Tá áthas orainn eagrán an tsamhraidh 2024 de Biodiversity Ireland a eisiúint. Tugtar cothrom le dáta in Biodiversity Ireland ar chuid d'obair an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta agus leagtar béim ar obair thaifeadta agus suirbhéireachta bithéagsúlachta cuid dár gcomhpháirtithe. I measc na n-alt san eagrán seo tá Plean Straitéiseach cúig bliana an Ionaid, bunú aonad nua Speiceas Coimhthíoch Ionrach laistigh den Ionad chun tacú le Rialacháin an AE maidir le Speicis Ionracha, obair a cuireadh i gcrích chun bunachar sonraí nua a chruthú ar sheangáin na hÉireann, agus eolas cothrom le dáta ar ghníomhaíocht taifeadta bithéagsúlachta an líonra taifeadóirí in 2023.
Teachtaireacht ó Liam Lysaght, Príomhfheidhmeannach
Tá sé beagnach bliain go leith anois ó cinntíodh todhchaí an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta tar éis a bhunaithe mar Chuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta. Ba fhorbairt ollmhór é seo in éabhlóid an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta; aitheantas ón Rialtas go raibh raon seirbhísí luachmhara á gcur ar fáil ag an Ionad ar ghá iad a dheimhniú agus a neartú chun cabhrú leis an Stát a lán dá oibleagáidí a bhaineann le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche a chomhlíonadh.
Thug seachadadh leanúnach chláir oibre an Ionaid ó corpraíodh an chuideachta an chuma sheachtrach go raibh cúrsaí ag dul ar aghaidh mar is gnách. Breithniú tábhachtach a bhí anseo chun muinín iliomad comhpháirtithe an Ionaid agus a phobail thaifeadta a choinneáil. Mar sin féin, rinneadh cuid mhór oibre sa chúlra, rud a chuireann an tIonad i suíomh an-láidir anois don fhás a bheidh ann amach anseo.
Laistigh den chéad bhliain, d'oibrigh an Bord agus an fhoireann ar a Phlean Straitéiseach a fhorbairt don chéad chúig bliana eile. Leagtar amach anseo fís agus misean an Ionaid agus sainaithnítear na luachanna a bheidh mar bhonn faoi obair na cuideachta nua. Sainaithnítear sé luach, mar atá; 1. fianaise, 2. nuálaíocht, 3. comhoibriú, 4. comhionannas, éagsúlacht & cuimsiú, 5. ionracas gairmiúil agus 6. inbhuanaitheacht. Aithneoidh siad siúd a bhí i dteagmháil leis an Ionad thar na blianta go bhfuil na luachanna seo lárnach cheana féin sa chaoi a ndéanaimid ár ngnó. Tugtar sonraí faoi na cuspóirí agus na spriocanna a shainaithníomar dúinn féin níos faide ar aghaidh sa nuachtlitir seo.
Beidh creat soiléir chun obair an Ionaid a threorú sna blianta beaga amach romhainn lárnach dá rath. Tá na riachtanais náisiúnta sonraí agus faisnéise go mór, ach ní mór don Ionad díriú ar a shainchúram agus ar an méid is féidir a bhaint amach thar thréimhse cúig bliana. Cuireann an Plean Straitéiseach an creat sin ar fáil.
D'aontaigh an tIonad struchtúr nua eagraíochtúil freisin, a bheadh an-oiriúnach chun ligean dó an obair a dhéanfaidh sé a sheachadadh. Ceapadh triúr bainisteoirí sinsearacha, an Dr Úna FitzPatrick, Richard Tilson agus Jon Hawkins chun bheith i gceannas ar thrí cholún obair na cuideachta, mar atá a colúin eolaíochta, rialachais & airgeadais agus TFC faoi seach. Beidh an chuid eile den fhoireann struchtúrtha thart ar aonaid oibríochta a dhéileálann le cláir oibre théamacha éagsúla. A bhuí leis an maoiniú a fuarthas faoin Tionscnamh Oileán Comhroinnte, tá an chéad cheann de na haonaid seo, a sheachadann clár oibre maidir le Speicis Choimhthíocha Ionracha, á bhunú faoi láthair. Faoi láthair, tá céim leathnaithe ar siúl ag an Ionad agus líon na foirne ag dul ó 12 ag tús 2024 go 21 faoi lár an tsamhraidh. Is comhartha maith é seo don Ionad.
Ina theannta sin, d'aithin an Ceathrú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht a foilsíodh níos luaithe i mbliana, go mbeidh an tIonad ar thús cadhnaíochta maidir le roinnt príomhghníomhartha straitéiseacha a sheachadadh. Ciallaíonn an obair a rinneadh le déanaí ar fhorbairt struchtúir rialachais agus bainistíochta na cuideachta nua go bhfuil an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta i suíomh maith anois chun na cláir oibre seo agus cláir oibre eile amach anseo a sheachadadh.