Taifeadadh an diúilicín quagga (Dreissena bugensis rostriformis) ó thaiscumar agus abhainn i Surrey, Sasana. Is é seo an chéad taifead den speiceas seo sa Ríocht Aontaithe.
Féach Foláireamh Speicis ar shuíomh gréasáin GB NNSS: http://www.nonnativespecies.org/alerts/index.cfm.
Sa tuarascáil taighde ar shuíomh gréasáin GB NNSS dar teideal ‘Preparing for the quagga mussel (Dreissena rostriformis bugensis) in Great Britain’, tugtar le fios go bhféadfadh na tionchair a bheith níos mó ná tionchair an diúilicín riabhaigh toisc go bhfuil lamháltas gnáthóige níos leithne aige.
Ní fios go fóill an bhfuil an speiceas seo le fáil in Éirinn, ach in 2012 rinneadh measúnú riosca air mar ionróir féideartha ard-tionchair d'Éirinn.
Cuir eolas ar conas an speiceas seo a aithint agus déan aon radharc a bhfuil amhras fútsa air a thuairisciú le grianghraf chuig invasives@biodiversityireland.ie nó chuig Iascach Intíre Éireann.
Íoslódáil Bileog Foláirimh Speicis an GB NNSS ina bhfuil faisnéis aitheantais