
Tá an tIonad Sonraí thar a bheith sásta a fhógairt go seolfaidh Éanna Ní Lamhna Atlas Mamach in Éirinn 2010-2015 Dé Céadaoin an 18 Eanáir ag an gComhairle Oidhreachta, Áras na hOidhreachta i gCill Chainnigh.
Más mian leat freastal ar an ócáid, seol ríomhphost chuig info@biodiversityireland.ie faoi Dé Luain an 16 Eanáir. Is féidir an tAtlas a cheannach ónár siopa ar líne ag https://www.biodiversityireland.ie/shop/ nó ag an ócáid seolta féin.