Fáilte chuig nuachtlitir Earrach 2020 de chuid Dragonfly Ireland 2019 – 2024, comhthionscadal idir an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus an tIonad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta i dTuaisceart Éireann.
Is suirbhé uile-Éireann é Dragonfly Ireland 2019 – 2024 atá maoinithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil mar chuid de Thionscadal Eolaíochta Saoránaí 3 bliana a dhíríonn ar speicis uisceacha agus a n-úsáid mar tháscairí ar athrú aeráide agus ar cháilíocht uisce
Agus an chéad bhliain den suirbhé curtha dínn againn, agus na taifid uile a fuaireamar in 2019 bailíochtaithe, tá an-áthas orainn faoin tacaíocht ollmhór atá faighte ag an tionscadal. In 2019 tháinig méadú 97% ar líon na dtaifead ar shnáthaidí móra agus ar bhéichuileanna a uaslódáladh chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta i gcomparáid le 2018. Dá bhrí sin, ba mhaith linn MÍLE BUÍOCHAS A GHABHÁIL! leo siúd go léir a ghlac an t-am agus a rinne an iarracht a gcuid taifead ar shnáthaidí móra agus ar bhéichuileanna a chur isteach le bliain anuas, ní fhéadfaimis an tionscadal seo a dhéanamh gan bhur ndíograis agus bhur dtacaíocht.
Ar ndóigh nílimid chun stopadh ansin agus tá súil againn níos mó taifead fós a fháil in 2020! Cinnte, le Covid-19 tá rudaí difriúil, ach táimid thar a bheith spreagtha a fheiceáil go bhfuil daoine ag cur taifead isteach cheana féin óna ngairdíní agus le linn aclaíochta laistigh de 5km ón mbaile. Iarraimid ort leanúint ar aghaidh ag cur do thaifead isteach le do thoil ach cloí i gcónaí le treoirlínte an rialtais maidir le taisteal agus fadú sóisialta. Is féidir treoir ón rialtas maidir le taisteal agus fadú d'Éirinn a fháil ag an nasc seo agus do Thuaisceart Éireann ag an nasc seo.
Mar sin, conas a d'éirigh linn in 2019?
Amhail an 31 Nollaig 2019 bhí 2,856 taifead ar Shnáthaidí Móra agus ar Bhéichuileanna faighte ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Tar éis na taifid a bhailíochtú, comhcheanglaíodh iad le taifid Thuaisceart Éireann ónár gcomhghleacaithe ag CEDaR, rud a d'fhág go raibh 3,788 taifead san iomlán faighte ar fud oileán na hÉireann.
Tá sonraí a cuireadh faoi bhráid an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta in 2019 ar fáil ar líne anois ag Léarscáileanna Bithéagsúlachta le go bhféadfaidh tú iad a fhiosrú.
Tá an-áthas orainn faoi mhéid an chlúdaigh sa chéad bhliain agus fuarthas taifid do 499 cearnóg ghreille 10 km cearnach as 1,000 cearnóg a d'fhéadfadh a bheith ann.
Fuarthas taifid de 26 speiceas snáthaidí móra agus béichuileanna in 2019. Ba é an t-eireaball dearg coiteann an speiceas snáthaide móire ba mhinice a taifeadadh le 554 taifead. Ina dhiaidh sin bhí an seabhac ceithre bhall (286 taifead), an t-aerbhaiteoir donn (277 taifead) agus an t-impire (254 taifead). Ba í an bhéchuil mhór dhearg an speiceas béichuile ba mhinice a taifeadadh, le 330 taifead, agus ina dhiaidh sin bhí an bhéchuil ghorm choiteann (322 taifead) agus an bhéchuil eireaballghorm (292 taifead).
