06 Bealtaine 2011
Le Scaoileadh Láithreach
An chéad uair a facthas Racún sa nádúr in Éirinn agus an tríú huair a facthas turtar bolgbuí faoi deara d'eolaithe an rabhadh a thabhairt agus iarraidh ar úinéirí peataí a bheith níos freagraí lena gcuid peataí.
I gcomhar le Speicis Ionracha Éireann (Invasive Species Ireland), tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta tar éis Foláirimh maidir le Speicis Ionracha a eisiúint anois don dá speiceas, an racún agus an turtar bolgbuí. Dúirt Colette O’Flynn ón Ionad Sonraí 'is é seo an chéad uair a facthas racún sa nádúr in áit ar bith in Éirinn agus cuireann sé leis an treocht mhéadaitheach maidir le líon na speiceas peataí a thuairiscítear sa nádúr'.
Rinneadh an tuairisc ar an racún chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ar an 26ú Aibreán. Tá an breathnú deimhnithe ag saineolaithe anois. Is as Meiriceá Thuaidh ó dhúchas do racúin. San Eoraip, áit a mheastar go bhfuil siad ar cheann den 100 Speiceas Ionrach is Measa, taifeadadh sa nádúr den chéad uair iad sa Ghearmáin i 1927 agus tá siad scaipthe go leor codanna de mhór-roinn na hEorpa. Seachas an Ghearmáin, ní mheastar go bhfuil an speiceas coitianta san Eoraip.
Tá imní shuntasach ann faoin bhféidearthacht go dtabharfaí paraisítí agus galair nua isteach a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shláinte an duine agus ar speicis dhúchasacha. Is eol go n-iompraíonn racúin an phéist chruinn racúin (Baylisascaris procyonis) a d'fhéadfadh a bheith marfach do dhaoine. Ina raon dúchais i Meiriceá Thuaidh, tá racúin ar cheann de na veicteoirí confaidh is tábhachtaí cé go bhfuil siad sa Ghearmáin. Cosúil le go leor speiceas ionrach, is féidir leis an racún tionchar a imirt ar bhithéagsúlacht dhúchasach trí chreachadh a dhéanamh ar speicis dhúchasacha, tionchar a bheith aige ar éin a neadaíonn ar an talamh agus dul san iomaíocht le haghaidh acmhainní.
Tuairiscíodh an turtar bolgbuí do Dan Minchin, saineolaí ar speicis ionracha, i rith mhí Aibreáin 2011. Is é seo an tríú huair anois a facthas an turtar sa nádúr in Éirinn. Bíonn na tionchair a bhaineann leis an turtar bolgbuí níos deacra a thuar. Níl sé feiliúnach go hidéalach dár n-aeráid in Éirinn agus ní chreidtear go bhfuil sé in ann atáirgeadh go rathúil. Mar sin féin, is féidir leis tionchar a imirt ar rath pórúcháin roinnt speiceas éan, ar inveirteabraigh dhúchasacha agus ar amfaibiaigh.
Tá John Kelly ag Speicis Ionracha Éireann ag iarraidh ar úinéirí peataí 'Bíodh Ciall Peataí Agat' a chleachtadh agus aire a thabhairt dá speicis pheataí ar bhealach nach ligeann dóibh éalú isteach sa nádúr in Éirinn. D'fhorbair Speicis Ionracha Éireann treoirlínte d'úinéirí peataí chun cabhrú leo cinntí eolasacha a dhéanamh agus peata á roghnú acu nó nuair a bhíonn cinneadh deacair le déanamh maidir le cad ba cheart a dhéanamh nuair nach bhfuil tú in ann aire a thabhairt do pheata a thuilleadh. Cé go bhféadfadh sé a bheith cosúil le gníomh cineálta peata nach dteastaíonn a scaoileadh saor sa nádúr, is minic nach amhlaidh atá. Bíonn peataí ag brath go ginearálta ar a n-úinéir le haghaidh cúraim agus ní bhíonn siad in ann aire a thabhairt dóibh féin i gcónaí. Féadfaidh sé, i go leor cásanna, a bheith cruálach don ainmhí agus tá sé mídhleathach freisin formhór na speiceas peataí a scaoileadh saor in Éirinn.
Dúirt In. O’ Flynn ón Ionad Sonraí 'ní mór dúinn a fhios a bheith againn an bhfuil na speicis seo agus speicis eile a d'fhéadfadh a bheith ionrach níos forleithne in Éirinn. Táimid ag iarraidh ar dhaoine den phobal a bheith ag faire amach do na speicis neamhghnácha seo sa nádúr agus cásanna a fheictear a thuairisciú don Ionad Sonraí nó do Speicis Ionracha Éireann'.
Críoch
Nótaí d'Eagarthóirí
- Tá grianghraif de na heiseamail a aimsíodh in Éirinn ar fáil – seol ríomhphost chuig coflynn@biodiversityireland.ie chun iad a iarraidh.
- D'eisigh an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus Speicis Ionracha Éireann na Foláirimh maidir le Speicis Ionracha. Tá siad ar fáil le híoslódáil ó shuíomh gréasáin na n-eagraíochtaí faoi seach.
