I rith na Seachtaine Oidhreachta seo, ba mhaith linn go gcuardóidh tú aon cheann den 20 speiceas thíos agus go gcuirfidh tú sonraí faoi aon radhairc díobh isteach. Is meascán de veirteabraigh agus d'inveirteabraigh ó ghrúpaí tacsanomaíocha éagsúla iad na speicis a roghnaíodh. Is féidir gach ceann de na speicis a aithint sách héasca, ar choinníoll go dtugtar aird chúramach ar phríomhthréithe aitheantais. Is féidir gach taifead a chur isteach trínár bhfoirm thaifeadta thiomnaithe ar líne: Foirm Thaifeadta Bithéagsúlachta Cúil
![]() |
PéacógFéileacán mór láidir, a bhfuil ceithre shúil shainiúla le feiceáil air nuair a bhíonn sé ar foscadh. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Níl patrún cosúil leis seo ag aon speiceas Éireannach eile. |
![]() |
Ruán BeagFéileacán geal daite, a bhfuil cuma dhiandhearg-oráiste air go ginearálta ach le himeall gorm sainiúil ar a uachtar sciatháin. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Níl banna poncanna gorma ar a sciatháin sheachtracha ag aon speiceas Éireannach eile. |
![]() |
Aimiréal DeargIs féileacán mór é an tAimiréal Dearg a bhfuil bannaí leathana dearga agus bána ar thaobh uachtair a chuid sciathán i gcodarsnacht le cuid istigh dhorcha na sciathán agus na colainne. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Tá barr sciatháin le banna bán comhchosúil ag an Áilleagán, ach tá dath oráiste air i gcomparáid le dath donn dorcha an Aimiréil Dheirg. |
![]() |
Fríd SceicheTá cuma ghlas ar an iomlán le breacaigh dhearga air agus barra dearga sainiúla ar na guaillí. Tá an réimse triantánach ar an droim idir na guaillí (ar a dtugtar an scúitéil) go hiomlán glas agus tá barra dearga ar na guaillí. Tá loinnir dhearg i dtreo chúl na feithide san áit a dtagann na sciatháin thar a chéile. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Tá Fríd na Beithe níos lú, le guaillí cruinne seachas bioracha. |
![]() |
Fríd GhlasGlas ar fad seachas paiste sainiúil níos dorcha san áit a dtagann seicní na sciathán thar a chéile ar chúl na feithide. Tá cruth ‘sciatha’ ar an gcorp, ní cruth cruinn. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Tá cúpla speiceas fríde eile ann atá glas, ach tá roinnt marcanna dearga ar na cinn eile. |
![]() |
Cirdéir ChoiteannTá uachtar coirp (tórags) rua sainiúil agus ribí dubha ar an mbolg ag an speiceas seo. Tá sé ar cheann de na speicis bumbóige is coitianta agus is forleithne. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Níl ribí dubha ar bholg an Chirdéir Mhóir, tá siad buí ina n-ionad. Is speiceas i bhfad níos teirce é an Cirdéir Mór freisin. |
![]() |
Mianadóir LiathBeach dhorcha, a bhfuil dhá bhanna liatha shainiúla ar a huachtar coirp (tórags). Is minic a fheictear í ag dul isteach ina poill neada ar bhruacha cré agus i limistéir eile d'ithir nocht. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Níl aon speiceas beacha aonair eile ann atá díreach dubh leis an dá bhanna liatha. |
![]() |
Bóín Dé seacht spotaAn bhóín Dé is coitianta. Tá seacht spota uirthi, trí cinn ar gach taobh den chorp agus seachtú ponc mór dubh taobh thiar den cheann. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Níl patrún poncanna cosúil leis seo ag aon speiceas bóíní Dé dearga eile.
