Bailiú agus bailíochtú sonraí
Tá dhá phríomhphíosa bonneagair dhigitigh ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta:
Tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann – Is tairseach náisiúnta í Tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann a bhailíonn sonraí bithéagsúlachta trí shraith d'fhoirmeacha taifeadta tiomnaithe ar líne. Is féidir taifid a chur isteach tríd an leagan deisce/gréasáin de Thairseach na hEolaíochta Saoránaí nó tríd an aip Gabháil Sonraí Bithéagsúlachta atá ar fáil do Android agus iOS.
Féach ar an bhfíseán thíos le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil faoi Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann:
Léarscáileanna Bithéagsúlachta – Is tairseach náisiúnta í Léarscáileanna Bithéagsúlachta a thiomsaíonn sonraí bithéagsúlachta ó fhoinsí iolracha agus a chuireann ar fáil saor in aisce ar líne iad. Úsáidtear í chun sonraí tarlaithe agus dáileacháin a thaispeáint do speicis ar leith nó do ghrúpaí tacsanomaíocha.
Féach ar an bhfíseán thíos le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil faoi Léarscáileanna Bithéagsúlachta:
Próiseas Bailíochtaithe

Ní mór do thaifid a chuirtear isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann dul trí bhailíochtú sula ndéantar iad a uasluchtú chuig Léarscáileanna Bithéagsúlachta. Is féidir an próiseas ginearálta bailíochtaithe a fheiceáil sa mhúnla thuas. Baineann sé seo le glanadh, formáidiú agus ansin seiceáil ar thaifid aonair. Is tar éis don taifead a bheith ceadaithe tríd an bpróiseas bailíochtaithe seo amháin a bhíonn sé réidh le huasluchtú chuig Léarscáileanna Bithéagsúlachta. Is ar bhonn míosúil, ráithiúil nó bliantúil de ghnáth a dhéantar bailíochtú gníomhach ar ghrúpaí tacsanomaíocha. Aibhsítear nuashonruithe ar thacair shonraí ar Léarscáileanna Bithéagsúlachta agus fógraítear iad go ginearálta ar ár n-ardáin meán sóisialta. Is iad foireann an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus roinnt saineolaithe seachtracha speiceas a dhéanann an bailíochtú, agus tá siad faoi réir ár gComhaontú GDPR do Bhailíochtóirí, atá le feiceáil thíos. Tugann na bailíochtóirí seo a gcuid ama agus a gcuid saineolais go flaithiúil chun na taifid a cuireadh isteach a sheiceáil agus, ó am go chéile, d'fhéadfadh go mbeadh ar roinnt bailíochtóirí dul i dteagmháil le taifeadóir le haghaidh faisnéis bhreise a bhaineann lena n-aighneacht. Bí cinnte nach rachaidh bailíochtóir i dteagmháil leat ach amháin maidir le taifid atá curtha isteach agat.
Cliceáil anseo le haghaidh liosta na mbailíochtóirí
Cliceáil anseo chun ár gComhaontú GDPR do Bhailíochtóirí a fheiceáil