I gcomhair Fhéile Bhithéagsúlacht Thalamh Feirme tá roinnt blaganna aíochta againn scríofa ag daoine a bhfuil baint acu leis an bhfeirmeoireacht agus le bithéagsúlacht thalamh feirme. Sa chéad cheann de na blaganna seo insíonn Bruce Thomson dúinn faoin tábhacht a bhaineann le ciaróga aoiligh

Táimid an-bhuíoch go deo den 40+ speiceas ciaróg aoiligh a chónaíonn i mbualtracha agus faoi bhualtracha in Éirinn. Is féidir linn gach ceann de na speicis seo a chur i gceann de dhá chatagóir; "Cónaitheoirí" a chónaíonn agus a leagann a gcuid uibheacha sa bhualtrach agus "Tollóirí" a thochlaíonn isteach sa talamh faoin mbualtrach ag leagan a gcuid uibheacha síos san ithir. Mar sin, cén mhaith is féidir a theacht as rud a shaolaítear ó dhramhaíl ainmhithe? Bhuel, lig dom a rá leat go dtuilleann na créatúir seo moladh go hard na spéire.
Nuair a fhágann an t-aoileach an t-ainmhí, luíonn sé ar bharr na talún, ag déanamh dochair d'aon fhéar in-inilte faoin mbualtrach agus mórthimpeall uirthi. Bíonn an bhualtrach seo ina dídean shábháilte freisin do chuileoga ciapacha, seadáin agus galair. Go dtí go mbíonn an bhualtrach tirim agus comhcheangailte leis an ithir, bíonn meatán ag sceitheadh uaidh isteach san atmaisféar freisin. Agus é ina luí ar bharr na talún i stát leathleachtach, tá baol ann go dtréigfidh cothaithigh as an aoileach seo; is féidir le cothaithigh den sórt sin cur le guais uisceach agus is caillteanas iad nuair nach mbíonn siad ag fréamhacha an fhásra áit ar féidir le plandaí leas a bhaint astu le fás.
Mar sin, conas a chabhraíonn na ciaróga seo leis na bualtracha seo a bhriseadh síos? Bhuel, is leacht den chuid is mó atá i mbualtracha i ndáiríre agus contrártha don chreideamh coiteann, ní itheann na ciaróga ach ólann siad na súnna ón mbualtrach, agus tá na súnna seo lán de chothaithigh. Ar an mbealach seo, luasghéadaíonn na cónaitheoirí triomú na bualtraí, rud a fhágann go bhfuil sí níos tarraingtí do na péisteanna talún a chuirfidh san ithir í. Beir leat spád lá éigin agus tochail suas bualtrach leathbhriste agus féach ar ghníomhaíocht na bpéisteanna talún duit féin. Is iad na cónaitheoirí na hathchúrsálaithe deiridh mar go dtógann siad an t-aoileach go litriúil agus go gcuireann siad san ithir é; is féidir leo suas le 250 oiread a meáchain féin a adhlacadh in aon lá amháin, go leor chun náire a chur ar aon phéist talún!
Gan dóthain sonraí bunlíne in Éirinn, tá sé dodhéanta treochtaí daonra cruinne a fheiceáil, ach is féidir linn a fheiceáil ón RA agus ó aeráidí measartha eile le córais táirgeachta tréadacha go bhfuil ciaróga aoiligh i dtrioblóid mhór agus go bhfuil roinnt speiceas ag dul in éag. Tá siad fágtha ar an bhfannlaig go litriúil. Leagann sé seo béim ar an tábhacht a bhaineann le taifeadadh a dhéanamh ar bhreathnuithe.
Féadfaidh daonra maith ilghnéitheach de chiaróga aoiligh a bheith ina dhea-tháscaire ar éiceachóras sláintiúil, feidhmiúil. Ní hamháin go léireoidh sé dea-shláinte ainmhithe agus ithreach agus an toimhde go mbeidh neart feithidí eile a chónaíonn in aoileach ann, ach is foinse iontach bia iad na ciaróga seo d'ialtóga, éin, broic, sionnaigh srl. Is speiceas táscaire iad go fírinneach.
Anuas air seo cuireann siad airgead i do phóca trí airgead a shábháil ar m'fheirm ar leigheasanna daora ainmhithe do sheadáin agus do chuileoga a cheannach agus tríd an nítrigin, an fosfar agus an potaisiam a chur ag fréamhacha an fhéir áit a bhfuil gá leo. Agus na gnéithe seo san áireamh, tá na milliúin infheistithe ag Roinn Talmhaíochta na hAstráile i ngabháil, i bpórú agus i scaoileadh ciaróg ar thalamh talmhaíochta. Tá bearta iomadúla glactha agam chun a ndaonraí a mhéadú ar m'fheirm.
Agus feirmeoirí ag cur spéise sna feithidí tairbhiúla seo agus ceisteanna á gcur faoina dtreochtaí daonra agus conas meath a aisiompú, tháinig mé le chéile le grúpa beag ilghnéitheach chun an suíomh gréasáin seo a chruthú a thairgeann comhairle phragmatach neamhchlaonta www.dungbeetlesforfarmers.co.uk d'fheirmeoirí. Tá sé ar intinn againn an suíomh gréasáin seo a nuashonrú go leanúnach.
Chun seiceáil thapa a dhéanamh, roghnaigh bualtrach dheas "dhaingean", 3 lá d'aois, buail isteach i mbuicéad uisce í agus féach cad a thagann ar snámh aisti!