Tá an séú leagan de Tháscaire Féileacán Féarach na hEorpa, ceann de tháscairí bithéagsúlachta na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, díreach eisithe. Tiomsaithe ag Butterfly Conservation Europe, tá an táscaire bunaithe ar 4,500 trasghearradh de chuid scéimeanna monatóireachta féileacán (122 cinn díobh as Éirinn!) ar fud 22 tír Eorpach. Ar an iomlán, tháinig laghdú 30% ar líonmhaireacht na bhféileacán féarach ó 1990 go 2015. In Éirinn, tá laghdú ag teacht ar 3 as 6 cinn dár speicis fhéarach forleathana agus ar 1 as 3 cinn dár speicis shainfhéarach. Ar leibhéal Eorpach, tá moill tagtha ar an ráta caillteanais le 5-10 mbliana anuas, ach is é an tosaíocht anois ná an fhaisnéis seo a úsáid chun stop a chur le caillteanais bhreise agus díriú ar thacú le caomhnú agus athchóiriú féarach leathnádúrtha, agus cothabháil talamh feirme Luach Ard Dúlra. Dár dtaifeadóirí uile sa Scéim Monatóireachta Féileacán, léiríonn sé seo an chaoi a gcuireann bhur gcuid iarrachtaí go léir go díreach le caomhnú féileacán ar leibhéil áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cliceáil ar an íomhá thíos chun an tuarascáil iomlán a fháil.
