Ghlac an Chomhairle Eorpach rialachán inniu (29 Meán Fómhair, 2014) maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú. Tiocfaidh an Rialachán, ar uirlis dhlíthiúil cheangailteach é, i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2015.
[Sliocht as an bPreaseisiúint Oifigiúil]
Leagann an rialachán síos rialacha chun tionchair dhiúltacha thabhairt isteach agus leathadh, d'aon ghnó agus go neamhbheartaithe araon, speiceas coimhthíoch ionrach ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí éiceachórais ghaolmhara a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú, chomh maith le tionchair dhiúltacha eile ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar.
Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún liosta oscailte de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, a ndéanfar é a nuashonrú go rialta agus a athbhreithniú gach sé bliana ar a laghad. Ní fhéadfar speicis ar an liosta seo a thabhairt isteach i gcríoch an AE d'aon ghnó, ná ní fhéadfar iad a choinneáil, a phórú, a iompar chuig an Aontas, ón Aontas nó laistigh de, a chur ar an margadh, a fhás ná a scaoileadh saor sa chomhshaol.
Téann an rialachán nua i ngleic freisin le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní réigiúnach agus is ábhar imní do bhallstáit. Ligeann sé do bhallstáit speicis atá dúchasach nó neamhdhúchasach don Aontas a dteastaíonn comhar réigiúnach feabhsaithe uathu a shainaithint óna liosta náisiúnta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do bhallstáit. Déanfaidh an Coimisiún an comhar réigiúnach sin a éascú.
Bunaíonn an rialachán córas faireachais freisin le haghaidh luathbhraite agus bearta le haghaidh díothú mear. Ina theannta sin, ní mór do bhallstáit foráil a dhéanamh do phionóis mura gcuirtear an rialachán i bhfeidhm i gceart.
Léigh an phreaseisiúint iomlán anseo: www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/en/envir/144948.pdf
Íoslódáil an Rialachán maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú.
