
Tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta díreach tar éis a Athbhreithniú Bliantúil 2014 a fhoilsiú. Tugann an t-athbhreithniú forbhreathnú ar na cláir oibre éagsúla a chuir an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta i gcrích i rith na bliana. Mar chuid de phríomhobair an Ionaid Sonraí maidir le sonraí bithéagsúlachta a bhailiú, a bhainistiú agus a thaispeáint, fásadh an bunachar sonraí náisiúnta go dtí níos mó ná 3 mhilliún taifead bithéagsúlachta d'oileán na hÉireann agus a uiscí mara. Tá an fás seo sa bhunachar sonraí mar gheall go páirteach ar an ranníocaíocht shuntasach a rinne taifeadóirí deonacha, ar a dtugtar 'eolaithe saoránach' go minic, trína radharcanna a chur isteach go díreach chuig an Ionad Sonraí, nó chuig na scéimeanna taifeadta iomadúla a oibríonn a eagraíochtaí comhpháirtíochta. Tá soláthar raon seirbhísí comhroinnte le haghaidh bainistíocht agus taispeáint sonraí lárnach in obair an Ionaid Sonraí. Leagann an tAthbhreithniú Bliantúil béim ar raon feidhme na seirbhísí comhroinnte seo agus soláthraíonn sé samplaí de sheachadadh rathúil seirbhísí comhroinnte le cuid dá phríomhchomhpháirtithe. Leanann an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta de bheith ag leathnú an raoin seirbhísí comhroinnte a sholáthraíonn sé do chomhpháirtithe, mar sin má d'fhéadfadh aon eagraíocht leas a bhaint as seirbhísí bainistíochta sonraí bithéagsúlachta, déan teagmháil dhíreach leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta.