Ginearálta
Tá ár bpóstaeir bhithéagsúlachta ar fáil trí leathanach foilseachán an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, trí leathanach an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann agus trí leathanach Fiosraigh Cois Fharraige!.
Ní dhíolaimid ár bpóstaeir bhithéagsúlachta, ach tá fáilte romhat an PDF a thabhairt chuig do shiopa priontála áitiúil chun cóip chrua a fháil.
Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh astu!
Is féidir leat ár gcuid fillteán go léir agus treoracha aitheantais eile a cheannach ar https://shop.biodiversityireland.ie/
Glacaimid le híocaíochtaí cárta, PayPal agus aistriú bainc.
Mura bhfuil tú cinnte cén speiceas atá agat, tá roinnt rudaí éagsúla ar féidir leat a dhéanamh:
- Déan do dhícheall an speiceas a aithint tú féin agus déan iarracht gan grianghraif de do speiceas mistéireach a phostáil go tapa ar líne.
- Téigh i gcomhairle le treoracha áitiúla nó réigiúnacha. Tógann sé am chun an téarmaíocht a fhoghlaim chun speicis a aithint, ach trí dhul trí threoracha, rachaidh sé chun tairbhe duit san fhadtéarma.
- Smaoinigh ar roinnt dár dtreoracha aitheantais a cheannach atá ar fáil trínár siopa ar líne
- Téigh i gcomhairle le hacmhainní an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
- Bain triail as postáil ar fhóram ar líne; tá go leor grúpaí ag Facebook atá tiomnaithe d'aithint speiceas ar nós Insects/Inverts of Ireland agus Moths Ireland
Próiseas Bailíochtaithe Taifead
Tá fíorú agus bailíochtú taifead bitheolaíoch thar a bheith tábhachtach ionas gur féidir a mheas go bhfuil an taifead ceart agus iontaofa. Is tar éis don phróiseas bailíochtaithe seo tarlú amháin a uaslódáiltear taifid ón Tairseach Eolaíochta Saoránaí go Léarscáileanna Bithéagsúlachta.
Téann taifid a chuirtear isteach tríd an Tairseach Eolaíochta Saoránaí trí phróiseas fíoraithe agus bailíochtaithe. Braitheann an próiseas cruinn ar an ngrúpa tacsanomaíoch atá á bhailíochtú, ach tá roinnt próiseas uilíocha i bhfeidhm.

Tá 4 phíosa faisnéise ann a bhíonn ag teastáil i gcónaí chun go measfar taifead bitheolaíoch a bheith bailí, agus bailítear an fhaisnéis seo le linn an aighneachta. Tugtar na 4 C orthu seo uaireanta (nó na 4 W i mBéarla):
Cé: Ainm an taifeadóra a rinne an bhreathnóireacht; tá sé tábhachtach ainm iomlán a bheith nasctha le taifead. Tá seoladh ríomhphoist bailí ag teastáil freisin chun taifid a chur isteach agus tá sé an-tábhachtach é a bheith ann ar eagla go mbeadh ar an mbailíochtóir sonraí taifead a dhearbhú nó a cheistiú.
Cad: Ainm an speicis a thaifead tú. Tá sé fíorthábhachtach a bheith cinnte faoin aitheantas sula gcuirtear isteach ar ár gcóras é. Mura bhfuil tú cinnte nó mura bhfuil aon smaoineamh agat cén speiceas a bhfuil tú ag féachaint air, is féidir leat cúnamh a iarraidh i gcónaí maidir leis an aitheantas. Tá foirmeacha taifeadta tiomnaithe ag an Tairseach Eolaíochta Saoránaí do go leor de na príomhghrúpaí tacsanomaíocha agus do shuirbhéanna breise a reáchtálann nó a óstálann an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Mura féidir leat foirm taifeadta áirithe a aimsiú, bain triail as an bhfoirm “Speicis Eile” le do thoil
Cá háit: Bailítear dhá phíosa faisnéise anseo freisin, ainm an tsuímh agus tagairt spásúil an taifid. Tá sé tábhachtach a bheith chomh cruinn agus is féidir agus an fhaisnéis seo á líonadh isteach. Ar an dea-uair, trí úsáid a bhaint as Tairseach Gréasáin na hEolaíochta Saoránaí nó as an Aip Gabhála Sonraí Bithéagsúlachta, is féidir leat an tagairt spásúil a fháil go héasca trí do shuíomh a roghnú ar léarscáil mhór na hÉireann nó trí ghné GPS/Suímh do ghutháin. Ligeann sé seo dúinn na taifid a phlótáil agus léarscáileanna dáilte a chruthú do na speicis go léir a fhaightear in Éirinn.
Cathain: An dáta a ndearna tú do bhreathnóireacht. Is píosa faisnéise an-tábhachtach eile é seo do thaifead bitheolaíoch. Tá sé tábhachtach a chinntiú, má tá taifead á chur isteach agat ó am roimhe seo, an dáta ar an bhfoirm taifeadta ar líne a athrú; ar an gcuma chéanna, ní féidir an Aip Gabhála Sonraí Bithéagsúlachta a úsáid ach amháin le haghaidh taifeadadh “Beo” agus ní féidir taifid a chur isteach tríd go haisghníomhach.
