Áiteamh ar úsáideoirí uisce réamhchúraimí a ghlacadh chun ráig de Phlá na nGliomach Uisce (a d'fhéadfadh básmhaireacht 100% a dhéanamh ar Ghliomaigh Uisce dhúchasacha) atá deimhnithe ar Abhainn Al, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí a theorannú.
*Preasráiteas eisithe an 09/11/2018 ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Táthar ag tathant ar gach úsáideoir uisce feadh Abhainn na Sionainne réamhchúraimí a ghlacadh tar éis deimhniú a fháil ar ráig de Phlá na nGliomach Uisce (a mharaíonn an Gliomach Fionnuisce Bánghrianach dúchasach) ar shíneadh d'Abhainn Al. Tá an Abhainn seo ar cheann de na príomhafhuaráin a théann isteach in Abhainn na Sionainne i mBaile Átha Luain agus ritheann sí siar go dtí a cumar ag dul isteach sa tSionainn le sruth ón gcora.
Tuairiscíodh líon beag gliomach fionnuisce marbh ar an abhainn an tseachtain seo caite. Dheimhnigh anailís DNA ón bhForas Mara anois go raibh na gliomaigh uisce ionfhabhtaithe leis an orgánach cosúil le fungas atá freagrach as Plá na nGliomach Uisce a chruthú. Tá tuilleadh anailísí fós ar siúl le fáil amach an bhféadfadh aon cheangal a bheith idir an ceann seo agus ráigeanna roimhe seo de Phlá na nGliomach Uisce.
Ní dhéanann Plá na nGliomach Uisce difear ach don Ghliomach Fionnuisce Bánghrianach dúchasach. Ní dhéantar difear d'éisc agus d'ainmhithe fionnuisce eile. Ní chuireann an galar isteach ach ar speicis ghliomach uisce agus léiríonn an taithí in áiteanna eile gur féidir leis an ngalar básmhaireacht suas le 100% a dhéanamh ar speicis ghliomach uisce bhánghrianacha. Beidh gníomhaireachtaí lena n-áirítear an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Comhairle Bardasaí agus Contae na hIarmhí ag obair le chéile chun comharthaíocht a chur suas feadh Abhainn Al agus beidh faisnéis ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae na hIarmhí.
Aithnítear Plá na nGliomach Uisce mar bhagairt an-mhór do mharthanas an Ghliomaigh Fhionnuisce Bhánghrianaigh in Éirinn, atá faoi bhagairt dhomhanda.
Meastar go bhfuil an galar marfach do gach gliomach uisce dúchasach ionfhabhtaithe agus is é an taithí atá i dtíortha eile ná go ndéantar díothú iomlán ar dhaonraí Gliomach Fionnuisce Bánghrianach san áit a dtarlaíonn ráigeanna.
Leathann an galar go dofheicthe san uisce agus féadfar an chéim thógálach a aistriú chuig córais abhann agus locha eile ar threalamh, ar bháid agus ar innealra.

Tagann an galar ó speicis ghliomach uisce Mheiriceá Thuaidh atá forleathan anois sa RA agus ar mhór-roinn na hEorpa. Go dtí seo níl aon taifead ar na speicis Mheiriceánacha seo in Éirinn agus tá sé in aghaidh an dlí iad a thabhairt isteach go hÉirinn, iad a dhíol, a dháileadh nó a scaoileadh saor.
Is é seo an seachtú ráig dheimhnithe den ghalar ar fud oileán na hÉireann ar fad ó aimsíodh é den chéad uair in 2015 i gContae an Chabháin, agus ina dhiaidh sin tharla 4 ráig dheimhnithe ar leith in 2017 agus ráig dheimhnithe amháin i dTuaisceart Éireann níos luaithe i mbliana. Ba é an ráig roimhe seo ba ghaire ná ceann i gceantar Bhaile Uí Lachna i gCo. Thiobraid Árann. Ní fios cén chaoi a bhféadfadh an galar a bheith tagtha chuig Abhainn Al.
