Preasráiteas ó Seasearch Ireland eisithe an 17 Bealtaine, 2019
An chéad taifead de Cheilp órga (Laminaria ochroleuca)

Dheimhnigh taighdeoirí ó OÉ Gaillimh agus Ollscoil Alabama ag Birmingham láithreacht na ceilpe órga (Laminaria ochroleuca) in Éirinn den chéad uair, ag baint úsáide as samplaí a bhailigh taifeadóirí eolaíochta saoránaí ó thuras suirbhéireachta Seasearch Ireland agus Porcupine. Le linn suirbhé allamuigh ar Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, thángthas ar phobal beag de L. ochroleuca i gcuas foscúil ar a dtugtar Scots Port ar chósta Bhéal an Mhuirthead a fhéachann siar ó thuaidh, an 10 Meán Fómhair, 2018. D'aithin an Dr. Kathryn Schoenrock ó OÉ Gaillimh an speiceas ar dtús le cúnamh ón ngrúpa Porcupine agus bailíodh samplaí ina dhiaidh sin le haghaidh anailíse géinití ag Ollscoil Alabama ag Birmingham ag an Dr. Stacy A. Krueger-Hadfield.
Is é an choilpeach (Laminaria hyperborea) an príomhspeiceas ceilpe a fhaightear in uiscí na hÉireann agus faightear ar gach cósta d'Éirinn í, cé go bhfaightear ceilp órga go hiondúil in uiscí dheisceart an AE agus go bhfuil a réimse thuaidh teoranta do chósta theas Shasana, na Fraince agus na Spáinne. Fuarthas amach go gcothaíonn ceilp órga níos lú bithéagsúlachta ná an choilpeach agus d'fhéadfadh tionchar a bheith ag imirce an speicis seo go hÉirinn ar bhithéagsúlacht mhuirí cois cósta. Toisc go bhfuil Scots Port suite thart ar 1,040 km ó phobal is gaire de L. ochroleuca sa Ríocht Aontaithe agus thart ar 1,630 km ón bpobal is gaire sa Fhrainc, ní fios cén bealach cruinn a ghlac méadú réimse an speicis seo. Mar sin féin, thabharfadh anailísí géiniteacha le fios go bhfuil an pobal seo níos éagsúla ná pobail na RA, rud a luíonn leis an saibhreas a ndéantar cur síos air do dhaonraí i Leithinis na hIbéire.
Míníonn an Dr Kathryn Schoenrock ó OÉ Gaillimh: “Léiríonn leathnú reatha réimse Laminaria ochroleuca géarghá le leanúint ar aghaidh ag déanamh monatóireachta ar fhoraoisí ceilpe na hÉireann. Tá an t-eolas ar éiceachóras foraoise ceilpe na hÉireann teoranta, lena n-áirítear an t-eolas is bunúsaí, mar shampla dáileadh daonra. Toisc go bhfuil a fhios go gcothaíonn L. ochroleuca i bhfad níos lú bithéagsúlachta ná a speiceas comhghéineach agus an speiceas ceannasach reatha i bhforaoisí ceilpe Boreal, tá gá le staidéir bhreise ag tosú le taifid dáilte a fháil.”
“Is bealach iontach í an eolaíocht shaoránach cosúil le Seasearch Ireland agus Coastwatch chun pobail áitiúla a bhfuil leas díreach acu i sláinte na n-éiceachóras seo a thabhairt isteach. I gcomhar le comhlachtaí taighde reatha ar nós na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus Fhoras na Mara, tá níos mó clár de dhíth orainn ar féidir leo taighde éiceolaíoch fadtéarmach (LTERanna) ar chórais mhuirí éadomhna a chothú thar na blianta fada. Tá súil againn gur spreagadh é an taifead nua speicis seo in Éirinn chun stair nádúrtha éiceachórais mhuirí na hÉireann a thuiscint níos fearr trí mhaoiniú leanúnach don líne bhunúsach thaighde seo.”
Tony O’Callaghan, Comhordaitheoir Náisiúnta Seasearch Ireland: “Is féidir le tionscadail eolaíochta saoránaí ról tábhachtach a bheith acu i monatóireacht a dhéanamh ar éiceachórais mhuirí agus tá tumadóirí áineasa i suíomh uathúil le bheith mar shúile agus mar chluasa d’uiscí mara toisc go mbíonn siad tumtha iontu go rialta. Cé gur uirlisí tábhachtacha iad taighde eolaíoch, agus go háirithe LTERanna, maidir le monatóireacht a dhéanamh ar an timpeallacht mhuirí, is acmhainn tearcúsáidte agus tearcluacháilte í an eolaíocht shaoránach in Éirinn agus go háirithe sa timpeallacht mhuirí. Tá níos mó ná 50,000 taifead de bhreis is míle speiceas bailithe ag taifeadóirí Seasearch agus is é an tacar sonraí seo an taifead leanúnach is fearr a bailíodh ó shin an staidéar mór deireanach a mhaoinigh an stát ar thimpeallacht mhuirí cósta na hÉireann, suirbhé Biomar, sna 90idí.”
Tá an taighde seo glactha le foilsiú san iris Marine Biodiversity Records.
Nótaí:
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Seasearchireland@gmail.com
Seasearch Ireland
Is tionscadal de chuid an Marine Conservation Society é Seasearch do thumadóirí agus do shnoraicléirí, a bhfuil suim acu sa méid a fheiceann siad faoi uisce, ar mian leo níos mó a fhoghlaim agus ar mian leo cabhrú leis an timpeallacht mhuirí timpeall chóstaí na Breataine agus na hÉireann a chosaint. Tionscnamh eolaíochta saoránaí is ea Seasearch Ireland chun tumadóirí agus snoraicléirí a spreagadh chun sonraí faoi speicis a fheictear le linn tumadh mara a dhoiciméadú le cuidiú leis an mbonn eolais ar dháileadh speiceas muirí in uiscí cladaigh na hÉireann a thógáil. Go dtí seo tá níos mó ná 50,000 taifead speicis agus gnáthóige bailithe ag taifeadóirí deonacha in uiscí na hÉireann.
Eagraíocht shaorálach go hiomlán is ea Seasearch Ireland agus oibríonn sí beartas sonraí oscailte, agus gach rud á chur ar fáil don Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus ar fáil saor in aisce ar thairseach mhapála an Ionaid Sonraí, Léarscáileanna Bithéagsúlachta.
Fuair an Dr. Kathryn Schoenrock tacaíocht ó Chomhairle Taighde na hÉireann le linn thréimhse an fhionnachtana. Tacaíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le taighde leanúnach tríd an tionscadal “Kelp Res: the diversity and resilience of Kelp Ecosystems in Ireland” ina bhfuil ról mór ag Seasearch.
“Tá an tionscadal seo maoinithe faoi Chlár Taighde an GCC 2014-2020. Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é Clár Taighde an GCC atá maoinithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.”
GCC
Cé go ndearnadh gach iarracht cruinneas an ábhair san alt seo a chinntiú, ní féidir cruinneas iomlán a ráthú. Ní ghlacann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ná na húdair le haon fhreagracht ar chor ar bith as caillteanas nó damáiste a tharla nó a mhaítear a tharla, go páirteach nó go hiomlán, mar thoradh ar aon duine ag gníomhú nó ag staonadh ó ghníomhú, mar thoradh ar ábhar atá san alt seo.
Clár Taighde an GCC 2014–2020
Tá Clár Taighde reatha an GCC 2014–2020 tógtha thart ar thrí philéar – Inbhuanaitheacht, Aeráid agus Uisce. Is féidir tuilleadh eolais faoi Chlár Taighde an GCC a fháil trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an GCC áit ar féidir leat liostáil leis an Nuachtlitir Thaighde. Cuireann sé seo nuacht agus nuashonruithe ar fáil maidir le glaonna taighde, imeachtaí agus foilseacháin a bhaineann le taighdeoirí agus páirtithe leasmhara eile. Is féidir leat leanúint ar aghaidh freisin le Taighde GCC ar Twitter @EPAResearchNews chun eolas agus forbairtí a fháil faoin gClár Taighde agus a thionscadail.
An Dr. Stacy Krueger-Hadfield
Is ollamh cúnta le bitheolaíocht í Stacy A. Krueger-Hadfield in Ollscoil Alabama ag Birmingham. Is éiceolaí éabhlóideach í agus oibríonn sí ar algaí agus inveirteabraigh d’fhonn níos mó a thuiscint faoi chothabháil na bithéagsúlachta. Beidh a saotharlann ag géinitíopáil samplaí a bailíodh le KelpRes chun nascacht dhaonraí ceilpe in Éirinn a fhiosrú.
Ceilp órga
Faightear ceilp órga (Laminaria ochroleuca) sa Fhrainc, sa Spáinn agus ar chósta theas na RA. Tá gas na ceilpe órga glan ó fhásanna algaí agus spúinsí (eipifítí) i gcomparáid le Laminaria hyperborea agus mar thoradh air sin bíonn bithéagsúlacht i bhfad níos ísle ag seastáin de cheilp órga ná mar atá ag foraoisí ceilpe dúchasacha.