Bhí teach lán ag Ionad Bogaigh Bhéal Átha Beithe dár ndara ceardlann #DragonflyIreland de 2019, áit ar chuir Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Mhuineacháin, Shirley Clerkin, fáilte chroíúil romhainn (agus bhí bia agus deoch ar fáil dúinn freisin!). Thaistil rannpháirtithe ó cheithre hairde na hÉireann go litriúil chun foghlaim faoi conas snáthaidí móra agus béichuileanna a aithint agus faoi theicnící suirbhéireachta.
Tar éis na gcainteanna laistigh, chuamar amach chuig na bogaigh in aice láimhe áit ar taifeadadh cúig speiceas lena n-áirítear an seabhac donn, an saighdeoir coiteann, an bhéichúil earrghorm, an bhéichúil spéirghorm agus an bhéichúil choiteann ghorm.
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |



