Tá an-áthas orainn “Garraíodóireacht do Fhéileacáin” a sheoladh ón Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, atá mar chuid de Shraith Féileacán na hÉireann.
Ar an drochuair, léiríonn torthaí ó Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann laghdú buartha fiú i measc speicis féileacán a bhíodh coitianta tráth. Is cúis bhuartha é nach iad na speicis a bhfuil riachtanais shainiúla acu amháin atá ag meath; tá titim ar líon na ndaonraí fiú i measc na speiceas a fhaightear ar fud na hÉireann, rud a thugann le fios gur fadhb fhorleathan í ar fud an oileáin ar fad. Ar an dea-uair, tá gairdíní scaipthe ar fud na tíre, rud a thugann deis d'athrú dearfach suntasach. Má théann gairdíní ar fud na tíre i mbun gnímh chun tacú le féileacáin, féadfaidh sé difríocht dochreidte a dhéanamh chun dul i ngleic leis an meath seo.