Bí Feasach ar Phlandaí
Féadann plandaí uisceacha ionracha dochar a dhéanamh dár locháin, dár n-uiscebhealaí agus don chomhshaol.
Bí feasach ar phlandaí agus ná caith plandaí uisceacha amach sa dúlra.
Is féidir le locháin gné iontach a chruthú le taitneamh a bhaint aisti ar feadh na bliana agus is tearmann don fhiadhúlra iad go minic. Mar sin féin, mura dtugtar an aire cheart dóibh, is féidir le roinnt plandaí locháin an lochán a thógáil ar láimh. Féadfaidh siad socrú sa dúlra chomh maith, áit ar féidir leo ár bplandaí dúchasacha a phlúchadh, ár n-uiscebhealaí a bhlocáil, cur le tuilte agus ocsaigin a bhaint as an uisce, rud a fhéadann dochar a dhéanamh d'éisc.
Féadann úinéirí lochán, garraíodóirí, úinéirí uisceadán, slatiascairí agus úsáideoirí uisce eile cabhrú i ngan fhios dóibh féin le leathadh plandaí uisceacha isteach inár dtuath. Is féidir leis na plandaí seo a bheith ina gcúis le mórfhadhbanna comhshaoil go tapa, a mbaineann costais arda leo.
Is iad príomhtheachtaireachtaí an fheachtais ná:
Cibé an úinéir locháin nó miondíoltóir plandaí uisceacha thú, trí na trí chéim shimplí thuas a leanúint is féidir leat a bheith Feasach ar Phlandaí agus cabhrú leis an mbaol go scaoilfí plandaí uisceacha ionracha isteach inár dtimpeallacht a laghdú.
Tugtar comhairle do gharraíodóirí agus d'úinéirí lochán sna hacmhainní seo a leanas.
Tá an t-eolas mionsonraithe a theastaíonn uait le Beith Feasach ar Phlandaí ar na leathanaigh seo:
- Físeán an fheachtais: Féach ar an bhfíseán Bí Feasach ar Phlandaí arna chur i láthair ag Charlie Dimmock.
- Treoir do mhiondíoltóirí: Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi ar féidir leat an Feachtas Bí Feasach ar Phlandaí a chur chun cinn
- Treoir do gharraíodóirí/úinéirí lochán: Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi ar féidir leat aire a thabhairt do do lochán ar bhealach a chuirfidh cosc ar speicis ionracha dul isteach sa chomhshaol.
- Íoslódáil an bhileog eolais Bí Feasach ar Phlandaí agus faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi ar féidir leat cabhrú le stop a chur le leathadh plandaí ionracha.
Féach ar phróifílí speiceas
Féach ar phróifílí speiceas de chuid de na plandaí is ionraí a tugadh isteach go hÉirinn ar dtús dár ngairdíní agus dár locháin. Tá go leor de na speicis seo tar éis leathadh go nádúrtha isteach sa dúlra ón áit ar cuireadh iad. Uaireanta is mar gheall ar leathadh de thaisme nó dumpáil a bhíonn siad le fáil sa dúlra. Déan tuairisciú ar radhairc de speicis ionracha: records.biodiversityireland.ie/record/invasives
Cliceáil ar an íomhá chun teacht ar eolas faoi phróifíl an speicis.