Tá na píosaí faisnéise atá liostaithe thuas ag teastáil chun taifead bitheolaíoch bailí a bheith ann. Fiú amháin bunaithe ar an bhfaisnéis thuas amháin, bheadh bailíochtóir in ann speicis áirithe a chur as an áireamh (lasmuigh dá dháileadh geografach nó dá thréimhse eitilte) nó d'fhéadfaí bratach a chur ar thaifead chun tuilleadh faisnéise a iarraidh.
I gcás grúpaí tacsanomaíocha áirithe, féadfaidh an bailíochtóir a iarraidh go mbeadh píosaí eile faisnéise sainordaitheach freisin. Tá grianghraf den speiceas atá á thaifeadadh agat thar a bheith úsáideach agus is rud é a spreagaimid ár dtaifeadóirí go léir chun iarracht a dhéanamh é a chur san áireamh. Cé nach féidir é seo a dhéanamh i gcónaí, tá grianghraf a thaispeánann an speiceas iomlán nó gné ar leith an-chabhrach. Ná bíodh imní ort mura bhfuil do ghrianghraf ar chaighdeán dochreidte, déan iarracht é a bheith i bhfócas; is é sin go díreach atá i bpictiúr taifeadta, ceann chun cabhrú le haitheantas an speicis a dheimhniú agus an taifead a bhailíochtú.
Plean Uile-Éireann um Pailneoirí
Is féidir na teimpléid chomharthaíochta agus go leor acmhainní eile a fháil ar shuíomh gréasáin an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann.
Is féidir na teimpléid chomharthaíochta a thabhairt chuig do shiopa priontála áitiúil le priontáil ar ábhar aimsirdhíonach, rud a fhágann go bhfuil an comhartha oiriúnach d'úsáid lasmuigh.
Ní mholann an Plean Pailneoirí Uile-Éireann duit síol bláthanna fiáine a chur.
Ina ionad sin, molaimid duit do mhinicíocht bearrtha a laghdú.
Déantar é seo ar chúpla cúis:
- Gnóthóidh tú luach bithéagsúlachta níos airde trí do mhinicíocht bearrtha a laghdú.
- Is minic a chuirfear iontas ort faoin méid atá ag fanacht le bláthú nuair a thugtar na coinníollacha cearta dó.
- Is minic a bhíonn sé an-daor síol bláthanna fiáine a chur, go háirithe i limistéir mhóra, agus níl aon ráthaíocht ann go mbláthóidh an síol bláthanna fiáine mar gheall ar choinníollacha áitiúla.
- Léirigh staidéir go mbíonn speicis neamhdhúchasacha i go leor meascán síolta bláthanna fiáine, ainneoin a bhfuil ráite ar an bpacáiste, agus gur féidir leo speicis ionracha a thabhairt isteach i ngan fhios duit. D'fhéadfadh sé go n-iompórtálfaí fiú speicis dhúchasacha, agus ní bheidh siad chomh luachmhar do do phailneoirí áitiúla leis na bláthanna fiáine a tharlaíonn go nádúrtha a bhfuil siad tar éis éabhlóid a dhéanamh taobh leo.
- Laghdaíonn torthúlacht na hithreach le himeacht ama trí laghdú a dhéanamh ar bbearradh féir agus trí bhruscar féir a bhaint nuair a bhearrann tú. Cabhraíonn sé seo le bláthanna fiáine áitiúla teacht aníos go nádúrtha le himeacht ama agus a bheith i bhfad níos tairbhí don bhithéagsúlacht.
Tá blaganna éagsúla againn a bhaineann leis an bhfáth nach molaimid síol bláthanna fiáine a chur:
Why I don’t plant wildflower seed – An Dr Úna FitzPatrick
Spreading seeds of doubt – fake ‘wildflower’ mixes – An Dr Noeleen Smyth
Why ‘wildflower seed’ is a prickly issue – An tOll. Yvonne Buckley
Don’t mow, let it grow – and amazing things will happen! – An Dr Úna FitzPatrick
Cén fáth nach molaimid meascáin síolta bláthanna fiáine
Chun tuilleadh a fháil amach, féach ar ár bhfíseáin maidir le móinéir nádúrtha a chruthú trí ghearradh laghdaithe:
Móinéir a chruthú don bhithéagsúlacht
Príomh-leideanna chun móinéar bláthanna fiáine a chruthú
Ar an drochuair, níl an maoiniú ag Plean Pailneoirí Uile-Éireann chun acmhainní cruachóipe a phriontáil nó a dháileadh.
D'fhéadfadh go mbeifeá in ann cóipeanna crua d'acmhainní a iarraidh trí d' oifigeach oidhreachta áitiúil, áfach, ní ráthaítear go mbeidh siad i stoc acu.
Is féidir gach cóip leictreonach d'acmhainní a fháil trí https://pollinators.ie/resources/
Is creat fianaise-bhunaithe simplí, saor in aisce/ar chostas íseal é an AIPP, chun tús a chur le turas bithéagsúlachta pailneoirí gníomhaíochtbhunaithe ar do shuíomh(eanna), nó tógáil air.
Ailímithe le ISO14001:2005 agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA agus mapáilte le sonraí náisiúnta, is féidir le gnóthais mhóra, FBManna, agus micrifhiontair ar fud an oileáin an AIPP a chomhtháthú go héasca laistigh dá spriocanna inbhuanaitheachta. Féach cé atá i mbun gníomhaíochtaí cheana féin faoin bplean: Liosta de lucht tacaíochta gnó
Chun tuilleadh a fháil amach/clárú: Gnóthais » Plean Pailneoirí Uile-Éireann (pollinators.ie)