|
![]() |
Bóín Dé 14 SpotaLeid Aitheantais: Is bóín Dé bheag bhuí í an bhóín Dé 14 spota a bhfuil marcanna sainiúla dronuilleogacha ar a corp. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Tá an bhóín Dé 22 spota buí freisin, ach tá níos mó spotaí uirthi atá cruinn i gcruth. |
![]() |
Bóín Dé 22 spotaIs bóín Dé bheag bhuí í seo a bhfuil poncanna cruinne dubha ar a corp. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Tá an Bhóín Dé 14 Spota buí freisin, ach tá níos lú marcanna uirthi a fhoirmíonn patrún geoiméadrach. |
![]() |
Beach Gabhair MharmalóideSpeiceas coitianta agus forleathan de bheach gabhair. Tá sí dath dubh agus buí, le bannaí sainiúla feadh an bhoilg a scarann ó speicis bheacha gabhair eile í. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Tá go leor beacha gabhair stríocacha dubha agus buí eile in Éirinn, ach níl an patrún bannaí áirithe seo ar an mbolg ag aon cheann acu. |
![]() |
Damhán Portáin BláthannaIs féidir leis an Damhán Portáin Bláthanna a bheith éagsúil i ndath ó bhán go buí agus úsáideann sé duaithníocht oiriúnaitheach chun cúlra an chinn bhlátha a shuíonn sé air a ghlacadh chuige féin. As seo fanann sé ar chuairteoirí gan amhras chun an bhlátha sula ngreamaíonn sé a chreach. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Níl dath agus marcanna cosúla ag aon speiceas damháin alla eile. |
![]() |
Mána Garbh DúighLeid Aitheantais: Is beacán sainiúil iad Mánaí Garbha Dúigh. Beacáin arda i gcruth sorcóra a éiríonn dúchmhar agus a leánn le himeacht ama. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Tá speicis eile mánaí dúigh ann, ach ní bhíonn an chuma bhán, gharbh chéanna orthu. |
![]() |
GráinneogNí féidir dul amú leis an speiceas seo toisc gurb é an t-aon speiceas de mhaineach Éireannach a bhfuil clúdach spíonach air. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Dada. |
![]() |
Sionnach RuaCosúil le madra i gcuma, ach le fionnadh donnrua agus eireaball fada dosach, a mbíonn barr bán air de ghnáth. Tá cluasa feiceálacha ina seasamh aige, a bhfuil barra agus cúl dubh orthu. Speicis mhearbhaill: Níor cheart é a mheascadh le haon speiceas eile. |
![]() |
Gealbhan BinneFeictear é go hiondúil i ngrúpaí beaga teaghlaigh a bhíonn glórach, gar do thithe agus do chlóis fheirme.. Tá cuma dhonnliath ar an iomlán air le stríoca datha dhuinn níos dorcha ar a dhrom. Bíonn leicne bána ag na fireannaigh agus bibe shainiúil dhubh faoina ngob. Speicis mhearbhaill: Gealbhan Crainn, speiceas atá níos lú agus nach bhfuil chomh coitianta céanna. Bíonn caipín rua-dhonn ar na fireannaigh, i gcomparáid le caipín liath an Ghealbhain Bhinne. |
![]() |
DruidÉan glórach fuinniúil. Is cosúil go bhfuil sé go hiomlán dubh ó chian agus gob biorach geal air, ach i ngar dó, bíonn loinnir mhiotalach ghlas/chorcra ar a chlúmh dhubh le poncanna níos éadroime. Is cosúil go bhfuil sé i bhfad níos caol ná an lon dubh, agus eireaball gearr biorach air. Speicis mhearbhaill: Lon Dubh, ach bíonn cruth níos cruinne ar an lon dubh le heireaball fada agus ní bhíonn loinnir mhiotalach air. |
![]() |
FáinleogLeid Aitheantais: Tá drom snasta gorm/dubh agus Taobhanna Íochtaracha Uachtarbhána ar an bhFáinleog. Tá eireaball sainiúil agus suntasach fada uirthi agus tógtar a nead taobh istigh d'fhoirgnimh. Speicis mhearbhaill: Gabhla Gall, a bhfuil más bán air. Bíonn an Gabhla Gainimh donn, ach ní dhéanann sé nead i ngairdíní. |
![]() |
Earc SléibheCosúil le laghairt ó thaobh cuma de, ach is fearr leis an earc sléibhe áiteanna taise, scáthmhara. Póraíonn sé i locháin i rith an earraigh agus an tsamhraidh agus tá craiceann mínghlan air cosúil le frog. Is féidir earca sléibhe a fháil amach ó uisce san fhómhar agus sa gheimhreadh, agus déanann siad geimhreadh faoi chlocha agus faoi adhmad. Speicis mhearbhaill: Laghairt, a bhfuil craiceann lannach uirthi agus a fheictear de ghnáth ag bolgadh na gréine in áiteanna grianmhara. |
![]() |
Loiscneach ChoiteannSpeiceas a bhfuil an-aithne air. Bíonn sé le fáil i bhformhór na ngairdíní áit a leagann sé a shliocht sainiúil go luath sa bhliain. Is féidir teacht ar dhaoine fásta ag am ar bith den bhliain. Speicis a bhféadfaí é a mheascadh leo: Dada. |



