Taifid bhailíochtaithe ar shnáthaidí móra agus ar bhéichuileanna a fuair an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus CEDaR de réir speicis ó Eanáir go Nollaig 2019
Chuir 445 suirbhéir aonair taifid isteach chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta do Dragonfly Ireland idir 1 Eanáir agus 31 Nollaig 2019. Bhí 28 suirbhéir freagrach as 50% de na taifid a cuireadh isteach, rud a léiríonn an méid a chuireann ár dtaifeadóirí is gníomhaí leis an tionscadal. Chuir 51% de na taifeadóirí taifead amháin ar shnáthaid mhór nó ar bhéchuil isteach agus is mór againn do chuid oibre. Tá súil againn go bhfuair tú sásamh as cur lenár dtionscadal Eolaíochta Saoránaí agus go bhfuil fonn ort triail a bhaint as taifeadadh snáthaidí móra agus béichuileanna arís i mbliana.
Fuarthas taifid ó 32 contae, agus tháinig Co. Chill Dara chun tosaigh le 494 taifead san iomlán, agus Co. Ard Mhacha ina dhiaidh sin (287 taifead) agus Co. Chorcaí (272 taifead).
Taifid bhailíochtaithe ar shnáthaidí móra agus ar bhéichuileanna a fuair an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus CEDaR in aghaidh an chontae Eanáir – Nollaig 2019
An féidir linn do ghrianghraif a úsáid?
Tá cuid de na grianghraif a cuireadh isteach le taifid agus trí na meáin shóisialta thar barr! Bíonn géarghá againn i gcónaí le híomhánna nua de gach speiceas le húsáid inár bhfeachtais feasachta ar na meáin shóisialta agus sna meáin. Má tá grianghraif mhaithe ardtaifigh agat de Shnáthaidí Móra nó de Bhéichuileanna a bifeá sásta a ligean dúinn a úsáid mar chuid den tionscadal Dragonfly Ireland, seol ríomhphost chugainn anseo ag DragonflyIreland@biodiversityireland.ie
Faraor ní féidir linn íoc as úsáid grianghraf – ach tabharfar aitheantas cuí do ghrianghraif san áit a n-úsáidfear iad.
Seo sampla amháin de roinnt de na grianghraif iontacha de shnáthaidí móra agus béichuileanna a fuaireamar ó thaifeadóirí in 2019 – deiseal ón mbun ar chlé: Seabhac Ceithre Bhall le Rachel McKenna; Éamrann Clúmhach le Donna Rainey; Béchuil Mhór Dhearg le Gerry Fitzmaurice agus Impire Fáin le John Deasy.
Bailíochtú sonraí
Nuair a fhaighimid do thaifid, déantar iad a mhapáil láithreach ar ár dTairseach Eolaíochta Saoránaí, ach is taifid neamhbhailíochtaithe iad seo. D’fhéadfadh earráidí a bheith i dtaifid neamhbhailíochtaithe de bharr speiceas a sainaithníodh go mícheart, comhordanáidí míchearta agus earráidí eile iontrála sonraí. Chun tacar sonraí glan a chinntiú dár gCóras Mapála Bithéagsúlachta (arb iad na sonraí a úsáidimid chun tuairisciú a dhéanamh don rialtas agus chun tuarascálacha agus aschuir sonraí eile a ullmhú) déanaimid na taifid a fhaighimid a bhailíochtú ar dtús.
Próiseas bailíochtaithe sonraí do thacar sonraí Dragonfly Ireland
Gabhaimid buíochas libh go léir ar chuireamar teagmháil oraibh chun gnéithe de na taifid a chuir sibh isteach a shoiléiriú, d’fhág bhur bhfreagraí gasta go raibh ár bpróiseas bailíochtaithe sonraí an-éifeachtach. Ciallaíonn an próiseas bailíochtaithe seo gur féidir linn seasamh leis na taifid inár gcóras mapála agus a chinntiú d'úsáideoirí sonraí go bhfuil na sonraí chomh cruinn agus chomh láidir agus is féidir.
Ceardlanna
Mar gheall ar na bearta leanúnacha Covid-19, b'éigean dúinn ár gceardlanna pleanáilte do mhí an Mheithimh a chur ar ceal, agus níl aon deimhneacht ann an mbeifear in ann iad siúd a bhí beartaithe do níos déanaí sa samhradh a reáchtáil.
