Preasráiteas ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta eisithe: Déardaoin, 18 Bealtaine 2017
Práinn curtha ar úsáideoirí uisce réamhchúraimí a ghlacadh chun ráig de Phlá na nGliomach Fionnuisce a theorannú ar Abhainn na Siúire le sruth ó Chluain Meala go Carraig na Siúire
Táthar ag tathant ar gach úsáideoir uisce réamhchúraimí a ghlacadh tar éis deimhniú a fháil ar ráig de Phlá na nGliomach Fionnuisce ar shraith d'Abhainn na Siúire le sruth ó Chluain Meala go Carraig na Siúire. Tagann sé seo tar éis do líon mór gliomach fionnuisce marbh a bheith tuairiscithe ar an abhainn níos luaithe an mhí seo. Tá sé deimhnithe anois trí anailís DNA gurbh í plá na ngliomach fionnuisce ba chúis leis an mbás.
Ní dhearna an bású difear ach don Ghliomach Fionnuisce Bánghreamaitheach agus níl tionchar ar bith ar ainmhithe fionnuisce eile. Is gné shainiúil í seo den ghalar nach n-ionfhabhtaíonn ach speicis gliomach fionnuisce ach a chruthaíonn básmhaireacht 100%. Beidh gach gníomhaireacht, lena n-áirítear an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Iascach Intíre Éireann agus Comhairle Contae Thiobraid Árann, ag obair chun an ráig a shrianadh go dtí an stráice seo d'Abhainn na Siúire. Ag cur san áireamh an taithí ar ráigeanna in áiteanna eile, táthar ag súil le díothú iomlán an daonra rud a mbeidh iarmhairtí móra aige d’éiceolaíocht na habhann. Tá gliomaigh fhionnuisce an-choitianta sa tSiúir agus tá siad tábhachtach chun a héiceolaíocht a chothabháil.


Táthar ag tathant ar aon duine a úsáideann an abhainn cloí leis an bprótacal ‘Seiceáil, Glan agus Triomaigh’ a luaithe a fhágann siad an abhainn agus sula n-úsáidfidh siad arís í. Ciallaíonn sé seo gur cheart gach trealamh fliuch (báid, éadaí agus trealamh) a sheiceáil le haghaidh aon siolta nó láibe, ábhar plandaí nó ainmhithe sula nglantar agus sula dtriomaítear iad ar deireadh. Ba chóir díghalrán nó uisce te (os cionn 40 céim Celsius) a úsáid chun gach trealamh a ghlanadh agus tréimhse thriomaithe 24 uair an chloig a thabhairt ina dhiaidh sin.
Tá an tréimhse thriomaithe thar a bheith tábhachtach chun a chinntiú go bhfuil an trealamh go léir saor ó orgánaigh thógálacha, lena n-áirítear aon uisce taobh istigh den bhád a bhaint. Is féidir orgánach phlá na ngliomach uisce a iompar ar threalamh fliuch go láithreáin nua agus tá sé riachtanach an ráig a shrianadh chun cosc a chur ar a leathadh chuig daonraí eile in Éirinn nach bhfuil buailte fós.
Is é seo an dara ráig dheimhnithe den ghalar in Éirinn tar éis ráig i gContae an Chabháin in 2015. Níl aon léiriú ar an gcaoi ar shroich an galar an tSiúir cé nach meastar gur dócha go bhfuil ceangal leis an ráig sa Chabhán toisc gur cosúil go bhfuil deireadh tagtha leis an ngalar ansin. Is cúis mhór imní í an ráig seo ar Abhainn na Siúire mar go bhfuil an stráice den abhainn a bhfuil tionchar aige uirthi an-choitianta i measc iascairí agus curachóirí.
Is speiceas atá faoi bhagairt dhomhanda é an Gliomach Fionnuisce Bánghreamannach agus tá ceann de na daonraí marthanacha is mó in Éirinn. Is é an t-aon speiceas gliomaigh fhionnuisce é a fhaightear in Éirinn agus tá sé i láthair i lochanna, aibhneacha agus srutháin ar fud chuid mhór den oileán. Ar fud a raoin Eorpaigh, tá an speiceas seo scriosta ag tionchar Phlá na nGliomach a leathnaigh go dtí an Eoraip le tabhairt isteach speiceas gliomaigh ó Mheiriceá Thuaidh. Go dtí 2015, meastar go raibh Éire saor ón ngalar agus is í an t-aon tír Eorpach fós í gan aon speiceas gliomaigh neamhdhúchasach bunaithe.
Má bhunaítear Plá na nGliomach Fionnuisce tá dóchúlacht ard ann go ndíothófar an Gliomach Fionnuisce
Bánghreamaitheach, atá cosanta faoi láthair faoi Dhlí na hÉireann agus faoi Threoir AE maidir le Gnáthóga, as cuid mhór d'Éirinn. Má fhaightear amach go bhfuil gliomaigh fhionnuisce neamhdhúchasacha bunaithe in Éirinn, d’fhéadfadh tionchar mór a bheith aige seo ar ghnáthóga mar is féidir leo bruacha canálach agus abhann a dhíchobhsú trí thochailt. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar speicis fionnuisce eile, mar shampla iascaigh bhradáin agus bhric. Ag an tráth seo áfach, níl aon fhianaise ann gur tugadh gliomaigh fhionnuisce neamhdhúchasacha isteach sa tír seo.
Iarrtar ar an bpobal cloí leis an bprótacal ‘Seiceáil, Glan agus Triomaigh’ agus an abhainn á húsáid acu agus foláireamh a thabhairt do na húdaráis faoi aon bhásmhaireacht mhaise gliomach fionnuisce chomh maith le feiceáil gliomach fionnuisce neamhghnách (m.sh. spóga dearga, méid mór) trí ríomhphost a sheoladh chuig Colette O’Flynn (coflynn@biodiversityireland.ie) ag Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, Port Láirge.
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh eolais do na meáin:
Brian Nelson – T: 087 967 9937; R: brian.nelson@ahg.gov.ie
Ciaran O’Keeffe T: 087 2646416) R: ciaran.okeeffe@ahg.gov.ie
Nótaí d'Eagarthóirí:
- Ba chóir d’aon duine a fheiceann aon ghliomach fionnuisce marbh nó ag fáil bháis é seo a thuairisciú don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, d’Iascach Intíre Éireann, do Chomhairle Contae Thiobraid Árann nó do Colette O’Flynn ag Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, Port Láirge (ríomhphost: coflynn@biodiversityireland.ie)
- Iarrtar ar dhaoine den phobal a cheapann go bhfaca siad speiceas neamhdhúchasach gliomaigh fhionnuisce grianghraf de a thógáil ag taispeáint an taobh thíos de na spóga agus é a chur isteach tríd an leathanach gréasáin seo https://records.biodiversityireland.ie/record/invasives nó go díreach chuig Colette O’Flynn (ríomhphost: coflynn@biodiversityireland.ie) Fón: 051 306248
- Gliomach Fionnuisce Bánghreamaitheach Austropotamobius pallipes: Faightear é seo ar fud na hÉireann go príomha ach ní go heisiach i gceantair a bhfuil geolaíocht aolchloiche acu. Maireann sé i réimse an-leathan d'fhionnuisce ó shrutháin bhídeacha agus díoga go leor lochanna beaga, meánmhéide agus móra. Is cothaitheoir ginearálaithe é an speiceas agus tá sé féin ina chreach shuntasach ag an Madra Uisce.
- Is orgánach cosúil le fungas Aphanomyces astaci is cúis le Plá na nGliomach Fionnuisce, a bhfuil a bhunús i Meiriceá Thuaidh ach a fhaightear anois ar fud na hEorpa. Is gnách go bhfásann orgánach Phlá na nGliomach Fionnuisce (Oomycete go teicniúil agus a dtugtar múnlaí uisce orthu go minic) ar bhlaosc sheachtrach gliomach fionnuisce agus toisc go mbíonn díolúine ag gliomaigh fhionnuisce Mheiriceá Thuaidh ina choinne de ghnáth, is féidir leo cosc a chur ar aon ionfhabhtú fíocháin a gcoirp a bhaint amach. Mar sin féin, nuair a ionfhabhtaíonn an múnla uisce an Gliomach Fionnuisce Bánghreamaitheach agus gliomaigh Eorpacha eile, leathann sé go tapa, agus go marfach, isteach i bhfíocháin an choirp. Éiríonn ainmhithe ionfhabhtaithe buartha agus iompraíonn siad iad féin go neamhghnách agus féadfaidh siad maireachtáil ar feadh roinnt seachtainí sula bhfaigheann siad bás.
- Gliomaigh Fhionnuisce Neamhdhúchasacha: Is ionann iad seo agus aon speiceas nach bhfuil dúchasach don tír. Aistríodh go leor speiceas gliomach fionnuisce laistigh den Eoraip agus isteach san Eoraip ó Mheiriceá Thuaidh agus ón Astráil. Is é an Gliomach Comharthaíochta Mheiriceá Thuaidh Pacifastacus leniusculus an ceann is suntasaí díobh seo, agus tá sé ar cheann de phríomhiompróirí Phlá na nGliomach Fionnuisce. Tá an speiceas seo i bhfad níos mó ná an Gliomach Fionnuisce Bánghreamaitheach agus tá dath dearg sainiúil ar an taobh thíos de na spóga.
- Tá cúlra faisnéise faoi na gliomaigh fhionnuisce dhúchasacha agus neamhdhúchasacha agus faoi phlá na ngliomach fionnuisce ar fáil le breathnú air agus le priontáil ó na leathanaigh ghréasáin seo: https://www.biodiversityireland.ie/crayfish-plaque-2017and http://www.npws.ie/sites/default/files/publications/pdf/Crayfish_leaflet.pdf
- Tá eolas faoin bprótacal Seiceáil, Glan, Triomaigh ar fáil ó shuíomh gréasáin Rúnaíocht na Speiceas Neamhdhúchasach sa Bhreatain Mhór http://www.nonnativespecies.org/checkcleandry/
