.
Is creachadóir thar a bheith ionsaitheach ar fheithidí dúchasacha í an chornfhoiche Áiseach agus is bagairt shuntasach í do bheacha meala agus do phailneoirí eile. Bhíothas ag súil le teacht na cornfhoiche Áisí sa Bhreatain Mhór le fada toisc go bhfuil sí ag leathadh go mear ó taifeadadh den chéad uair í sa Fhrainc in 2004.
Cuireadh plean freagartha teagmhais i bhfeidhm i gceantar Tetbury i Gloucestershire mar a bhfacthas í.
Tá obair chun aon neadacha a aithint, a scriosadh agus a bhaint ar siúl cheana féin, lena n-áirítear:
- crios faireachais 3 mhíle a bhunú timpeall ar Tetbury
- ionad rialaithe áitiúil a oscailt chun an fhreagairt a chomhordú
- cigirí beach a imscaradh ar fud an cheantair a bhainfidh úsáid as ceamaraí infridhearga agus gaistí chun aon neadacha a aimsiú
- saineolaithe ar dhiúscairt neadacha a ullmhú a bhainfidh úsáid as lotnaidicídí chun na cornfhoichí a mharú agus aon neadacha a scriosadh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin radharc agus faoin bhfreagairt sa Bhreatain Mhór féach ar shuíomh gréasáin Rúnaíocht Speiceas Neamhdhúchasach na Breataine Móire: www.nonnativespecies.org//news/index.cfm?id=227
**Nuashonrú: Aimsíodh agus scriosadh nead cornfhoiche Áisí i gceantar Tetbury: http://www.bbc.com/news/uk-england-gloucestershire-37550428. Deimhníodh an chornfhoiche Áiseach freisin ó thuaidh de Chnoic Mendip i Somerset: http://www.nonnativespecies.org/news/index.cfm?archive=true
Ní fios go bhfuil an chornfhoiche Áiseach i láthair in Éirinn ach cuir eolas ar a cuma le do thoil agus má cheapann tú go bhfaca tú cornfhoiche Áiseach déan í a thuairisciú láithreach chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta le grianghraf ag https://records.biodiversityireland.ie/record/invasives nó seol ríomhphost chuig invasives@biodiversityireland.ie.
Is féidir leat treoir aitheantais thapa a íoslódáil a chuireann cuma na cornfhoiche Áisí i gcomparáid leis an eireaball adharcach mór dúchasach ar minice a dhéantar í a mheascadh leis in Éirinn. Déantar í a mheascadh go minic leis an gcornfhoiche Eorpach sa Bhreatain Mhór ach níl sí seo i láthair in Éirinn. Íoslódáil treoir aitheantais chomparáide don chornfhoiche Áiseach.
In 2015, d'eisigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Nóta Faisnéise faoi Lotnaidí Beach ar an gcornfhoiche Áiseach, féach: asianhornetinfosheet120515
