Féach ar agus scaip póstaer Féachaint ar Speicis an Chopú

Féachaint ar Speicis do: Copú (Myocastor coypus).
Eisithe ag: An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS)
Cúis leis an eisiúint: Glao ar an bpobal tuairisc a thabhairt ar aon amharc a mheasann siad a bheith ar an gcopú ionrach. Mar gheall ar fhreagairt thapa a tionscnaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gCurrach Chéir, Cathair Chorcaí, baineadh 10 n-ainmhí ach ardaíonn amharc deimhnithe ar chopú san Laoi ar an 7 Bealtaine 2017 imní faoina leathadh.
Achoimre ar na hiarmhairtí féideartha:
- Is creimirí luibhiteacha iad na copúnna a d'fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar fhásra uisceach, lena n-áirítear speicis neamhchoitianta agus faoi bhagairt.
- Baineann poill chopú an bonn de bhruacha aibhneacha agus díoga, rud a chruthaíonn éagobhsaíocht.
- Is lotnaid i limistéir talmhaíochta é a itheann réimse barra lena n-áirítear barra fréimhe.
- Ceaptar go mbíonn tionchar ag copúnna ar éin uisceacha trí laghdú a dhéanamh ar ghnáthóg neadaithe.
- Taispeánadh freisin go n-iompraíonn copúnna roinnt galar a bhfuil tábhacht leo do dhaoine agus d'ainmhithe clóis.
- Is féidir le baineannaigh a bheith aibí go gnéasach ó 3 mhí d'aois agus suas le 3 bhruscar a tháirgeadh in aghaidh na bliana, le meán de 5 choileán in aghaidh an bhruscair.
Gnéithe aitheantais: Creimire mór leath-uisceach a d'fhéadfaí a mheascadh leis an madra uisce. Mar sin féin, is féidir leis na saintréithe seo a leanas cabhrú le haithint:
- Creimire mór suas le 1 mhéadar ar fhad ón gceann go dtí an t-eireaball.
- Is féidir leis a bheith 5-9kg meáchain.
- Fionnadh dorcha go minic le cinn níos éadroime, súile beaga agus eireaball fada cruinn (sorcóireach). Tá eireabaill leata ar mhadraí uisce.
- I measc na saintréithe sainiúla tá fiacla tosaigh (gearrfhiacla) móra geala oráiste-bhuí a bhíonn le feiceáil de ghnáth.
- Tá cosa cúil scallacha aige.
- Tá soc bán air ón tsrón go dtí an smig. Is minic a shíneann paiste bán an mhadra uisce ón soc síos an scornach.
Cá bhféadfainn é a fheiceáil?
Faightear copúnna go ginearálta in aice le huisce buan, go háirithe giolcacháin agus corcacha/seascaigh. Faightear iad freisin in aibhneacha, i srutháin, i lochanna, i locháin agus i bportaigh goirt i gceantair chósta.
Cad ba cheart dom a dhéanamh?

Déan tuairisciú ar aon amharc a bhfuil amhras fúthu le grianghraf más féidir.
- Déan amhairc a thuairisciú chuig danny.okeeffe@ahg.gov.ie nó ar líne ar https://records.biodiversityireland.ie
- Má tá ceann agat, ná lig dó atáirgeadh, éalú ná é a scaoileadh saothair faoin bhfiántas. Tabhair d'úinéir nua é nó cuir chun báis go daonnachtúil é mura dteastaíonn sé uait a thuilleadh.
- Scaipeadh an leathanach gréasáin seo maidir le féachaint ar speicis nó an póstaer Féachaint ar Speicis chomh forleathan agus is féidir, le do thoil.
Stádas ionrach: Measúnaithe go bhfuil an cumas ann a bheith ina speiceas ionrach a bhfuil ardtionchar aige in Éirinn. Tá sé ar cheann de 37 speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas faoi Rialachán an AE (1143/2014). Tá sé liostaithe ar an Tríú Sceideal Cuid 2 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011 in Éirinn. Tá an speiceas seo liostaithe i measc 100 de na speicis ionracha is measa san Eoraip.
Stádas tabhairt isteach: Áitiúil. Faoi dhíothú.
An bhfuil eiseamal tagartha ann?: Tá. Cuireadh ainmhithe a baineadh as láithreán Churrach Chéir i gCathair Chorcaí i dtaisce le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Dáileadh aitheanta an Chopú in Éirinn:
Ón gcéad amharc deimhnithe in 2010, chonacthas agus tuairiscíodh copúnna ó 7 suíomh. Ní fhacthas ach ainmhí amháin i 6 cinn de na suíomhanna ach baineadh daonra de 10 n-ainmhí as Cathair Chorcaí in 2016. Féach ar Léarscáileanna Bithéagsúlachta.
Bealach tabhairt isteach: Creidtear go bhfuil baint ag na hainmhithe a baineadh as ceantar Churrach Chéir le copúnna a d’éalaigh ó thaispeántas talmhaíochta a reáchtáladh gar dóibh in 2015. Níl foinse na n-ainmhithe a baineadh as Tiobraid Árann agus Luimneach in 2015 soiléir. Ní fios go gcoimeádtar copúnna mar pheataí in Éirinn ach is eol gur coinníodh iad mar speiceas taispeántais i roinnt feirmeacha peataí. Tá baint ag a dtabhairt isteach san Eoraip le feirmeoireacht fionnaidh.
Gníomhartha bainistíochta a rinneadh go dtí seo: Rinneadh na gníomhartha seo a leanas go dtí seo:
- Ainmhithe aonair bainte as Abhainn na Maoilchearna i dTiobraid Árann agus i Luimneach in 2015. Tógadh an dá cheann i mbraighdeanas.
- Mar thoradh ar fhreagairt thapa a tionscnaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2016, baineadh 10 n-ainmhí thar thréimhse 1 mhí. Monatóireacht ar an láithreán ar siúl i gcónaí.
- Fógra foirmiúil curtha chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le láithreacht an chopú ag láithreán Churrach Chéir eisithe ar an 05/10/2016. Ba é seo an chéad Fhéachaint ar Speicis a d'eisigh aon Bhallstát faoi Rialachán an AE maidir le Speicis Choimhthíocha Ionracha (1143/2014)
- Féachaint ar speicis agus glao ar an bpobal tuairisc a thabhairt ar amhairc a bhfuil amhras fúthu eisithe i mí na Bealtaine 2017. Fuarthas clúdach forleathan sna meáin.
- Cothaíonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta feidhm tuairiscithe ar líne: https://records.biodiversityireland.ie/record/invasives
Acmhainní Breise: