Bhuaigh Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta an phríomhdhuais do ‘Úsáid is fearr as sonraí chun tionchar sóisialta a bhaint amach’ ag na Gradaim DatSci le déanaí

Tá an-áthas ar Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta an gradam do ‘Úsáid is fearr as sonraí chun tionchar sóisialta a bhaint amach’ a bheith buaite acu ag searmanas Bhronnadh Ghradaim DatSci i mBaile Átha Cliath le déanaí. Tugann gradaim DatSci, atá urraithe ag Deloitte, na heolaithe sonraí is fearr agus is éirimiúla in Éirinn le chéile chun an obair thábhachtach atá á déanamh i gceann de na hearnálacha is mó fáis in Éirinn a aithint. Catagóir nua dámhachtana i ngradaim DatSci a bhí san Úsáid is Fearr as Sonraí chun Tionchar Sóisialta a Bhaint Amach, urraithe ag Deutsche Bank, agus mheall sé iontrálaithe ar fud na hEorpa. Fógraíodh an gradam ag searmanas bronnta speisialta a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an 7ú Meán Fómhair, ar fhreastail breis agus 300 eolaí sonraí agus ionadaithe tionscail air.
D'aithin an gradam go bhfuil “tionchar láidir dearfach imeartha ag Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ar ár dtuiscint náisiúnta ar bhithéagsúlacht na hÉireann, acmhainn nádúrtha thábhachtach a chuireann ar a laghad €2.6 billiún le heacnamaíocht na hÉireann gach bliain. Ag baint úsáide as modheolaíochtaí eolaíocha mar aon le teicnící nuálacha anailíse sonraí, agus le tacaíocht ó theicneolaíochtaí nua-aimseartha, tá sé ag ardú phróifíl na bithéagsúlachta, ag spreagadh rannpháirtíocht na saoránach trí thaifeadadh agus chaomhnú na bithéagsúlachta, agus ag dul i bhfeidhm ar bheartas trí léargais láidre bunaithe ar shonraí a sholáthar”.
Tá foireann de sheachtar ball foirne lánaimseartha ag Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, atá lonnaithe i bPort Láirge, le tacaíocht ó fhoireann bheag de shainseirbhísigh TFC, iad uile fostaithe ag Compass Informatics, an FBM a reáchtálann Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta thar ceann na Comhairle Oidhreachta.
Is é misean an Ionaid ná comhordú náisiúnta agus caighdeáin náisiúnta a sholáthar maidir le sonraí agus taifeadadh bithéagsúlachta, cuidiú le sonraí agus faisnéis bithéagsúlachta a phríomhshruthú i gcinnteoireacht, i bpleanáil, i mbainistíocht caomhnaithe agus i dtaighde, agus rannpháirtíocht níos mó ag an tsochaí a spreagadh maidir le bithéagsúlacht a dhoiciméadú agus a léirthuiscint.
Nuair a thosaigh an tIonad ag feidhmiú in 2007 ní raibh aon stór lárnach de thaifid bhithéagsúlachta ann, ní raibh aon nós ann sonraí a roinnt, agus bhí líonra eolaíochta saoránach lag ann nach raibh mórán cumais aige sonraí ardchaighdeáin a ghiniúint. Anois tá bunachar sonraí náisiúnta bithéagsúlachta atá bailíochtaithe go heolaíoch ann de bhreis agus 4 mhilliún taifead a dhoiciméadaíonn níos mó ná 16,000 speiceas a fhaightear ó 144 fhoinse sonraí éagsúla. Áirítear ar líonra an Ionaid níos mó ná 9,000 saoránach-eolaí gníomhach, agus le cúig bliana anuas chuir sé 106 cúrsa oiliúna ar fáil ag uasghrádú scileanna níos mó ná 1,500 duine aonair trína chlár ceardlann. Cuirtear rochtain ar na sonraí seo ar fáil trí thairseach mapála úrscothach https://maps.biodiversityireland.ie/ .
Ag labhairt dó i ndiaidh an ghradaim, dúirt an tUasal Gearoid Ó Riain, Stiúrthóir Bainistíochta Compass Informatics ‘go raibh torthaí an-dearfach ar ról comhlachta phríobháidigh, Compass Informatics. Bhí an chuideachta in ann an taithí a fuarthas agus an saineolas a forbraíodh a thabhairt do chliaint agus do thíortha eile – lena n-áirítear Institiúid Náisiúnta Bithéagsúlachta na hAfraice Theas, agus poist ardluacha agus cineálacha cur chuige nua eolaíochta sonraí a chruthú, ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach i bPort Láirge freisin’. Dúirt sé freisin ‘go bhfuil Compass Informatics ag cur tairbhí suntasacha taighde agus forbartha óna chuid acmhainní féin leis an Ionad, ag cinntiú go bhfuil an bhithéagsúlacht chun tosaigh ó thaobh cúrsaí tráchtála, eolaíochta agus sóisialta de’.
Dúirt Michael Starrett, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta trína gcuirtear an maoiniú don Ionad ar fáil, “Is gradam iontach é seo agus léiríonn sé go soiléir an nasc an-láidir idir cáilíocht na sonraí bithéagsúlachta agus an bealach ar féidir iad a chur i bhfeidhm chun caighdeán saoil daoine a fheabhsú agus dá bhrí sin tionchar dearfach sóisialta a imirt”.
CÚLRA
Maidir le Gradaim DatSci (https://www.datsciawards.ie/)
Reáchtáladh Gradaim DatSci 2018 ar an 7 Meán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh. Tugann na gradaim, arna n-óstáil ag Next Generation i gcomhar le CeADAR, níos mó ná 300 ceannaire tionscail eolaíochta sonraí le chéile agus tugann siad ómós dóibh siúd a bhfuil an méid is mó bainte amach acu agus a chuidigh go mór i réimse na heolaíochta sonraí agus na hanailísíochta atá ag méadú go mear. Tá eolaíocht agus anailísíocht sonraí ag éirí go tapa mar mhórghnó in Éirinn. Meastar go mbeidh 40,000-60,000 ról anailísíochta in Éirinn faoi 2020, agus sciar mór díobh i róil “atá ag teacht chun cinn”, lena n-áirítear róil dhomhain-anailísíochta agus róil a bhfuil “tuiscint mhaith ar anailísíocht” acu. Le blianta beaga anuas tá go leor corparáidí ilnáisiúnta ar nós Deutsche Bank, Zalando, IBM, Aon agus Citi tar éis a n-ionaid sármhaitheasa anailísíochta domhanda a bhunú in Éirinn. Cruthaíodh agus méadaíodh ionaid anailísíochta le déanaí freisin ag Deloitte, IBM, SAS, agus AON.
Maidir le hIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta (https://www.biodiversityireland.ie/)
Is ionad náisiúnta é Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun sonraí maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann a bhailiú, a thiomsú, a bhainistiú, a anailísiú agus a scaipeadh. Tá sonraí bithéagsúlachta mar phríomhriachtanas chun ár dtimpeallacht nádúrtha a thuiscint, chun athruithe inár dtimpeallacht a rianú agus chun léargas níos fearr a fháil ar an gcaoi a mbainimid leas as, agus a mbímid ag dul i bhfeidhm ar, na hearraí agus na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn éagsúlacht bhitheolaíoch; sócmhainn náisiúnta a chuireann ar a laghad €2.6 billiún le heacnamaíocht na hÉireann gach bliain. Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an tIonad Sonraí in 2007 agus tá sé maoinithe ag an gComhairle Oidhreachta agus ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Oibrítear an tIonad faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse ag Compass Informatics Limited, cuideachta teicneolaíochtaí faisnéise agus suímh atá dírithe ar fheidhmithe in acmhainní nádúrtha agus i bpleanáil.
Is féidir teacht ar Léarscáileanna Bithéagsúlachta ag https://maps.biodiversityireland.ie/
Is féidir teacht ar Thairseach Eolaíochta Saoránach na hÉireann ag https://records.biodiversityireland.ie/
Maidir le Compass Informatics (https://www.compass.ie/)
Is cuideachta 21 bliain d'aois í Compass Informatics a úsáideann teicneolaíochtaí suímh agus anailísíocht chun léargais faisnéise a sholáthar do chliaint in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus san Afraic Theas go príomha. Ag baint úsáide as scileanna comhchosúla, cuireann an chuideachta seirbhísí agus córais ar fáil do réimse earnálacha, lena n-áirítear iompar, an comhshaol, acmhainní nádúrtha, agus pleanáil. Baineann scileanna ar leith le húsáid a bhaint as gné suímh nó gné spásúil na sonraí chun oibríochtaí a thuiscint agus a bharrfheabhsú, chun léargais a roinnt agus a léirshamhlú, agus chun comhlíonadh rialachán a chinntiú. Oibríonn Compass Informatics Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta thar ceann na Comhairle Oidhreachta, Éire. Ligeann sé seo don Ionad díriú ar ghabháil, anailís agus roinnt sonraí digiteacha, agus ar rannpháirtíocht leathan le go leor eagraíochtaí agus daoine aonair.
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:
An Dr. Liam Lysaght, Stiúrthóir an Ionaid,
An tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta
Ríomhphost: llysaght@biodiversityireland.ie
Fón: +353 51 306240