Bearta Bithshlándála
Ba cheart do dhuine ar bith a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí in Abhainn Al agus in Abhainn na Sionainne cloí leis an bprótacal ‘Seiceáil, Glan agus Triomaigh’ nuair a fhágann siad an abhainn agus sula dtéann siad chuig aon uiscebhealach arís. Áirítear leis seo grúpaí glanta pobail agus údaráis áitiúil, obair suirbhéireachta chomh maith le slatiascairí agus gach úsáid áineasa uisce. Ba cheart gach fearas fliuch (báid, éadaí agus trealamh) a sheiceáil le haghaidh aon siolta nó láibe, ábhar plandaí nó ainmhithe sula ndéanfar iad a ghlanadh go críochnúil agus a thriomú sa deireadh. Ba cheart dífhabhtán nó uisce te (os cionn 40 céim Celsius) a úsáid chun an trealamh go léir a ghlanadh agus ba cheart tréimhse thriomaithe 48 uair ar a laghad a leanúint (b'fhearr níos faide suas le seachtain).
https://www.biodiversityireland.ie/crayfish-plague
Tá an tréimhse thriomaithe thar a bheith tábhachtach chun a chinntiú go bhfuil an trealamh go léir saor ó orgánaigh thógálacha, lena n-áirítear aon uisce taobh istigh den bhád a bhaint. Is féidir orgánach phlá na ngliomach uisce a iompar ar threalamh fliuch go láithreáin nua agus tá sé riachtanach an ráig a shrianadh chun cosc a chur ar a leathadh chuig daonraí eile in Éirinn nach bhfuil buailte fós.
Léiríonn leathadh dealraitheach Phlá na nGliomach Uisce in Éirinn le blianta beaga anuas an gá atá le cloí leis an bprótacal ‘Seiceáil, Glan agus Triomaigh’ mar ghnáthamh do gach úsáideoir uiscebhealaí in Éirinn.
Tábhacht an Ghliomaigh Fhionnuisce Bhánghrianaigh Is speiceas atá faoi bhagairt dhomhanda é an Gliomach Fionnuisce Bánghrianach agus tá ceann de na daonraí marthanacha is mó ar domhan ag Éirinn. Is é an t-aon speiceas gliomach fionnuisce é a fhaightear in Éirinn agus tá sé i láthair i lochanna, aibhneacha agus srutháin ar fud chuid mhór den oileán. Ar fud a raoin Eorpaigh, rinneadh scrios ar an speiceas seo mar thoradh ar thionchar Phlá na nGliomach Uisce a leath go dtí an Eoraip le tabhairt isteach speiceas gliomach uisce Mheiriceá Thuaidh. Go dtí 2015, measadh go raibh Éire saor ón ngalar agus is í an t-aon tír Eorpach fós í gan aon speiceas gliomach uisce neamhdhúchasach bunaithe.
Má bhunaítear Plá na nGliomach Uisce, tá seans mór ann go ndíothófar an Gliomach Fionnuisce Bánghrianach, atá faoi chosaint faoi láthair faoi Dhlí na hÉireann agus faoi Threoir Ghnéithe Cónaithe an AE, as cuid mhór d'Éirinn. Má fhaightear amach go bhfuil gliomaigh uisce neamhdhúchasacha bunaithe in Éirinn, d'fhéadfadh drochthionchar mór a bheith aige seo ar ghnáthóga toisc gur féidir leo bruacha canálacha agus aibhneacha a dhíchobhsú trí thochailt. D'fhéadfadh sé dul i bhfeidhm ar speicis fionnuisce eile freisin, mar shampla iascaigh bhradáin agus bhric.
Cuireann I.R. 354/2018, Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Speicis Choimhthíocha Ionracha) (Gliomaigh Fhionnuisce) 2018, toirmeasc ar allmhairiú, díol, coimeád nó scaoileadh isteach roinnt speiceas gliomach uisce neamhdhúchasach a cuireadh ar liosta an AE de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas ('liosta an Aontais'). Áirítear leis seo an gliomach comharthaíochta, an gliomach marmarach agus gliomach dearg an phortaigh. Ag an am seo, áfach, níl aon fhianaise ann gur tugadh gliomaigh fionnuisce neamhdhúchasacha isteach sa tír seo.
Iarrtar ar an bpobal an prótacal ‘Seiceáil, Glan agus Triomaigh’ a leanúint agus na huiscebhealaí á n-úsáid acu agus na húdaráis a chur ar an eolas faoi aon bhásmhaireacht mais de ghliomaigh uisce chomh maith le radhairc ar ghliomaigh uisce neamhghnácha (m.sh. crúba dearga, méid mór).