Ach ná bíodh éadóchas ort! Tá cúig mhodúl gairid oiliúna ar líne curtha ar ár suíomh gréasáin againn cheana féin maidir le haithint snáthaidí móra agus béichuileanna, bunaithe ar chainteanna ár gceardlann. Leanfaidh modúil bhreise oiliúna iad seo go luath maidir le suirbhé Dragonfly Ireland agus scileanna allamuigh. Mar sin, cé go mb'fhéidir nach mbeimid in ann gné phraiticiúil na gceardlann a sheachadadh, beidh tú in ann teacht ar chainteanna na gceardlann ar do chaoithiúlacht féin ar a laghad.
Suirbhé ar Iarracht Oibrithe Deonacha Eolaíochta Saoránaí
Mar chuid de mheasúnú a dhéanamh ar thionchair Dragonfly Ireland 2019 – 2024 ar iarracht suirbhéireachta ar shnáthaidí móra agus béichuileanna ar fud na hÉireann, ba mhaith linn go bhfreagróifeá cúpla ceist ghairid faoin méid ama a chaith tú ag taifeadadh snáthaidí móra agus béichuileanna in 2019. Níor cheart go dtógfadh sé níos mó ná 2 nó 3 nóiméad an suirbhé a chomhlánú agus tabharfaidh sé léargas dúinn ar an iomlán iarrachta a d'infheistigh oibrithe deonacha eolaíochta saoránaí i dtaifeadadh snáthaidí móra agus béichuileanna gach bliain den suirbhé.
Le do thoil CLICEÁIL ANSEO chun rochtain a fháil ar an suirbhé agus go raibh maith agat roimh ré! 🙂
An bhfuil triail bainte agat as ár Suirbhé Taifeadóir Snáthaidí Móire?
Ar chuir tú ceann dár suirbhéanna Taifeadóir nó Monatóir Snáthaidí Móire i gcrích in 2019?
Tá na suirbhéanna seo deartha chun cabhrú linn measúnú a dhéanamh ar luach snáthaidí móra agus béichuileanna mar bhith-tháscairí ar cháilíocht gnáthóg fionnuisce agus ar athrú aeráide. Mura bhfuil triail bainte agat as suirbhé fós cén fáth nach dtabharfá faoi? Is éard atá i gceist leis an suirbhé ná gach speiceas snáthaide móire agus béichuile a thaifeadadh ag láithreán (m.sh. lochán, sruthán nó stráice d'abhainn) faoi dhó i rith an tsamhraidh.
Má rinne tú iarracht ar shuirbhé (go rathúil nó gan rath) ba mhaith linn a fháil amach cad a shíil tú den eispéireas… an raibh sé éasca?… an raibh sé ró-dheacair?… conas a d'fhéadfaimis an suirbhé a fheabhsú? Cuir ríomhphost chugainn ag:
DragonflyIreland@biodiversityireland.ie
Chun tuilleadh sonraí a fháil faoinár suirbhéanna Taifeadóir Snáthaidí Móire agus Monatóir Snáthaidí Móire, tabhair cuairt ar leathanach gréasáin ár suirbhéanna.
Dragonfly Dash! 2020
Beimid ag reáchtáil dhá Dragonfly Dash i mbliana. Cuirfear tús leis an gcéad cheann an deireadh seachtaine seo chun teacht le tréimhse an Lae Bithéagsúlachta (16 – 24 Bealtaine). Reáchtálfar an dara ceann le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta (15 – 23 Lúnasa). Cuirfear gach taifead isteach i dcrannchur le haghaidh cóip de 'Guide to the Dragonflies and Damselflies of Ireland' le Robert Thompson agus Brian Nelson. Chun eolas a fháil ar ár gcéad Dragonfly Dash de 2020 cliceáil anseo le do thoil.
Roinnt treoirlínte maidir le Tairseach Eolaíochta Saoránaí an Ionaid Sonraí a úsáid
Thugamar faoi deara go bhfuil roinnt fadhbanna ag teacht chun cinn maidir le taifid a chur isteach. Chun cabhrú leo seo, leagamar amach roinnt treoirlínte a bhfuil súil againn a bheidh ina gcabhair.
Mar is eol duit, is féidir taifid a chur isteach tríd an bhfoirm ar líne nó tríd an aip ghutháin Biodiversity Data Capture. Níor cheart an aip a úsáid ach amháin nuair atá tú i mbun taifeadta sa ghort toisc go dtaifeadann sí an suíomh go huathoibríoch ag baint úsáide as GPS an ghutháin. Ná húsáid an aip nuair nach bhfuil tú ag suíomh an taifid toisc go nginfidh sí tagairt ghreille mhícheart. Is féidir aon taifid a thógtar sa ghort a shábháil ar an nguthán agus a uaslódáil nuair a bheidh tú ar ais ar cheangal wifi.
Ba cheart gach taifead eile a chur isteach ag baint úsáide as foirm thaifeadta ar líne Dragonfly Ireland; mar shampla, cuireann úsáid an scáileáin níos mó ar ríomhaire glúine nó ríomhaire deisce leibhéal níos airde cruinnis ar fáil maidir le suíomhanna a shonrú ar an léarscáil.
Cinntigh le do thoil go soláthraíonn tú d'ainm iomlán toisc nach féidir taifid gan ainm an taifeadóra a úsáid, mar tá Ainm an Taifeadóra ar cheann de na gnéithe éigeantacha de thaifead bitheolaíoch bailí: cuir d'ainm iomlán ar fáil san fhormáid seo a leanas le do thoil – Paddy Murphy
Le haghaidh 'Ainm an tsuímh' cuir isteach ainm an tsráidbhaile, an bhaile nó an bhaile fearainn inar breathnaíodh an speiceas le do thoil. Ligeann sé seo dúinn a fhíorú go dtagann sé le tagairt na heangaí don suíomh sin. Cuir ar fáil san fhormáid seo a leanas le do thoil – Carriganore, Co. Waterford
Má rinneadh an breathnú i dteach príobháideach, NÁ cuir uimhir an tí ar fáil le do thoil, ach ainm na sráide nó an eastáit tithíochta amháin, m.sh. The Paddocks, Kilcullen, Co. Kildare. [Ní No.66, The Paddocks, Kilcullen].
Moltar duit grianghraf a chur isteach le gach taifead toisc go gcabhraíonn sé leis an bhfíorú. Mura féidir grianghraf a fháil, ceanglaítear ort nóta gairid a chur isteach ar na gnéithe a chonacthas a chuir ar do chumas an tsainaithint a dhearbhú. Tá sé seo ann chun cabhrú lenár bpróiseas bailíochtaithe sonraí.
Maidir le speicis choitianta a fheictear go rialta i gceantar, moltar gan níos mó ná taifid sheachtainiúla a chur isteach. Tá sé luachmhar taifid sheachtainiúla nó mhíosúla a bheith ann mar go gceadaíonn sé dúinn tréimhse eitilte gach speicis a chinneadh.
Ní cheadaíonn an córas reatha taifid a cuireadh isteach trí earráid a leasú go héasca. Mar sin féin, más mian leat earráid i gcur isteach taifid a chur in iúl dúinn, seol ríomhphost chuig dragonflyireland@biodiversityireland.ie le do thoil
Arís eile, go raibh maith agat as an am a ghlacadh chun do thaifid a chur isteach do Dragonfly Ireland 2019 – 2024. Is mór againn do thacaíocht.
Le gach dea-ghuí, Dave Wall
Oifigeach Eolaíochta Saoránaí
Faigh nuacht bithéagsúlachta, sonraí faoi imeachtaí agus eolas faoi chúrsaí díreach chuig do bhosca isteach.