I rith mhí na Bealtaine, tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ag óstáil Féile fhíorúil Bithéagsúlachta Talamh Feirme. Anseo, cuireann an Dr Liam Lysaght, Stiúrthóir an Ionaid, an ócáid i láthair agus míníonn sé cad a bhfuil súil againn a bhaint amach tríd an bhFéile a reáchtáil.
Tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ag óstáil Féile Bithéagsúlachta Talamh Feirme (fhíorúil) ar feadh mhí na Bealtaine 2021 ar fad. Is é cuspóir na Féile ná rannpháirtíocht níos dearfaí a spreagadh maidir le téama na bithéagsúlachta agus talamh feirme, agus aird a tharraingt ar chuid de na bealaí inar féidir le feirmeoirí oibriú chun tacú leis an mbithéagsúlacht.
Tá dlúthbhaint idir an bhithéagsúlacht agus an chaoi a mbainistítear talamh feirme. Le blianta beaga anuas, chonacthas laghdú ar luach bithéagsúlachta talamh feirme, agus tá cuid mhór den éagsúlacht agus den éagsúlacht phórtha a bhíodh ina saintréith de faoin tuath in Éirinn caillte. Ach cuireann pobal feirmeoireachta na hÉireann deis ar fáil chun an meath seo a stopadh. Is féidir leis an líon mór feirmeoirí agus a dteaghlaigh a bheith ina gcúis dhearfach athraithe trína chinntiú go gcoimeádtar gnéithe luachmhara bithéagsúlachta ar a gcuid talún, agus trí ghníomhartha a dhéanamh chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú nuair is féidir. Is bealach amháin é éagsúlacht a choinneáil i dtírdhreach na hÉireann chun teacht aniar a chruthú chun dul i ngleic le dúshlán an athraithe aeráide.
Tá na féidearthachtaí maidir le hathrú bunathraitheach ollmhór nuair a ghlacann feirmeoirí ar fud oileán na hÉireann gníomhartha beaga agus móra ar a bhfeirm chun cabhrú leis an mbithéagsúlacht. Táimid ag lorg cabhair ón bpobal feirmeoireachta chun cabhrú leis an athrú bunathraitheach seo a bhaint amach trí ghníomhartha beaga agus móra a dhéanamh ar son na bithéagsúlachta.
Mar chéad chéim sa phróiseas seo, ba mhaith linn an bhithéagsúlacht ar thalamh feirme a cheiliúradh, an bhithéagsúlacht a thaifeadadh agus a shuirbhéireacht, agus níos mó feirmeoirí a spreagadh chun gníomhartha dearfacha a dhéanamh ar son na bithéagsúlachta. Tá a lán feirmeoirí ag déanamh go leor cheana féin chun cabhrú leis an mbithéagsúlacht, mar sin ba mhaith linn cuntas a thabhairt ar chuid de na gníomhaíochtaí seo. Táimid ag spreagadh feirmeoirí a gcuid eispéiris agus eolais a roinnt linn, chun aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann leis na cineálacha gníomhartha seo.
Soláthraíonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta go leor tacaíochtaí chun daoine a spreagadh chun dul i mbun taifeadadh agus suirbhéanna bithéagsúlachta ar bhealach níos gníomhaí. I rith mhí na Bealtaine, beidh an tIonad ag léiriú cuid de na tionscnaimh suirbhéireachta agus taifeadta chun deiseanna a thabhairt d'fheirmeoirí agus dá dteaghlaigh a bheith páirteach i suirbhéanna bithéagsúlachta. Tá go leor feirmeoirí rannpháirteach sna scéimeanna seo cheana féin, ach ba mhaith linn an líonra a fhás.
Is é ár ndóchas don Fhéile Bithéagsúlachta Talamh Feirme ná go gcuirfidh sí feithicil ar fáil le haghaidh rannpháirtíochta agus foghlama níos dearfaí maidir le bithéagsúlacht talamh feirme agus go dtiocfaidh spreagadh úr as chun dul i ngleic le meath na bithéagsúlachta faoin tuath i gcoitinne.
Mar sin, tóg grianghraif nó físeáin d'aon speiceas, gné bhithéagsúlachta nó gníomh a rinne tú ar d'fheirm agus roinn é seo trí na meáin shóisialta ag baint úsáide as an haischlib #FarmlandBiodiversity nó seol trí ríomhphost chuig farmland@biodiversityireland.ie. Trí pháirt a ghlacadh sa taifeadadh, beidh tuiscint níos fearr agat ar thábhacht thailte feirme don bhithéagsúlacht agus cabhróidh tú le faisnéis úsáideach a ghiniúint a chuirfidh ar ár gcumas bithéagsúlacht talamh feirme a thuiscint agus a chosaint níos fearr amach anseo.
Is féidir tuilleadh sonraí faoin bhFéile Bithéagsúlachta Talamh Feirme a fháil ag https://www.biodiversityireland.ie/farmlandbiodiversity/

Is clár de chuid na Comhairle Oidhreachta é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus tá sé á oibriú faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse ag Compass Informatics. Tá an tIonad Sonraí Bithéagsúlachta maoinithe ag an gComhairle Oidhreachta agus ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |




