“Tagann gach dea-rud i gcac!”

Má bhí sé i gceist leis an líne thuas aird daoine a tharraingt, is cinnte gur tharraing sé m'airdse. Eascraíonn an ráiteas ó thvuít a cuireadh suas an tseachtain seo caite ar an 25ú Márta ag Bruce Thompson, feirmeoir déiríochta as Laois.
Bhí sé mar aidhm ag Thompson an scéal a scaipeadh faoina thionscadal nua taighde ar chíréibeacha aoiligh na hÉireann agus tá súil aige an oiread feirmeoirí beostoic agus is féidir a thabhairt ar bord a luaithe agus is féidir. Teastaíonn uaidh go ndéanfadh aon fheirmeoirí atá oscailte don smaoineamh círéibeacha aoiligh a bhailiú le linn an tséasúir féaraigh agus iad a chur sa phost teagmháil a dhéanamh leis. Más mian leat ríomhphost a sheoladh chuig Bruce le cur in iúl dó gur mhaith leat a bheith i d'oibrí deonach, cliceáil anseo.
“Is é an cuspóir atá leis an tionscadal bailithe ná bunlíne faisnéiseach a fháil ar na cineálacha agus ar leitheadúlacht chíréibeacha aoiligh éagsúla i gcleachtais feirmeoireachta éagsúla. Táim ag iarraidh a fháil amach an bhfuil daonraí éagsúla círéibeacha aoiligh ann trí chórais feirmeoireachta éagsúla, rátaí stocála, úsáid dífhéimheoirí, srl.”
Príomhréimse fócais don fheirmeoir déiríochta seo as Laois is ea an gaol idir úsáid antheilmintigh (drugaí frithpharasíteacha nó ‘dífhéimheoirí’) sa talmhaíocht beostoic agus leitheadúlacht agus éagsúlacht na gcíréibeacha aoiligh áitiúla. Léirigh staidéir san am atá thart in Éirinn go laghdaíonn cógais antheilmintigh Ivermectin rátaí fáis speiceas larbhaí áirithe de chíréibeacha aoiligh. Rinneadh tuilleadh taighde sa réimse seo i dtíortha eile freisin ar nós na Ríochta Aontaithe, na hAstráile agus na hAfraice Theas. D'fheirmeoirí, tá bainistiú ionfhabhtuithe seadáin gastraistéigeacha ar cheann de na dúshláin is coitianta agus is tábhachtaí ó thaobh an gheilleagair de i dtáirgeadh beostoic. Ach de réir thorthaí taighde roimhe seo, dhealródh sé go laghdaíonn círéibeacha a adhlacann aoileach go suntasach marthanacht seadán stéigeach, mar a tugadh faoi deara san alt seo de chuid Oxford Academic Bioscience.
Is ábhar imní é mar sin, nach ndíghrádaíonn na hantheilmintigh chéanna a úsáidtear go coitianta sa talmhaíocht chun ionfhabhtuithe seadáin a chóireáil sa bheostoc le linn díleá, ach go dtéann siad tríd an ainmhí trína bhfaecas isteach sa timpeallacht. Is anseo a fheictear go dtéann airíonna tocsaineacha an druga i bhfeidhm ar chíréibeacha aoiligh neamhurchóideacha agus ar mhicribhithchumann eile na hithreach, rud a d'fhéadfadh iarmhairtí iarmhartacha a bheith aige do dhaonraí círéibeacha agus d'fheidhmeanna agus do sheirbhísí nádúrtha éiceachórais amhail timthriall cothaitheach, aerú ithreach, laghdú ar shalú féaraigh ó aoileach, feabhas ar bhlastacht duilliúir, agus rialú seadán. “Má cheadaítear do dhaonraí círéibeacha aoiligh borradh a chur fúthu agus téarnamh a dhéanamh, is féidir leo cabhrú leis na seadáin díreach a bhfuil feirmeoirí á gcóireáil a rialú go nádúrtha”, mar a thug an feithideolaí agus an speisialtóir ar fheithidí díbhirteacha an Dr. Bryony Sands ó Ollscoil Bhriostó le fios agus é luaite san alt de chuid Bioscience a luadh thuas.
Seo mar a thagann círéibeacha aoiligh chun cinn ar fheirm dea-stocáilte a úsáideann fíorbheagán dífhéimheoirí. Ní bheadh seans ar bith ag aon seadáin a leagfaí sa bualtrach seo. Seo Éire inné. pic.twitter.com/pBvD1NhSLc
— Bruce Thompson (@Friesian_man) 23 Márta, 2020
Tá sé i gceist ag Thompson, ar bronnadh scoláireacht air ó Nuffield Ireland chun an taighde seo a chur i gcrích, “an fhaisnéis a scaipeadh (trí thuarascáil ar a chuid torthaí a fhoilsiú) ar fheirmeoirí agus ar éiceolaithe araon chun tuiscint níos fearr a chruthú ar na círéibeacha agus ar a ngnáthóga araon agus chun a gcuid tairbhí a chainníochtú.”
Déanann an Dr. Aidan O’Hanlon, Coimeádaí Feithideolaíochta ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bheidh ag cabhrú le Thompson ar a thionscadal, tagairt do shraith tairbhí eile a thiocfaidh as an tionscadal seo, lena n-áirítear i measc rudaí eile léargas ar phobal díbhirteach na gcíréibeacha agus an chuma atá air inniu ar fheirmeacha na hÉireann tar éis “30 bliain de dhianú talmhaíochta agus d'úsáid mhéadaithe drugaí frithpharasíteacha.”
Is deis é léarscáil a chruthú de phobal círéibeacha aoiligh na hÉireann, grúpa feithidí nach dtugtar dóthain aitheantais dá ról tábhachtach éiceolaíochta (in ainneoin go soláthraíonn siad seirbhísí éiceachórais ar fiú £367 milliún iad sa RA de réir an staidéir seo) agus grúpa feithidí a bhfuil ganntanas mór faisnéise ann dóibh in Éirinn i dtéarmaí stádais chaomhnaithe agus eolais agus patrúin dáileacháin araon. Tá súil againn gur tús le rudaí maithe é do chíréibeacha aoiligh na hÉireann!

Ben Malone – Oifigeach Riaracháin & Rannpháirtíochta ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, le buíochas le Bruce Thompson agus leis an Dr. Aidan O’Hanlon as a gcuid rannchuidithe.