Tá fíorú agus bailíochtú taifead bitheolaíoch thar a bheith tábhachtach ionas gur féidir a mheas go bhfuil an taifead ceart agus iontaofa. Is tar éis don phróiseas bailíochtaithe seo tarlú amháin a uaslódáiltear taifid ón Tairseach Eolaíochta Saoránaí go Léarscáileanna Bithéagsúlachta.
Téann taifid a chuirtear isteach tríd an Tairseach Eolaíochta Saoránaí trí phróiseas fíoraithe agus bailíochtaithe. Braitheann an próiseas cruinn ar an ngrúpa tacsanomaíoch atá á bhailíochtú, ach tá roinnt próiseas uilíocha i bhfeidhm.
