
Tá comhaontú comhoibrithe maidir le malartú saineolais agus comhfhoghlaim sínithe ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, in éineacht le Compass Informatics, le hInstitiúid Náisiúnta Bithéagsúlachta na hAfraice Theas (SANBI). Tógann foirmiú agus síniú an Chomhaontaithe ar naisc oibre atá ann cheana féin agus cuirfidh sé caidreamh oibre i bhfad níos dlúithe idir Éire agus an Afraic Theas ar bhonn foirmiúil. Cuireann Institiúid Náisiúnta Bithéagsúlachta na hAfraice Theas (SANBI) le forbairt inbhuanaithe na hAfraice Theas trí rochtain ar shonraí bithéagsúlachta a éascú, faisnéis agus eolas a ghiniúint, cumas a fhorbairt, comhairle bheartais a chur ar fáil, agus bithéagsúlacht a chaomhnú ina Gairdín Luibheolaíoch Náisiúnta álainn Kirstenbosch faoi Shliabh an Bhoird. Tá cáil bainte amach ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus Compass Informatics as bonneagar bainistíochta sonraí agus mapála den scoth a fhorbairt, agus tá siad gníomhach i dtógáil an bhoinn eolais ar bhithéagsúlacht na hÉireann, agus é mar aidhm acu feabhas a chur ar chinnteoireacht maidir le bithéagsúlacht.
Clúdaíonn an Comhaontú Comhoibrithe trí réimse;
- Forbairt bonneagar taighde,
- 2. Cur chun cinn eolaíocht sonraí, measúnú agus monatóireacht ar bhithéagsúlacht, agus comhairle bheartais, agus
- Comhoibriú ar thograí maoinithe chun tacú le tionscnaimh speisialta.
Is léir go bhfuil róil agus eispéiris ag forluí ar féidir leis an dá eagraíocht foghlaim óna chéile fúthu. Síníodh an comhaontú comhoibrithe go foirmiúil ar imeall chruinniú na Saoráide Faisnéise Bithéagsúlachta Domhanda i gCill Chainnigh i mí Dheireadh Fómhair.