Tá dhá scéim mhaoinithe do Thaifeadadh Bithéagsúlachta fógartha ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Acadamh Ríoga na hÉireann. Tugann an dá scéim deis do thaifeadóirí a bhfuil taithí acu ar Shnáthaidí Móra agus ar Bhéichuileanna díriú ar ghnáthóga nó ar speicis ar leith lena dtaifeadadh. Tá na gnáthóga agus na speicis seo a leanas aitheanta ag Grúpa Stiúrtha Thionscadal Dragonfly Ireland mar thosaíochtaí taifeadta:
- Dobharlacha beaga – e.g. ar fheirmeacha, ar chúrsaí gailf srl.
- Turlacha
- Lochanna Mhaerl
- Dambaí Dóiteáin nó dobharlacha cosúla i limistéir foraoiseachta.
- Réimsí tosaíochta a aithníodh le linn shuirbhé Dragonfly Ireland 2000 – 2003 (cliceáil anseo don liosta).
- Béichuil Chonallach.
- Snáthaid Mhór Éigeartha an Tuaiscirt
- Snáthaid Mhór Chlúmhach Éigeartha
- Béichuil Bhiorghorm Ghann
- Béichuil Éigeartha Ghlas
Má tá tú féin nó do ghrúpa ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar cheann de na deontais thíos agus más mian leat straitéisí agus tosaíochtaí suirbhéireachta Snáthaidí Móra agus Béichuileanna a phlé, seol ríomhphost chuig dwall@biodiversityireland.ie nó cuir glaoch ar 086 6051702
Deontais an NPWS do thionscadail bheaga taifeadta (Spriocdháta – 5pm ar an 15 Aibreán 2020)
Cuireann an scéim seo mionsheontais suas le €5,000 ar fáil do thaifeadóirí deonacha gan phá, nó do ghrúpaí, cumainn agus comhlachais taifeadóirí chun costais a bhaineann le taifeadadh a chlúdach, mar shampla:
- Costais obair allamuigh (taisteal agus cothú) – laistigh d'Éirinn de ghnáth
- Ceannach trealaimh shainspeisialaithe obair allamuigh, leabhar agus eochracha
- Costais a bhaineann le ceardlanna agus cúrsaí oiliúna a reáchtáil
- Costais a bhaineann le freastal ar chúrsaí oiliúna sainseirbhíse
- Costais a bhaineann le cuairteanna ar mhúsaeim chun taighde a dhéanamh ar bhailiúcháin
- Foilsiú atlasanna, treoracha allamuigh nó eochracha
- Suíomhanna gréasáin agus bunachair shonraí ar líne
- Gnéithe scoite de thionscadail níos mó
Ní chlúdóidh na deontais sócmhainní ar nós crua-earraí ríomhaireachta, déshúiligh ná ceamaraí; obair bhainistíochta caomhnaithe; aon ghné d'fhostaíocht ghairmiúil; taighde acadúil; ná obair a chlúdaítear le deontais eile .i. aon mhaoiniú dúbailte.
Chun tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil, féach le do thoil suíomh gréasáin an NPWS.
Deontais Praeger sa Stair Nádúrtha (Spriocdháta – 5pm ar an 14 Aibreán 2020)
Is é cuspóir na ndeontas seo ná tacaíocht a thabhairt do chostais a bhaineann le staidéar allamuigh a dhéanamh i réimsí gheolaíocht, fhlóra agus fhána na hÉireann suas le huasmhéid €2,000. Is iad na tionscadail atá incháilithe ná:
- Tograí le haghaidh píosa nua obair allamuigh atá sainmhínithe go soiléir agus a bhfuil cuspóir ar leith agus toradh sainithe aige le déanamh in 2020.
- Féadfar maoiniú a lorg in áit eile le haghaidh gnéithe breise den tionscadal foriomlán.
- Is iad na heispéiris amháin atá iníoctha ná na costais a bhaineann go díreach leis an taighde atá á dhéanamh, suas le
huasmhéid de €2,000
Ní féidir glacadh le hiarratas má tá tuarascáil gan íoc ag an iarratasóir ar dheontas RIA roimhe seo. Ní mheastar gur costais incháilithe iad ceannach míreanna móra trealaimh. Ní féidir deontais a thabhairt mar thacaíocht do chláir mac léinn fochéime nó iarchéime, do thionscadail oideachais dara leibhéal ná d'aon chuid d'obair ghairmiúil na n-iarratasóirí.
Chun tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil, féach le do thoil suíomh gréasáin an RIA.