
Inniu a seoltar an tuarascáil Táscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta: Stádas agus Treochtaí 2017, atá deartha chun achoimre a dhéanamh ar threochtaí i sláinte ár speiceas, ár dtírdhreacha agus ár muirdhreacha, chomh maith le hathruithe leathana i gcaidreamh shochaí na hÉireann le caomhnú an fhiadhúlra a léiriú. Is féidir an tuarascáil a íoslódáil go díreach ón suíomh gréasáin tiomnaithe http://indicators.biodiversityireland.ie
Arna thiomsú ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta as faisnéis a chuir eagraíochtaí rialtais agus neamhrialtasacha ar fáil araon, léiríonn 62% de na táscairí dul chun cinn neamhleor maidir le caomhnú na bithéagsúlachta a bhaint amach, léiríonn 33% go bhfuil dul chun cinn déanta agus tá 5% eile éiginnte.
“Mar shochaí, léiríonn an tuarascáil go bhfuil ár bhfeasacht agus ár n-eolas ar fhiadhúlra na hÉireann ag méadú agus go bhfuilimid ag tosú ar ghníomhartha níos dearfaí a dhéanamh chun bithéagsúlacht na hÉireann a chaomhnú,” a dúirt an Dr. Tomás Murray ón Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, a chomhordaigh tionscadal na dTáscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta. Ach dúirt sé freisin “tá na hathruithe sochaíocha seo ag tarlú ró-mhall agus léiríonn na táscairí go bhfuil gá le gníomhaíocht níos comhbheartaithe má tá Éire chun spriocanna atá liostaithe faoin bPlean Náisiúnta Bithéagsúlachta agus spriocanna idirnáisiúnta caomhnaithe arna leagan síos ag an AE agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a bhaint amach.”
Don chéad uair in Éirinn, déanann na Táscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta achoimre ar fhaisnéis bhithéagsúlachta ó fhoinsí éagsúla chun tacú le ceapadh beartas agus cinnteoireacht, ag tuairisciú ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna caomhnaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, chomh maith le hacmhainn oideachais úsáideach a sholáthar. Níl Éire ach an 5útír san AE a d’fhorbair agus a d’fhoilsigh sraith Táscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta.
I measc na réimsí ina mbíonn Éire fós ag streachailt leis an dúlra a chaomhnú tá:
· Tá stádas ‘neamhleor’ nó ‘dona’ ar 91% de ghnáthóga na hÉireann atá ainmnithe faoi dhlí an AE.
· Mhéadaigh líon na speiceas coimhthíoch ionrach ardthionchair a tugadh isteach in Éirinn 183% idir 1961 agus 2010.
· Níor measúnaíodh stádas caomhnaithe ach ar 10% de 31,500 speiceas na hÉireann. Astu sin, tá 3% díothaithe anois, meastar go bhfuil 15% i mbaol a ndíothaithe agus 9% beagnach faoi bhagairt.
Mar sin féin, tugann na Táscairí le fios go bhfuil Éire ag tosú ar dhul chun cinn a léiriú maidir le caomhnú speiceas atá faoi chosaint faoi reachtaíocht an AE, feasacht mhéadaithe faoi chaomhnú agus lánpháirtiú feabhsaithe ar chúinsí comhshaoil i gcinnteoireacht áitiúil agus náisiúnta:
· I gcás speiceas atá faoi chosaint faoi dhlí an AE, tá stádas caomhnaithe fabhrach ag 53% de na speicis.
· I suirbhé ón AE ar thuairimí an phobail faoin mbithéagsúlacht, as 1,000 duine in Éirinn a ndearnadh suirbhé orthu d'aontaigh 95% go bhfuil ár leas agus ár gcáilíocht beatha bunaithe ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht.
· Tá ceathrar Oifigeach Bithéagsúlachta agus 23 Oifigeach Oidhreachta a bhfuil cúram bithéagsúlachta orthu fostaithe anois thar 26 Údarás Áitiúil.
“Ag am a bhfuil an bhithéagsúlacht faoi bhrú ag méadú, tá sé ríthábhachtach go mbeadh tacar leathan táscairí náisiúnta againn ar féidir leo a rianú go hoibiachtúil conas atá ag éirí le hÉirinn a gealltanais bhithéagsúlachta a chomhlíonadh”, a dúirt an Dr. Liam Lysaght, Stiúrthóir an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. “Is é an dúshlán atá roimh an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta a chinntiú go bhfuil an bonn fianaise maidir leis an gcaoi a bhfuil an bhithéagsúlacht ag athrú sách mionsonraithe agus láidir chun athruithe a bhrath ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Tá sé seo éirithe níos tábhachtaí fós anois, de réir mar a fheicimid tionchar an athraithe aeráide” a dúirt sé freisin.
Is sínitheoir Éire le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) agus tá sí tiomanta do na spriocanna agus na cuspóirí bithéagsúlachta atá leagtha amach i bPlean Straitéiseach an Choinbhinsiúin don Bhithéagsúlacht 2011-2020. Baineann an 20 sprioc bithéagsúlachta, ar a dtugtar Spriocanna Bithéagsúlachta Aichi 2020 de ghnáth, le bainistiú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha an domhain agus clúdaíonn siad réimse leathan gníomhartha, lena n-áirítear príomhshruthú chaomhnú na bithéagsúlachta ar fud an rialtais agus na sochaí, agus laghdú ar bhrúnna ar an mbithéagsúlacht chomh maith lena húsáid inbhuanaithe a chur chun cinn. Chun cabhrú le díriú ar iarrachtaí caomhnaithe agus tacú le forbairt méadrachtaí fianaisebhunaithe chun dul chun cinn ar ghnóthú spriocanna idirnáisiúnta bithéagsúlachta a thomhas, bunaíodh an Chomhpháirtíocht um Tháscairí Bithéagsúlachta de shainordú an CBD in 2007 chun treoir a sholáthar do náisiúnstáit maidir le táscairí náisiúnta bithéagsúlachta a fhorbairt.
Tá na táscairí á bhforbairt go leanúnach agus déanfar athbhreithniú ar an liosta reatha in 2018 agus é a ailíniú leis an 3ú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta Bithéagsúlachta de chuid na hÉireann a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, agus le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile amhail Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na Táscairí Náisiúnta Bithéagsúlachta déan teagmháil le
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Carraig an Óir Campas Thiar WIT
Port Láirge
Éire X91 PE03
Fón talún: 051-306240