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (www.npws.ie) ríomhphost: Nature.conservation@chg.gov.ie
Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta (www.biodiversityireland.ie) (coflynn@biodiversityireland.ie)
Iascach Intíre Éireann (www.fisheriesireland.ie)
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Ba cheart do dhuine ar bith a fheiceann aon ghliomach uisce marbh nó ag fáil bháis é seo a thuairisciú don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, do Chomhairle Contae na hIarmhí nó do Colette O'Flynn san Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, Port Láirge (ríomhphost: coflynn@biodiversityireland.ie)
Iarrtar ar dhaoine den phobal a cheapann go bhfaca siad speiceas neamhdhúchasach de ghliomach uisce grianghraf de a ghlacadh a thaispeánann taobh thíos na gcrúba agus é a chur isteach tríd an leathanach gréasáin seo https://records.biodiversityireland.ie/record/invasives nó go díreach chuig Colette O'Flynn (ríomhphost: coflynn@biodiversityireland.ie) Fón: 051 306248
An Gliomach Fionnuisce Bánghrianach (Austropotamobius pallipes): Tarlaíonn sé seo ar fud na hÉireann go príomha ach ní go heisiach i gceantair a bhfuil geolaíocht aolchloiche acu. Maireann sé i réimse an-leathan fionnuisce ó shrutháin agus díoga bídeacha go leor lochanna beaga, meánmhéide agus móra. Speiceas ginearálaithe beathaithe atá ann agus ar a sheal is creach thábhachtach é don Mhadra Uisce.
Is é an t-orgánach cosúil le fungas Aphanomyces astaci is cúis le Plá na nGliomach Uisce, ar de thionscnamh Mheiriceá Thuaidh é ach a fhaightear anois ar fud na hEorpa. Fásann orgánach Phlá na nGliomach Uisce (óimicéit go teicniúil agus ar a dtugtar caonaigh uisce go minic) de ghnáth ar shliogán seachtrach na ngliomach uisce agus toisc go mbíonn gliomaigh uisce Mheiriceá Thuaidh díonach air go ginearálta, is féidir leo cosc a chur ar aon ionfhabhtú ó theacht chuig a bhfíocháin choirp. Mar sin féin, nuair a ionfhabhtaíonn an caonach uisce an Gliomach Fionnuisce Bánghrianach agus gliomaigh uisce Eorpacha eile, leathann sé go tapa, agus go marfach, isteach sna fíocháin choirp. Tagann anacair ar ainmhithe ionfhabhtaithe agus iompraíonn siad iad féin go neamhghnách agus féadfaidh siad maireachtáil ar feadh roinnt seachtainí sula bhfaigheann siad bás.
Gliomaigh Uisce Neamhdhúchasacha: Is ionann iad seo agus aon speiceas nach bhfuil dúchasach don tír. Aistríodh go leor speiceas gliomach uisce laistigh den Eoraip agus isteach san Eoraip ó Mheiriceá Thuaidh agus ón Astráil. Is é an ceann is suntasaí díobh seo Gliomach Comharthaíochta Mheiriceá Thuaidh Pacifastacus leniusculus atá ar cheann de phríomhiompróirí Phlá na nGliomach Uisce. Tá an speiceas seo i bhfad níos mó ná an Gliomach Fionnuisce Bánghrianach agus tá dath dearg sainiúil ar thaobh thíos na gcrúba aige.
Tá cúlra-fhaisnéis ar na gliomaigh uisce dhúchasacha agus neamhdhúchasacha agus ar phlá na ngliomach uisce ar fáil le breathnú uirthi agus le priontáil ó na leathanaigh ghréasáin seo: www.biodiversityireland.ie/crayfish-plague agus http://www.npws.ie/sites/default/files/publications/pdf/Crayfish_leaflet.pdf
Tá faisnéis ar an bprótacal Seiceáil, Glan, Triomaigh ar fáil ó shuíomh gréasáin Rúnaíocht na Speiceas Neamhdhúchasach sa Bhreatain Mhór http://www.nonnativespecies.org/checkcleandry/