- Is é an t-ainm eolaíoch ar an Racún ná Procyon lotor.
- Is é an t-ainm eolaíoch ar an turtar bolgbuí ná Trachemys scripta scripta.
- Níor aisghabhadh an racún a chonacthas i gContae Chorcaí ón nádúr. Iarrtar ar dhaoine den phobal a bhfuil cónaí orthu sa limistéar seo aon uair eile a fheictear an t-ainmhí a thuairisciú.
- Aisghabhadh an turtar ón nádúr agus táthar ag tabhairt aire dó anois. Iarrtar ar dhaoine den phobal aon uair eile a fheictear an speiceas seo sa nádúr a thuairisciú.
- Rangaíodh an Racún mar cheann de 100 Speiceas Ionrach is Measa na hEorpa ag an tionscadal a mhaoinigh an AE 'Delivering Alien Invasive Species Inventories for Europe'.
- Is eol go n-iompraíonn racúin an phéist chruinn racúin (Baylisascaris procyonis) a d'fhéadfadh a bheith marfach do dhaoine. Sa Ghearmáin, bhí an phéist chruinn seo ag 70-80% de na daonraí Racún a scrúdaíodh. Is féidir le racúin galair eile a iompar freisin a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe.
- Is é 'Bíodh Ciall Peataí Agat' an t-ainm a thugtar ar an treoir a d'ullmhaigh Speicis Ionracha Éireann d'úinéirí peataí agus do thrádálaithe. Tá sé i gceist leis an treoir iompar freagrach a chur chun cinn agus níl sé mar aidhm aici cosc a chur ar choinneáil nó ar thrádáil peataí in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann.
- Meastar go gcosnaíonn speicis ionracha ar a laghad €12 bhilliún in aghaidh na bliana ar an Eoraip
- Tá John Kelly, Bainisteoir Speicis Ionracha Éireann, agus Colette O’ Flynn, Bainisteoir an Bhunachair Sonraí Náisiúnta maidir le Speicis Ionracha, ar fáil d'agallaimh
Teagmhálacha
Ainm: John Kelly Teil: + 44 (0) 2890 278330 Ríomhphost: john@invasivespeciesireland.com
Suíomh Gréasáin: www.invasivespeciesireland.com
Ainm: Colette O’ Flynn Teil: +353 (0)51 306248 Ríomhphost: coflynn@biodiversityireland.ie
Suíomh Gréasáin: http://invasives.biodiversityireland.ie
Soláthraíonn an Bunachar Sonraí Náisiúnta maidir le Speicis Ionracha faisnéis láraithe cothrom le dáta maidir le dáileadh speiceas ionrach in Éirinn. Freagraíonn sé na ceisteanna: Cé na speicis ionracha atá againn in Éirinn? Cá bhfuil siad go díreach? Forbraíodh an bunachar sonraí mar acmhainn chun cabhrú le cláir thaifeadta, mhonatóireachta agus fhaireachais, agus soláthraíonn sé an bonneagar chun córas luathrabhaidh do speicis ionracha a fhorbairt.
Is tairseach é an suíomh gréasáin gaolmhar: http://invasives.biodiversityireland.ie chuig an mbunachar sonraí inchuardaithe atá nasctha le léarscáileanna dáilte idirghníomhacha GIS ina bhfuil faisnéis taifead iomlán ar thuairiscí ar speicis ionracha. Tá Foláirimh maidir le Speicis ar an suíomh gréasáin freisin a eisítear nuair a thagann deimhniú go bhfacthas speicis a d'fhéadfadh a bheith ionrach in Éirinn, nuashonruithe ar an mbunachar sonraí, Suirbhé ar Speicis Ionracha ina n-iarrtar go práinneach ar dhaoine tuairisc a thabhairt má fheiceann siad ocht gcinn de na plandaí ionracha is lú a theastaíonn in Éirinn, agus áis chun taifid a chur isteach.
Tá an Bunachar Sonraí Náisiúnta maidir le Speicis Ionracha cómhaoinithe ag An gComhairle Oidhreachta agus An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus bhunaigh an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta é in 2008.
Is comhfhiontar é an tionscadal Speicis Ionracha Éireann idir Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Tá sé mar aidhm ag tionscadal Speicis Ionracha Éireann laghdú suntasach a dhéanamh ar thionchar speiceas ionrach ar bhithéagsúlacht na hÉireann, cur le stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta faoi 2010 agus ina dhiaidh sin; agus costais eacnamaíocha agus shóisialta a thagann as speicis ionracha a íoslaghdú.
Trí oibriú i gcomhpháirtíocht, is í an fhís do Speicis Ionracha Éireann ná go mbeidh córas ardfheidhmithe ag oileán na hÉireann chun rioscaí speiceas ionrach don gheilleagar, don chomhshaol agus do shláinte an duine a bhainistiú. Tá an tionscadal ag obair le geallsealbhóirí, le comhpháirtithe, agus le muintir na hÉireann agus Thuaisceart Éireann chun tuiscint ar na córais, agus muinín as na córais, a theastaíonn chun cosc agus bainistíocht éifeachtach ar speicis ionracha a bhaint amach a chothú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadal Speicis Ionracha Éireann féach www.invasivespeciesireland.com
