Glaoch ar ghrianghraif a chur isteach le cur san áireamh don Atlas of Mammals in Ireland: 2010 – 2015
Tá tús curtha ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis na hullmhúcháin d’fhoilsiú an chéad Atlas of Mammals in Ireland: 2010 – 2015 riamh, atá le foilsiú i mí na Samhna 2016.
Cuirfidh an t-atlas léarscáileanna dáileacháin ar fáil do na 69 mamach fiáin talún agus mara ar fad a taifeadadh in Éirinn agus ina cuid uiscí mara. Tugadh cuireadh do bhreis is 40 saineolaí náisiúnta cuntais speicis a scríobh don Atlas. Chun an t-eolas seo a chomhlánú, tá an tIonad Sonraí ag iarraidh grianghraif ar ardchaighdeán a fháil le dul leis na cuntais speicis. Ós rud é go gcuireann an oiread sin agaibh grianghraif fiadhúlra ar ardchaighdeán chugainn cheana féin, ba mhaith linn an deis a thabhairt duit ceann de do chuid grianghraf a bheith roghnaithe don atlas. Cuirfidh an tIonad Sonraí Atlas saor in aisce ar fáil d’aon duine a n-úsáidtear a gcuid grianghraf san fhoilseachán.
Ba cheart íomhánna a chur isteach mar chomhaid JPEG/JPG meánréitigh agus a sheoladh ar ríomhphost chuig info@biodiversityireland.ie roimh an 1ú Bealtaine, 2016. Féadfar grianghraif ardtaifigh a iarraidh ar dháta níos déanaí.
Beidh cuntais san Atlas ar gach ceann de na speicis seo a leanas.
| Dallóg fhéir (Sorex minutus) |
| Gráinneog (Erinaceus europaeus) |
| Dallóg fhiacailbhán mhór (Crocidura russula) |
| Broc (Meles meles) |
| Féiréad fiáin (Mustela furo) |
| Sionnach rua (Vulpes vulpes) |
| Cat crainn (Martes martes) |
| Madra uisce (Lutra lutra) |
| Minc Mheiriceánach (Neovison vison) – |
| Mac tíre (Canis lupus |
| Easóg (Mustela erminea) |
| Ialtóg Nathusius (Pipistrellus nathusii |
| Ialtóg Natterer (Myotis nattereri) |
| Ialtóg Brandt (Myotis brandtii) – |
| Ialtóg chrúchruthach bheag (Rhinolophus hipposideros) |
| Ialtóg Leisler (Nyctalus leisleri) |
| Ialtóg ghiobach (Myotis mystacinus) |
| Ialtóg fheascrach choiteann (Pipistrellus pipistrellus) |
| Ialtóg shopránach (Pipistrellus pygmaeus) |
| Ialtóg Daubenton (Myotis daubentoni) |
| Ialtóg chluasleathan dhonn (Plecotus auritus) |
| Torc allta/Muc fhiáin (Sus scrofa) |
| Fia rua (Cervus elaphus) |
| Fia sícigh (Cervus nippon) |
| Fia buí (Dama dama) |
| Gabhar fiáin (Capra hircus) |
| Fia muntjac (Muntiacus reevesi) |
| Iora rua (Sciurus vulgaris) |
| Iora glas (Sciurus carolinesis) |
| Muscfhrancach (Ondatra zibethicus) |
| Francach donn (Rattus norvegicus) |
| Luch choille (Apodemus sylvaticus) |
| Luch thighe (Mus musculus) |
| Francach loinge/Francach dubh (Rattus rattus) |
| Vól bruaigh (Myodes glareolus) |
| Dormhús crainn (Muscardinus avellansrius) |
| Míol bán (Delphinapterus leucas) |
| Deilf choiteann (Delphinus delphis) |
| Píolót-mhíol faditeach (Globicephala melas) |
| Deilf Risso (Grampus griseus) |
| Deilf bhánchliathánach (Lagenorhynchus acutus) |
| Deilf ghob-bhán (Lagenorhynchus albirostris) |
| Cráin dhubh (Orcinus orca) |
| Cráin dhubh bhréige (Pseudorca crassidens) |
| Deilf stríocach (Stenella coeruleoalba) |
| Deilf bholgshrónach (Tursiops truncatus (tursio)) |
| Muc mhara (Phocoena phocoena) |
| Míol mór coirceogach piogmach (Kogia breviceps) |
| Míol mór coirceogach (Physeter macrocephalus) |
| Míol mór bolgshrónach an tuaiscirt (Hyperoodon rostratus (ampullatus)) |
| Míol mór socach Sowerby (Mesoplodon bidens) |
| Míol mór socach Gervais (Mesoplodon europaeus) |
| Míol mór socach True (Mesoplodon mirus) |
| Míol mór socach Cuvier (Ziphius cavirostris) |
| Droimeiteach beag (Balaenoptera acutorostrata) |
| Droimeiteach an tuaiscirt (Balaenoptera borealis) |
| Droimeiteach coiteann (Balaenoptera physalus) |
| Míol mór dronnach (Megaptera novaeangliae (longimana, nodosa)) |
| Míol mór gorm (Sibbaldus (Balaenoptera) musculus) |
| Ceartmhíol mór an tuaiscirt (Eubalaena glacialis) |
| Valbaí crónmhuiníl (Macropus rufogriseus) |
| Coinín (Oryctolagus cuniculus) |
| Gearrfiadh Éireannach (Lepus timidus) |
| Gearrfiadh donn (Lepus europaeus) |
| Rón glas (Halichoerus grypus) |
| Rosualt (Odobenus rosmarus) |
| Rón ciúin (Phoca vitulina) |
| Rón féasógach (Erignathus barbatus) |
Téarmaí agus coinníollacha
Coinneoidh na grianghrafadóirí cóipcheart iomlán a gcuid grianghraf, agus ní úsáidfear iad ach amháin don leagan cóip chrua den fhoilseachán Atlas of Mammals in Ireland.
Déanfaidh grianghrafadóirí a roghnófar a n-íomhánna ceadúnas a dheonú don Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun na grianghraif a úsáid san fhoilseachán Atlas of Mammals in Ireland.
Tabharfar creidiúint do na grianghrafadóirí as grianghraif a atáirgtear i bhfoilseachán an Atlais.