Sroicheadh cloch mhíle mhór níos luaithe an tseachtain seo nuair a sháraigh líon na dtaifead atá ar fáil le breathnú orthu ar Biodiversity Maps an marc 6 mhilliún. Tá 6,000,031 taifead de 17,398 speiceas éagsúil ó 172 tacar sonraí éagsúla mapáilte anois ar Biodiversity Maps. Is é Biodiversity Maps an tairseach náisiúnta sonraí agus mapála a chuireann comhroinnt oscailte sonraí maidir le bithéagsúlacht na hÉireann chun cinn.
Baineadh an chloch mhíle de shé mhilliún taifead amach le nuashonrú ar thacar sonraí Foichí na hÉireann. Is cnuasach de thaifid foiche ó gach cearn d'Éirinn a cruthaíodh le déanaí é tacar sonraí Foichí na hÉireann. Sular cruthaíodh é, ní raibh beagnach aon cheann de na taifid foiche a bhí ann digitithe ná mapáilte riamh, agus mar sin ba chéim thábhachtach a bhí anseo chun an bhunchloch a leagan síos do chaomhnú speiceas foiche in Éirinn. Tá 3,878 taifead sa tacar sonraí faoi láthair a chuimsíonn 99 speiceas éagsúil agus tá sé á nuashonrú go leanúnach de réir mar a chuireann ár dtaifeadóirí taifid nua isteach. Ionchorpraítear sa tacar sonraí Foichí suirbhé ar Fhoichí Sealgaireachta Damhán Alla a chuir an Dr Aidan O’Hanlon le chéile freisin. Tá 851 taifead sa suirbhé seo, le sonraí ag teacht isteach ó fhoinsí éagsúla lena n-áirítear breathnuithe allamuigh, taighde i músaeim agus taifid a cuireadh isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránach na hÉireann chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta.
Níos déanaí i mbliana, cruthófar tacar sonraí nua de Sheangáin na hÉireann freisin, agus mar sin den chéad uair beidh leathanaigh eolais speicis agus léarscáileanna dáilte tiomnaithe d’fhoichí agus do sheangáin ar shuíomh gréasáin an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Tá sé beartaithe an dá thacar sonraí nua a úsáid chun an chéad ‘Liosta Dearg’ caomhnaithe a dhréachtú d’fhoichí agus do sheangáin in Éirinn, rud a bheidh ina chéim shuntasach chun cabhrú lena gcaomhnú.
Tugann foilsiú an tacair sonraí trí Biodiversity Maps an breisluach gur féidir sonraí Foichí a fheiceáil anois i gcomhcheangal le sonraí speiceas eile, agus tá sé ar fáil saor in aisce le húsáid sa chinnteoireacht.
Is féidir suíomh gréasáin tiomnaithe Biodiversity Maps (sa phictiúr) a fheiceáil anseo.
Is tairseach náisiúnta sonraí agus mapála é Biodiversity Maps a sholáthraíonn faisnéis faoi na speicis a bhíonn in Éirinn agus faoin gcaoi a ndáiltear iad. Feidhmíonn sé freisin mar ardán chun sraitheanna GIS a bhaineann le gnáthóga agus le bithéagsúlacht eile a fhoilsiú. Úsáideann saineolaithe náisiúnta, taighdeoirí, Eagraíochtaí Rialtais agus Eagraíochtaí Neamhrialtais é chun tacair sonraí a fhoilsiú agus ar an gcaoi sin eolas ar bhithéagsúlacht na hÉireann a chomhthiomsú. Bíonn rochtain éasca ansin ar na sonraí seo chun eolas a chur ar fáil do bhainistíocht caomhnaithe, cur le pleanáil, acmhainn a sholáthar do thaighdeoirí, agus mar fhoinse faisnéise d’aon duine ar mian leo teacht ar an mbithéagsúlacht atá le fáil ina gceantar féin.
