457
Éin
In 2010, mar chuid den tionscnamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Staid an Eolais ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch na hÉireann chuir an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta fardal d’fhoinsí sonraí bithéagsúlachta le chéile. Forbraíodh an fardal trí chuireadh a thabhairt do shaineolaithe aitheanta náisiúnta staid an eolais a aithint.
Líon na speiceas éan a chónaíonn go buan agus a thagann ar cuairt go rialta
Príomhfhoinsí sonraí dáilte
- Atlas na nÉan 2007-11 (BirdWatch Ireland)
- Éin na hÉireann (Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta)*
- Atlas Éan Pórúcháin na Breataine & na hÉireann: 1968-72 (BirdWatch Ireland)*
- Atlas Éan Geimhríochta na Breataine & na hÉireann: 1981/82 – 1983/84 (BirdWatch Ireland)*
- Dara hAtlas Éan Pórúcháin na Breataine & na hÉireann: 1988-91(BirdWatch Ireland)*
- BirdTrack (BirdWatch Ireland & British Trust for Ornithology)
- Suirbhé Éan Tuaithe (BirdWatch Ireland)
- Suirbhé ar Éin Bhogaigh na hÉireann (BirdWatch Ireland)**
- Radhairc éan ESAS (Comhchoiste Caomhnaithe an Dúlra, an R.A.)***
- Seabird 2000 (BirdWatch Ireland)*
- Suirbhé ar an gCruidín 2010 (BirdWatch Ireland)*
- Atlas Éan Pórúcháin Bhoirne agus Oileáin Árann (1993-96) (Liam Lysaght)*
- Éin Chladaigh Phórúcháin Mhachaire Iarthuaisceart Éireann (2009) (BirdWatch Ireland)
*Bunachair shonraí atá á gcoinneáil ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus atá ar fáil trí Biodiversity Maps. ** Tá sonraí IWEBS ó 1994-2001 ar fáil trí Biodiversity Maps. ***Tá radhairc éan ESAS ó 1980-2003 ar fáil trí Biodiversity Maps.
Measúnú náisiúnta caomhnaithe
- Lynas, P., Newton, S.F. & Robinson, J.A., 2007. The status of birds in Ireland: an analysis of conservation concern 2008-2013. Irish Birds 8(2) 149-166.
- Newton, S., Donaghy, A., Allen, D. & D. Gibbons., 1999. Birds of Conservation Concern in Ireland. Irish Birds 6(3) 333-344.
Monatóireacht nó athshuirbhéanna i bhfeidhm
- Suirbhé Éan Tuaithe (bliantúil)
- Suirbhé Éan Gairdín (bliantúil)
- Suirbhé ar Éin Bhogaigh na hÉireann (bliantúil)
- Ealaí Glóracha & Ealaí Bewick (gach 5 bliana, an ceann is déanaí i mí Eanáir 2015)
- Géanna Cadhan (gach 5 bliana, an ceann is déanaí i mí an Mhárta 2008)
- Cadhan Bánbholgach (bliantúil)
- Suirbhé ar Éin Uisce Cósta Neamh-Inbhir (NEWS, gach 9 mbliana, an ceann is déanaí 2006-07)
- Lacha Scótar (pórú, níl ar thimthriall rialta; thar téarma)
- Traonach (bliantúil)
- Gleoiseach Sléibhe (taighde leanúnach & monatóireacht ar an daonra)
- Cág Cosdearg (gach 10 mbliana, an ceann is déanaí 2002-03)
- Suirbhé ar Chrogaigh Phórúcháin (2015)
- Éin Chladaigh Phórúcháin Mhachaire
- Éin Chladaigh Phórúcháin Chalaidh na Sionainne
- Suirbhé Éanlaíochta Reachrainne (bliantúil; cuimsíonn sé daonáireamh iomlán ar éin mhara gach 5 bliana, an ceann is déanaí in 2009)
- Broighill Phórúcháin (spóradach, an ceann is déanaí in 2010; déantar comhaireamh bliantúil ar choilíneachtaí an chósta thoir)
- Geabhróga Neadaithe (náisiúnta gach 10 mbliana, an ceann deireanach 1995, thar téarma)
- Geabhróga Rósacha (ag neadú, bliantúil)
- Geabhróga Beaga (ag neadú, an cósta thoir amháin, bliantúil)
- Suirbhé Gabhlán Gaoithe (2015)
- Éin Mhara Neadaithe (lán-náisiúnta, gach 15 bliana: 1969-70, 1985-87, 1998-2002)
- Éin Chnoic 2002-2004 (Feadóg Bhuí, Lon Chraige)
- Cearc Fhraoigh 2005 (píolótach), 2007-2009 (náisiúnta)
- Éin Uiscebhealaí (an Cruidín san áireamh) 2006-2010
- Gabha Dubh (monatóireacht fhadtéarmach i gCorcaigh & Laois-Uíbh Fhailí)
- Éin Neadaithe Uathúla na hÉireann (measúnuithe bliantúla foilsithe ag an bpainéal)
- Corr Réisc (& Éigrit Bheag: déanta go stairiúil, le hathsheoladh go luath)
- Scréachóg Reilige (taighde leanúnach & monatóireacht ar an daonra)
- Fabhcún Gorm (gach 10 mbliana, an ceann is déanaí 2002
- Cromán na gCearc (gach 5 bliana, an ceann is déanaí 2015)