
Lean an Cnagaire Mór Breac lena leathadh drámatúil raoin in Éirinn agus tá sé le fáil i ngach contae anois. Léiríonn taifid a cuireadh faoi bhráid an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta go bhfuil sé an-fhorleathan i gCúige Laighean, go bhfuil cuid mhaith de na contaetha teorann coilínithe aige agus go leanann sé de bheith ag leathnú a raoin siar, cé go bhfuil sé fós sách gann siar ón tSionainn.
Cnagaire Mór Breac le feiceáil ag oifigí an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, Carraig an Óra, Co. Phort Láirge an 9 Márta 2020 ag Oisín Duffy