Ar an 29 Meán Fómhair, d’iarr an tAire Dúlra, Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, Christopher O’Sullivan TD, ar an bpobal a bheith san airdeall tar éis gabháil agus fíorú aon chornfhoiche Áisí amháin i gCo. Chorcaí: “An tseachtain seo caite, chonaic ball den phobal cornfhoiche Áiseach i gceantar Rinn an Scidígh i gCo. Chorcaí, thóg sé/sí grianghraf di agus rug ar an bhfeithid, agus chuir sé/sí an scéal in iúl go tapa don Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Spreag an radharc seo plean mearfhreartha faoi stiúir na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) i mo roinn chun fiosrú a dhéanamh an raibh aon ghníomhaíocht bhreise sa cheantar. Tá Maoir Chaomhnaithe NPWS i mbun suirbhéireachta agus faireacháin fhairsing ar an gceantar ó tuairiscíodh an radharc, ag baint úsáide as na modhanna a chabhraigh linn teacht ar dhá nead agus iad a bhaint i gCorcaigh anuraidh. Tá áthas orm a thuairisciú nach bhfuil aon fhianaise ar ghníomhaíocht bhreise a bhaineann leis an radharc seo.”

Lean an tAire ar aghaidh: “Léiríonn sé seo dúinn go bhfuil ár múnla luathrabhaidh agus mearfhreartha ag obair go héifeachtach. Tá ár gcur chuige bunaithe ar thaithí, ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus ar dhlúthchomhar idir gníomhaireachtaí rialtais, saineolaithe agus pobail áitiúla. Tá sé tábhachtach go bhfanaimid ar an airdeall. Sin an fáth a bhfuil mé ag iarraidh ar an bpobal a bheith san airdeall agus súil a choinneáil ar ghníomhaíocht na cornfhoiche Áisí ina ngairdíní agus i limistéir eile amuigh faoin aer. Tá sé ríthábhachtach an speiceas seo a bhrath go luath má táimid chun é a chosc ó bhonn a bhaint amach in Éirinn agus damáiste a dhéanamh dár bpailneoirí agus dár n-éiceachórais. Déanann an córas tuairiscithe ar líne don chornfhoiche Áiseach, a bhainistíonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, níos fusa ná riamh radharc a thuairisciú.”
Déanfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann scrúdú ar an eiseamal anois, rud a chuirfidh lenár n-eolas ar an speiceas ionrach seo agus ar an mbaol a bhaineann leis d’Éirinn. Chuir an tAire leis: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mball den phobal a thuairiscigh an chornfhoiche, chomh maith leis an nGrúpa Bainistíochta don Chornfhoiche Áiseach agus Maoir Chaomhnaithe NPWS as a bhfreagairt thapa éifeachtach.”
Spreagtar baill den phobal grianghraf a thógáil de radhairc den Chornfhoiche Áiseach agus é a thuairisciú don Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Níor cheart do dhaoine den phobal iarracht a dhéanamh cornfhoichí a láimhseáil.
Ní mholtar gaisteoireacht fhorleathan faoi láthair toisc go bhfuil leibhéal na cornfhoiche Áisí an-íseal fós in Éirinn. Cruthaíonn gaisteoireacht fhorleathan rioscaí gan ghá d’fheithidí dúchasacha.
– Ó: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Faigh tuilleadh eolais faoin gCornfhoiche Áiseach, lena n-áirítear conas an speiceas seo a aithint, anseo
- Is féidir radhairc de chornfhoichí Áiseacha a thuairisciú trí Uirlis Tuairiscithe na Cornfhoiche Áisí de chuid an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
- Tá an múnla mearfhreartha don chornfhoiche Áiseach in Éirinn ar fáil anseo
- Tá Treoir an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta maidir le gaisteoireacht faoi cheannas saoránach ar fáil anseo
Íomhá 2: Cornfhoiche Áiseach taifeadta in Éirinn in 2021. Creidiúint: Aidan O’Hanlon, Ard-Mhúsaem na hÉireann