Speicis Choimhthíocha Ionracha i ngnáthóga fionnuisce agus bruachánacha (cois abhann) - roinnt fíricí is cúis imní:
- Nuair a bhíonn Speicis Choimhthíocha Ionracha seanbhunaithe i limistéir fhionnuisce agus bhruachánacha – bíonn sé thar a bheith dúshlánach, murab dodhéanta, iad a dhíothú go rathúil.
- Cé go bhfaightear formhór na speiceas coimhthíoch ionrach sa timpeallacht thalún, is sa timpeallacht fhionnuisce is mó a tháinig méadú ar thabhairt isteach speiceas ó 1980 i leith.
- Is mó an seans go mbeidh tionchar ard ag speicis neamhdhúchasacha fionnuisce mar ionróirí nuair a thugtar isteach iad.
Cad iad na dúshláin a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha i limistéir fhionnuisce agus bhruachánacha?
Ós rud é go gcaitheann muid formhór ár gcuid ama as an uisce, is mó an seans go dtabharfaidh muid faoi deara nuair a bhíonn speiceas neamhghnách nó nua tagtha agus bunaithe i limistéar ar thalamh. Ciallaíonn sé seo gur minic a bhíonn speicis choimhthíocha ionracha seanbhunaithe inár gcuid fionnuisce i bhfad sula n-aimsítear iad. Dá fhad a bhíonn siad ann, is ea is mó ama a bhíonn ag an speiceas le síolrú agus le leathadh, agus is ea is deacra a bhíonn sé iad a bhaint. I gcórais uisce ceangailte ar nós locha go haibhneacha srl., is ‘mórbhealach luath’ iontach é gluaiseacht nádúrtha an uisce do na hionróirí chun taisteal chuig láithreacha nua. Is féidir leis an bhfiadhúlra eile san uisce, nó fiú le gluaiseacht daoine agus a gcuid trealaimh ó uiscebheart amháin go ceann eile, cuidiú lena leathadh chomh maith.
Bíonn rochtain mhaith ag speicis choimhthíocha ionracha a chónaíonn feadh limistéar bruachánach ar bhealach gluaiseachta chuig láithreacha nua freisin. Cibé acu trí shíolta a phléascadh isteach in abhainn (lus na pléisce) nó trí phíosaí planda a leathadh tar éis do thuilte giota a bhriseadh díobh (na glúineacha ionracha) nó go díreach trí shnámh chuig láithreacha nua (cadhpú, sleamhnóirí srl.). Nach breá an tús ionraidh is féidir a bheith ag speicis choimhthíocha ionracha i limistéir fhionnuisce agus bhruachánacha!
Mar gheall ar theorainneacha leis na modhanna rialaithe atá ar fáil chun speicis choimhthíocha ionracha a bhaint as an uisce nó ó thaobh an uisce, agus na rioscaí a bhaineann le hath-thabhairt isteach ó shuíomhanna ‘in aghaidh an tsrutha’, is féidir le díothú speicis ionraigh ó limistéir bhruachánacha agus fhionnuisce a bheith thar a bheith dúshlánach murab dodhéanta. D'fhéadfadh fachtóirí a bhaineann leis an dodhéantacht sin a bheith san áireamh tionchar nach dteastaíonn ar fhiadhúlra eile nach féidir a sheachaint, easpa modha rialaithe éifeachtaigh, nó fiú an costas airgid amháin a fhágann nach mbeadh sé indéanta.
Conas is féidir linn go léir cuidiú.
Ní mór dúinn cosc a chur ar ionróirí a thabhairt isteach sna ceantair seo. Má tá siad i láthair cheana féin, ní mór dúinn iarracht a dhéanamh cosc a chur ar a leathadh breise. Le haghaidh faisnéise faoin gcaoi a bhféadfaí cuidiú le cosc a chur ar thabhairt isteach agus leathadh speiceas ionrach chun ár limistéir fhionnuisce agus bhruachánacha a chosaint, féach ar na feachtais Seiceáil, Glan, Triomaigh, Bí Cliste faoi Phlandaí agus Bí Cliste faoi Pheataí.
Féach thíos ar roinnt de na próifílí speicis le haghaidh roinnt de na speicis bhruachánacha agus fhionnuisce in Éirinn. Má fheiceann tú iad, tóg grianghraf más féidir leat agus tuairiscigh an feiceál tríd an bhfoirm ar líne nó tríd an Aip Gabhála Sonraí Bithéagsúlachta .
Cliceáil ar an íomhá chun teacht ar fhaisnéis phróifíle an speicis.











