In 2024, cuireadh 152,711 taifead isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann. Fuarthas taifid ó 8,301 taifeadóir aonair ar fud na 32 contae, ach as an 8,301 taifeadóir seo bhí meitheal bheag de 40 taifeadóir a chuir os cionn 1,000 taifead isteach.
As an ngrúpa seo, tá cohórt níos lú fós a chuir os cionn 1,000 speiceas isteach; sea, ní hamháin 1,000 taifead, ach os cionn 1,000 tacsaon difriúil. Is éacht dochreidte é seo ar ndóigh agus cheapamar gur smaoineamh maith a bheadh ann aird a tharraingt ar na taifeadóirí seo le fáil amach conas agus cén fáth a ndéanann siad an méid a dhéanann siad!
Mar fhocal scoir don tsraith bhlagphost seo tá David Craig, a raibh os cionn 5,000 taifead aige in 2024, an líon is mó a bhí ag aon taifeadóir inár líonra. D'iarr muid ar David roinnt cúlra a thabhairt dúinn maidir leis an gcaoi ar thosaigh sé ag taifeadadh, a phríomhspéiseanna, na rudaí is fearr a d'aimsigh sé agus an rud a choinníonn chomh gníomhach agus chomh tiomanta sin é i bpobal an taifeadta:
Bhí suim éigin agam i gcónaí sa nádúr agus sa saol mórthimpeall orm, agus mé ag fás aníos i mo pháiste timpeallaithe ag páirceanna glasa agus an fharraige, ach níor smaoinigh mé i ndáiríre ar thaifead a dhéanamh ar a bhfeicinn, seachas iarracht a dhéanamh grianghraif a thógáil de na héin áitiúla agus dialann iascaireachta a choinneáil.
Thug mé go leor athruithe faoi deara sa dúlra, ach toisc nach ndearnadh aon rud a thaifeadadh, d'fhéadfainn a rá cá háit a raibh sé, ach ní fhéadfainn a rá le cruinneas ar bith cén uair. Is cinnte go mbíodh ealtaí ollmhóra d'ealaí fiáine agus de philibíní ann, ach ní féidir liom cuimhneamh cén uair a tháinig siad agus cén uair a d'imigh siad. Is cuimhin liom freisin an chéad chorr éisc bheag a chonaic mé ar bhruacha Abhainn na Bandan i gCionn tSáile agus mé ag smaoineamh cén sórt éin a bhí ann; arís, gan taifid ní fhéadfainn a rá cén uair a tharla sé, ach anois tá siad seanbhunaithe go maith ar fud na hÉireann.

Nuair a tháinig srianta Covid-19 agus an riachtanas a bhí ann oibriú ón mbaile, bhí an t-ádh liom: bhí coill dhuillsilteach nua-phlandáilte (timpeall 15 bliana d'aois) gar do mo theach nár thug mé cuairt uirthi riamh, agus iarradh orm trí mo phost cabhrú le páirt a ghlacadh i staidéar ar phailneoirí a reáchtáladh i gcomhar le Biodiversity Ireland. Toisc gur deireadh mhí an Mhárta a bhí ann, agus le tréimhse aimsire a bhí thar a bheith maith, cheap mé ar dtús nach mbeadh i gceist ach beacha, foichí agus féileacáin a thaifeadadh agus iad ag teacht chun cinn sna míonna amach romhainn. Go han-tapa thosaigh mé ag feiceáil na héagsúlachta laistigh de limistéar chomh beag sin a fágadh chun forbairt go nádúrtha, agus cheap mé go bhféadfainn dul i mbun na hoibre seo. Thosaigh mé ag tabhairt faoi deara an-chuid feithidí nár aithin mé ar phlandaí nár chuir mé aithne orthu, agus mar sin chiallaigh ceamara digiteach a fháil agus grianghraf a thógáil de gach rud go bhféadfainn iarracht a dhéanamh orgánaigh “nua” a aithint ar dháta níos déanaí.
Thug mé faoi deara go raibh go leor den fhásra agus den fhána fiáin “nua” seo tearcthaifeadta nó nach raibh aon bhreathnuithe taifeadta orthu ar aon cheann de na suíomhanna bithéagsúlachta, agus chonaic mé é seo mar dheis le taispeáint cad a bhí amuigh ansin agus gan é a fhágáil faoi dhaoine eile amháin. Agus an saol ag filleadh ar an ngnáth ansin, bhí mé in ann suíomhanna a bhí mé in ann cuairt a thabhairt orthu a chur i gcomparáid lena chéile, rud a chabhraigh liom feabhas a chur ar m'eolas pearsanta féin agus taifid mhionsonraithe a chur le háiteanna a raibh mé iontu.
Dá gcuirfí an cheist orm “Cén grúpa nó grúpaí tacsanomaíocha ar leith a bhfuil suim láidir forbartha agat iontu” cúpla bliain ó shin, déarfainn gan mhoill ar bith gur dócha aon rud a bhain leis an timpeallacht mhuirí, go háirithe éisc mhuirí. Anois feictear dom go dtarraingítear mo spéis i dtreo na gcuileog foluaineach; is grúpa feithidí é nach raibh eolas ar bith agam fúthu go dtí gur thosaigh mé ag taifeadadh agus bíonn sceitimíní orm fós iad a aimsiú gach bliain.

Athraíonn buaicphointí mo chuid ama ag taifeadadh ó bhliain go bliain, ach is dócha go seasann an teagmháil dhlúth le Droimeiteach Beag (Balaenoptera acutorostrata) amach, cé go bhfaca mé cheana iad ó chian. Ar an gcaoi chéanna, bhí an Míol Críon Bándearg (Androniscus dentiger) ina bhuaicphointe, díreach toisc nach bhfaca mé ceann riamh roimhe sin agus gur fíorbheagán taifead a bhí ann roimhe seo.