
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tSeachtain Náisiúnta Bithéagsúlachta 2019 táimid ag reáchtáil Dragonfly Dash!
Cad is Dragonfly Dash ann?
Ba mhaith linn go rachadh gach duine ar fud na hÉireann amach chun a n-abhainn, a loch nó a bportach áitiúil a fhiosrú agus aon Shnáthaidí Móra nó Béichuileanna a fheiceann tú a thaifeadadh. Seol isteach do thaifeadtaí (grianghraf san áireamh!) de Shnáthaidí Móra agus de Bhéichuileanna tríd ár n-aip nó trí fhoirm thaifeadta ar líne an Dragonfly Spotter.
Is féidir torthaí an tsuirbhé a chur isteach tríd na foirmeacha taifeadta ar líne Dragonfly Recorder agus Dragonfly Monitor. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Dragonfly Ireland, tabhair cuairt ar leathanach gréasáin an tionscadail.
Cén fáth ar chóir dom páirt a ghlacadh?
Tá duais le buachan!… cuirfear gach duine a chuireann taifid isteach mar chuid de Dragonfly Dash na bliana seo i dtarraingt chun cóip den leabhar álainn maisithe ‘The Natural History of Ireland’s Dragonflies’ le Brian Nelson agus Robert Thompson a bhuachan. Ina theannta sin, cuirfidh do thorthaí sonraí tábhachtacha ar fáil dár dtionscadal eolaíochta saoránaí agus dár n-atlas Dragonfly Ireland 2019 – 2024. Cabhróidh na torthaí linn freisin measúnú a dhéanamh ar chlúdach reatha na suirbhéanna ar fud na hÉireann agus ár riachtanais oiliúna agus cheardlainne amach anseo a phleanáil.
Conas a ghlacaim páirt?
Cuir snas ar do chumas aitheantais ar Shnáthaidí Móra agus Béichuileanna – cén fáth nach gceannófá ceann dár sár-chártaí póca aitheantais snáthaidí móra agus béichuileanna? Le linn ár Dragonfly Dash ón 18ú – 26ú Bealtaine, déan grianghraf de shnáthaidí móra agus béichuileanna ar bith a fheiceann tú, agus seol do thaifid chugainn tríd an aip nó tríd an bhfoirm ar líne.
Conas is Féidir Liom Dragonfly Dash a Leanúint?
Lean ort ag tabhairt cuairte ar an leathanach seo áit a ndéanfar ár dblaiseadh dul chun cinn, ár ngraif agus ár léarscáileanna a nuashonrú i bhfíor-am. Cuirfimid nuashonruithe rialta amach ar na meáin shóisialta freisin.