Féach ar an bPreasráiteas eisithe 17/08/2015
Foláireamh Speicis maidir le: Plá na ngliomach ( Aphanomyces astaci ).
Eisithe ag : An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) agus Iascaigh Intíre Éireann (IFI)
Cúis na heisiúna: Léiríonn diagnóis réamhthrialach DNA go bhfuil plá na ngliomach i láthair ar Abhainn Bruskey/Érne ag Cill Uí Dhúin, gar do Bhaile Átha nEach, Co. an Chabháin. Mar thoradh ar thuairisciú ar bhásmhaireacht na ngliomach dúchasach bánchrúbach d’Iascaigh Intíre Éireann i mí Iúil 2015, aimsíodh breis is 600 Gliomach dúchasach bánchrúbach marbh ag imscrúduithe tosaigh láithreáin IFI. Rinneadh tástáil DNA ar eiseamail de na gliomach marbha agus deimhníodh plá na ngliomach, galar múnla uisce.
Achoimre ar na tionchair fhéideartha: D’fhéadfadh bás 100% a bheith mar thoradh ar phlá na ngliomach fionnuisce i gcás an Ghliomach Fionnuisce dúchasach Bhán-Chrúbach ( Austropotamobius pallipes) atá faoi chosaint. Ar fud a raoin Eorpaigh, tá an speiceas seo scriosta ag tionchar ghalar phlá na ngliomach fionnuisce a scaip go dtí an Eoraip nuair a tugadh isteach speiceas gliomach Meiriceá Thuaidh, iompróir na plá.
Tá impleachtaí an ghalair seo thar a bheith imníoch do NPWS agus d’Iascaigh Intíre Éireann. Má théann plá na ngliomach i bhfeidhm, tá seans maith ann go ndéanfar an Gliomach Bán-Chrúbach dúchasach a dhíothú ó chuid mhór den oileán. Bheadh sé níos measa fós dá mbunófaí gliomaigh neamhdhúchasacha mar is léir ón taithí sa Bhreatain agus san Eoraip go mbíonn tionchar an-dian ag na speicis seo ar ghnáthóga agus ar speicis eile. D’fhéadfadh tionchar amháin a bheith ar iascaigh bradán agus breac agus cailliúint ioncaim turasóireachta ó na hiascaigh seo.
Cad is féidir leat a dhéanamh?
- Bí eolach ar shainaithint na ngliomach dúchasach agus neamhdhúchasach: féach ar leideanna maidir le sainaithint gliomaigh .
- Tuairiscigh láithreach aon radharc amhrasta ar gliomach neamhdhúchasach nó Gliomach Bán-Chrúbach dúchasach marbh chuig coflynn@biodiversityireland.ie nó tríd an bhfoirm ar líne . Cuir dáta an radhairc, ainm an tsuímh, comhordanáidí an tsuímh agus do shonraí teagmhála ar fáil. Más féidir, cuir grianghraf den gliomach ar fáil ag taispeáint bhun na gcrúb chun cabhrú le fíorú an radhairc.
- Is féidir galar plá na ngliomach a iompar ar threalamh fliuch, mar sin ní mór gach trealamh (éadaí agus fearas iascaireachta) atá i bhfionnuisce a chóireáil le díghalrán agus ansin é a thriomú go hiomlán sula mbogtar go limistéar eile é. Seachnóidh sé seo scaipeadh de thaisme an ghalair chuig limistéir eile.
- Ná scaoil aon gliomach neamhdhúchasach isteach in uiscí na hÉireann, tá sé mídhleathach é sin a dhéanamh.
- Scaip an foláireamh speicis seo chomh forleathan agus is féidir, le do thoil.
Stádas ionrach: Tá plá na ngliomach liostaithe mar cheann de na speicis is ionraí in Éirinn ag Speicis Ionracha Éireann. Tá an speiceas seo liostaithe ag DAISIE i measc 100 de na speicis ionracha is measa san Eoraip. Tá gach gliomach neamhdhúchasach, a d'fhéadfadh a bheith ina n-iompróirí den phlá gliomach, liostaithe ar an Tríú Sceideal Cuid 2 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011 in Éirinn. Déantar measúnú ar chúig gliomach neamhdhúchasach a ndearnadh próiseas measúnaithe riosca mionsonraithe orthu mar riosca MÓR tionchair ar Éirinn féach: http://nonnativespecies.ie/risk-assessments .
Stádas tugtha isteach: Bunaithe ach áitiúil. Níl an speiceas seo deimhnithe faoi láthair ó stráice amháin den abhainn.
An bhfuil eiseamal tagartha ann?: Tá. Tógadh eiseamail agus rinneadh tástáil orthu don phlá DNA.
Bealach isteach: Trí speiceas gliomach Meiriceánach ionfhabhtaithe a thabhairt isteach nó trí threalamh iascaireachta ionfhabhtaithe.
Tá imscrúdú á dhéanamh faoi láthair ag an NPWS agus ag an IFI ar an gcaoi ar tháinig an galar isteach in Abhainn Bruskey agus cibé an bhfuil sé scaipthe ón limistéar ionfhabhtaithe tosaigh. B’fhéidir gur tugadh an galar isteach de thaisme ar threalamh éillithe (m.sh. trealamh iascaireachta fliuch nó buataisí a úsáideadh le déanaí in uiscí atá buailte sa Ríocht Aontaithe nó in áiteanna eile) nó b’fhéidir gur tugadh speicis neamhdhúchasacha isteach sa cheantar go mídhleathach agus gur scaip siad an galar anois chuig an ngliomach bán-chrúbach dúchasach.
Má tugadh an ráig den ghalar isteach de thaisme ar threalamh éillithe, is féidir go mbeadh sé indéanta é a choinneáil faoi smacht, ach má tugadh isteach gliomach neamhdhúchasach, is dócha go mbunóidh an galar le tionchar éiceolaíoch tromchúiseach agus is dócha dochúlaithe ar fhlóra agus fhána fionnuisce na hÉireann mura ndéantar gníomh láithreach.
Gníomhartha bainistíochta a glacadh go dtí seo: Tá na gníomhartha seo a leanas glactha go dtí seo:
- Rinneadh cigireachtaí láithreáin i mí Iúil 2015 chun fairsinge bhásmhaireachta na ngliomach bánchrúbach dúchasach a mheas agus chun eiseamail a bhailiú le haghaidh anailíse.
- Tugann anailís DNA ar na speicis gliomach bánchrúbacha marbha a bhailítear diagnóis réamhchéime ar phlá na gliomach.
- Déanfar anailís níos críochnúla chun an galar a dheimhniú.
- Suirbhéanna cigireachta láithreáin bhreise ar siúl.
- Preasráiteas agus Foláireamh Speiceas eisithe chuig geallsealbhóirí tábhachtacha agus an pobal i gcoitinne [17/08/2015]
- Tá feidhm tuairiscithe ar líne ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta: http://invasivespeciesireland.com/alien-watch/
Acmhainní Breise:
- Íoslódáil an preasráiteas arna eisiúint ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta [17/08/2015]
- Féach ar Leideanna Aitheantais do na speicis dúchasacha agus neamhdhúchasacha gliomach
- Féach ar Cheisteanna Coitianta
- Íoslódáil an bhileog eolais faoi Chosaint Gliomach na hÉireann
- Íoslódáil an treoir maidir le haitheantas gliomach comharthaíochta
- Féach ar gach ceann de na measúnuithe riosca mionsonraithe iomlána do chúig speiceas neamhdhúchasach gliomach http://nonnativespecies.ie/risk-assessments/