
Gníomhaíocht thábhachtach is ea taifeadadh agus monatóireacht na bithéagsúlachta a thugann buntáistí sláinte agus taitneamh do go leor daoine. Gineann sé faisnéis eolaíoch luachmhar freisin ar féidir a úsáid chun ár dtimpeallacht a thuiscint agus a bhainistiú níos fearr. Mar sin féin, tá sé thar a bheith tábhachtach na réamhchúraimí riachtanacha a ghlacadh chun nach dtolgfar nó nach scaipfear an Coróinvíreas (COVID-19), agus níor cheart aon rud a dhéanamh a mhéadódh an riosca sin.
Bí ar an eolas faoi chomhairle oifigiúil maidir le COVID-19
Iarraimid ar ár líonra taifeadóirí ar fad seiceáil a dhéanamh ar shuíomh gréasáin FSS le haghaidh comhairle oifigiúil maidir leis an víreas COVID-19: https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/coronavirus.html
Tá leathanach gréasáin speisialta ag Rialtas na hÉireann freisin ar a bhfoilsítear na nuashonruithe agus an treoir is déanaí. Tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith ar an eolas faoin gcomhairle leanúnach seo agus cloí leis an gcomhairle seo: https://www.gov.ie/en/campaigns/c36c85-covid-19-coronavirus/
Tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ag leanúint go dlúth aon chomhairle oifigiúil agus déanfaidh sé a chomhairle féin a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn leanúnach.
Comhairle
Is féidir lenár n-oibrithe deonacha leanúint ar aghaidh ag taifeadadh bithéagsúlachta ar choinníoll gur féidir é a dhéanamh gan an riosca sláinte nó sábháilteachta duit féin nó do dhaoine eile a mhéadú. Moltar bithéagsúlacht a thaifeadadh i do ghairdín nó i ngarchomharsanacht an áit a bhfuil tú i do chónaí, ach le do thoil ná tabhair faoi thurais neamhriachtanacha chun taifeadadh a dhéanamh amach ó do theach.
Ba cheart go gcloífeadh aon ghníomhaíocht taifeadta le scaradh sóisialta dian – i dtéarmaí praiticiúla ciallaíonn sé seo gan a bheith ag taifeadadh ach leat féin amháin agus gan taisteal go sonrach chun taifeadadh a dhéanamh; go háirithe, níor cheart iompar poiblí a úsáid.
Níl an tír faoi dhianghlasáil ach táthar ag súil go ndéanfaidh gach duine na réamhchúraimí uasta is gá chun stop a chur le leathadh an Choróinvíris (COVID-19). Mar sin féin, toisc gur gníomhaíocht aonair é an taifeadadh bitheolaíoch, tugann sé deis fós dul amach i do ghairdín nó i do cheantar áitiúil agus taitneamh a bhaint as an dúlra.
Má tá aon cheist agat maidir leis seo nó má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta trí ríomhphost ag info@biodiversityireland.ie
Críoch.