Ar an leibhéal bunúsach, cuireann Biodiversity Maps ar chumas aon duine rochtain a bheith acu ar a bhfuil ar eolas faoin mbithéagsúlacht ina gceantar féin. Tugann fiosrú na léarscáileanna léargas ar shaintréithe bithéagsúlachta ceantair, lena n-áirítear aon ghnéithe speisialta ar nós dáileadh speiceas nach bhfaightear ach sa réigiún sin. Cuireann sé go mór le heispéireas na bithéagsúlachta ar an leibhéal áitiúil fios a bheith agat cén speiceas atá speisialta do cheantar agus déanann sé rannpháirtíocht leis an mbithéagsúlacht níos inrochtana. Réimse staidéir fíorspéisiúil is ea an chaoi a ndáiltear speicis ar fud na tíre, agus na cúiseanna leis na dáiltí seo.
Faisnéis riachtanach is ea rochtain éasca a bheith ar shonraí eimpíreacha maidir leis na speicis a bhíonn i gceantar lena chinntiú go dtugtar aghaidh ar riachtanais na bithéagsúlachta nuair a bhítear ag déanamh cinntí, rud atá ag teastáil sa deireadh thiar má táimid chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú. D’fhéadfadh baint ar leith a bheith aige seo le cinnteoireacht maidir le pleanáil mar shampla, ach tá sonraí ag teastáil chun eolas a chur ar fáil do gach cineál cinntí bainistíochta tuaithe a imíonn tionchar ar an mbithéagsúlacht. Is léir gur faisnéis thábhachtach í láithreacht speiceas faoi bhagairt nó faoi chosaint i gceantar le teacht uirthi, ach tá gá freisin le fios a bheith agat cá bhfaightear speicis a bhfuil tábhacht áitiúil ag baint leo. Mar náisiún, má táimid chun dul i ngleic i ndáiríre leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta agus beart a dhéanamh ar son na bithéagsúlachta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, tá fáil ar shonraí riachtanach. Is é Biodiversity Maps an uirlis a cheadaíonn é sin a dhéanamh agus ba é seo an bonn cirt a bhí leis an gcistiú a chuir an Chomhairle Oidhreachta agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar fáil dá fhorbairt.
Is acmhainn thábhachtach é Biodiversity Maps freisin chun tacú le taighde bithéagsúlachta. Tá aon sonraí a fhoilsítear ar Biodiversity Maps mar shonraí oscailte ceadúnaithe ar fáil le híoslódáil agus le húsáid i dtaighde, ar choinníoll go n-aithnítear soláthraithe na sonraí. Foilsítear na sonraí seo go huathoibríoch freisin ar thairseach sonraí na hÁise Faisnéise Bithéagsúlachta Domhanda, ag cinntiú go gcuireann sonraí na hÉireann le tionscnaimh taighde agus beartais idirnáisiúnta.
D'fhorbair an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta Biodiversity Maps mar sheirbhís roinnte d'eagraíochtaí comhpháirtíochta chun a gcuid sonraí a fhoilsiú agus a bhainistiú, agus chun a bhfuil ar eolas faoin mbithéagsúlacht in Éirinn a thaispeáint. Tá Biodiversity Maps tar éis fás ina acmhainn náisiúnta thábhachtach a thacaíonn le cur i bhfeidhm an bheartais bhithéagsúlachta in Éirinn. Ach tá riachtanais sonraí atá ag dul i méid i gcónaí ann de réir mar a dhéantar níos mó beartas a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide agus bithéagsúlachta, go háirithe i bhfianaise an 4ú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht atá ag teacht chun cinn. Is é an dóchas ná go ndéanfar an córas seo a fhorbairt a thuilleadh sna blianta amach romhainn chun níos mó sonraí agus cineálacha éagsúla sonraí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a fhoilsiú le go bhfásfaidh an t-ardán náisiúnta chun freastal ar na riachtanais bheartais seo.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Biodiversity Maps déan teagmháil le: Michelle Judge (Bainisteoir Sonraí) ag: mjudge@biodiversityireland.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thacar sonraí Foichí na hÉireann déan teagmháil le: Owen Beckett (Oifigeach Taighde) ag: obeckett@biodiversityireland.ie