Mar chuid de Dragonfly Ireland 2019-2024, tá ár gcomhghleacaithe san Ionad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta ag reáchtáil ceardlainne ag Portach na Bréacaí i gCo. Ard Mhacha Dé Céadaoin an 24 Iúil.
Suíomh: Oileán Oxford
Cuairt ar an láithreán: Portach na Bréacaí
Cuirfidh an tUas. Robert Thompson na speicis de Shnáthaidí Móra agus de Bhéichuileanna a fhaightear in Éirinn in aithne dúinn.
Féachfaimid ar ghnéithe a úsáidtear chun iad a aithint agus ar na hacmhainní atá ar fáil mar chabhair. Réamhrá sa Seomra Oideachais, an tIonad Fionnachtana, Oileán Oxford. Ag teacht le chéile ag 9.30 le haghaidh tosach ag 10am.
Tar éis an Réamhrá, tabharfaimid cuairt ar Phortach na Bréacaí in aice láimhe chun speicis a aimsiú le hainmniú.
Tá an cúrsa seo oscailte do dhaoine fásta ar spéis leo bithéagsúlacht agus taifeadadh Snáthaidí Móra.
Tá fáilte roimh gach leibhéal taithí ar aithint speiceas.
Tá éadaí agus coisbheart oiriúnach d'obair allamuigh riachtanach. Beir leat do líon má tá ceann agat.
Tabhair leat lón pacáilte le do thoil mar beimid amuigh faoin aer formhór an lae.
Costas an Chúrsa: £25 an duine
Chun Áirithint a Dhéanamh: Cliceáil Anseo chun Áirithint a dhéanamh trí shuíomh gréasáin CEDaR